16 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

le Seán ó Donaile

Slán le Slobadan

Tá Slobodan marbh sa deireadh agus é fós "neamh cionntach"- tá go leor caint faoi conas a fuair sé bás ach d'éalaigh sé ón breitheamh sular bhfuair an domhan seans é a chionntú faoin dúnmharú sna Balkans sna nochoidí.

Ach ar a laghad chruthaigh an trial seo go raibh ar a intinn, agus go leor daoine ag tacú leis, "Greater Serbia" a chur ar bun as cad a bhí fagtha i mBosnia agus Croatia agus é a bheith "glan" de ciníocha eile.

Cé gur raibh trua ag go leor daoine i Serbia dó , taréis féachaint ar na fístéipeanna uafásach agus cloisint faoi na Albainians a mharaíodh , chas an taoide in a aghaidh.

Go dtí go bhfuil an sochrad thart ní bheidh fhios againn faoi cé chomh láidir is atá an meon sin fós i réim i Serbia.

Rugadh é i 1941 agus thóg a bheirt tuismitheoir lámh ina bháis fein, agus is soiléir gur eisean a bhí taobh thiar den ionsaí a rinnne muintir Serbia ar na Muslimigh agus na Croats , nuair a ruaigeadh iad as a dtithe i 1992-93.

Tá droch cháil ar Srebenica nuair a maraíodh ós cionn 8,000 fir agus deagóirí agus bhí ról larnach aige i 1999, nuair a chuireadh beagnach milliún as Kosovo.

Bhain sé a deis amach tar éis bás Tito sna ochtoidí nuair a tharraing sé aird air fein mar cheannaire i gcomhair naisiúnachas na Serbs.

Locht mór ar na Cumannaigh nár go rinne siad iarracht san Eoraip deireadh a chur le aitheantas tíortha difriúl agus a mhalairt de sin, a chruthaigh siad.

Bhí na Bosnians sásta go loer bheith mar chuid de Yugoslavia go dtí gur chuir sé iad faoi chois go mór, agus nuair a rinne siad iarracht neamhspléachas a bhaint amach ag tús na nochoidí, thug sé leithsceal dó tús a chur le glanadh eithneach.

Bhí tacaíocht aige ón Iarthar ar feadh tréimhse agus bhí meas ag Rialtas na Breataine air- " a man who lives in the real world".

Bhí siad ag súil go mór gurb eisean an ceannaire láidir a bhí ag teastáil ag an tír chun iad a threorú i dtreo na hEorpa.

Fiú amháin indiaidh an Conradh Síochána i Dayton i 1995 bhí muintir an Iarthar ag plé leis.

Ni go dtí 1999 nuair a chuir muintir Kosovo faoi chois, gur chas Rialtaisí an Iarthar go mór ina aghaidh.

Le linn an chogadh sin bhaiíodh go leor fiainaise ina aghaidh agus sa deireadh is é an fhianaise sin a chur e i bpríosún i 2,000, cúpla mhí i ndiaidh an reabhlóid i Serbia.

Déantar dearmad go tapaidh ar an té a thug tacaíocht dó agus bíonn sé deacair a shamhlú conas a ligeadh dó an damaiste a dhéanamh nó conas a thug muintir na tíre tacaíocht dó.

Ach athraíonn daoine i gcoimhlint agus tá go leor daoine nach bhfuil in ann coimhlint a laimhseáil nó comhréiteach a eagrú.

Tá go leor eile, cosúil le ré Hitler, a bhfuil faitíos orthu seasamh suas in aghaidh eagóir, ar eagla go mbeidh siad féin an chéad dream eile faoi bhrú...

Agus tá go ler daoine amuigh ansin atá sásta rud ar bith a dhéanamh chun smacht a fháil ar chursaí polaitíochta.

Cosúil le 1969, nuair a ruaigeadh na Caitlicigh as a dtithe i Sráid Bombay casann go loer daoine a ndroim ar eagla go gcuirfidh sé isteach orthu féin.

Agus ar ndóigh tá rialtaisí an Iarthar cleachtaithe le tacú le dleachtóirí ar son a leasa fein- Saddam sna ochtoidí, Idi Amin i Uganda, an Iosrael......

An t-aon ceacht a mhúíneann Stair dúinn in ámanna na nár fhoghlaimítear tada.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland