2 March 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

NÁIRE

Caithim go leor ama ag insint scealtaí le m'iníon faoi stair na hÉireann agus an pairt a bhí ag a muintir i ngluaiseacht na Poblachtanaigh . Tá sí an bhróidiúil as agus bíonn sí i gconaí ag ceistiú faoi dílseoirí , polaiteoirí agus rl.

Bhí me ar mo bhealach go Easons léi ar an Satharn chun a deich euro a chaitheamh ar leabhar nua nuair a chasamar leis an 'lumpenproletariat' ar Shráid Uí Chonaill- bhí beirt deagóir in aice liom ag iarraidh carr seanduine a chur trí thine agus scata mór le geansaí Celtic orthu ag caitheamh bricí ar charranna. Bhí fear le culaith agus carbhat air ag tarraingt crann as an talamh agus a chara ag briseadh na boscaí bruascair- chas m'iníon liom agus d'iarr si orm an Poblachtanaigh iad?!

Is cuimhin liom sna nochaidí bhieth ar an chead siúlóid ó Bóthar na bhFál a fuair cead siúl go Halla na Cathrach (City Hall)- La Idirnáisiúnta na mBan a bhí ann, agus me fein agus Alex Maskey na t-aon fir a bhí ann. An Samhradh ina dhiaidh agus ó shin tagann mórshiúl ó cheantar Náisiúnach go lár na cathrach - thóg se seachtó bhliain do na hAondochtóirí glacadh go raibh cead ag muintir na cathrach an tricolour a bheith ar shraideanna Bhéal Feirste, agus chaineamar iad mar bhigóid.

Agus Bigóid a tháinig amach ar an Satharn ag caitheamh clocha agus ag scriosadh crainn & rl. Muna bhfuil muid sásta ligint do na Dílseoirí mairseáil ar Shraid Uí Chonaill agus an Union Jack a iompar leo táimíd chomh díreach mar an gcéanna leis na bigóid i mBéal Feirste.

Mar is gnáth rinne na méain cumarsáide iarracht an ciréib a cheangail le Sinn Fein- bhi sé soiléir ar an Sathran cé bhi páirteach.

Caitheann 'Republican Sinn Fein' (RSF) níos mó áma ag caitheamh anuas ar Gerry Adams ná aon rud eile, agus ni raibh aon smacht acu ar an agóid ar an Satharn agus lig siad dona 'hoods' seilbh a glacadh ar an agoid.

Gneith eile nár thóg na meain cumarsáide faoi deara ná go bhfuil an teannas agus go leor searbhachas idir déagóirí lár na cathrach agus na Gardaí, de bharr an brú a chuireann na Gardaí ar go leor díobh. Níl scileanna soisialta ach an chuid de na Piléirí agus ní bhíonn meas ag roinnt díobh ar déagóirí ó cheantair lucht oibre. Cothaíonn seo go leor fadhbanna agus ghlac roinnt daoibh leis an deis a ndíoltais a bhaint amach, cé nach raibh ciall leis.

Cheapamar i gconaí nach raibh naísiúntóiri leath chomh seicteach leis na dílseoirí ach bhí an slua i lár na cathrach díreach cosúil leis an dream ar chnoc Drumcreee.

Is soileir gur thug Cumann Peile Celtic aitheantas agus bród do Caitlicigh Ghlaschú agus muintir Tír Chonaill, a bhí faoi chois le fada, ach is comhlacht idirnáisiúnta é anois agus ní bheadh meas agam ar an chuid is mó den lucht tacaíochta atá acu i ndiesceart na tÍre- is leithscéal dóibh cúpla uair sa seachtain mol mhór piontaí a ól agus bailéid a chanadh, agus ni dhearna 99% daoibh faic riamh ar son na hEireann.

Thug na h-amadáin ag an deireadh seachtaine leithscéal do Paisley dul ar aghaidh leis an 'bladar' céanna ar feadh deich mbliain eile - nach bhfuil cothrom na feinne le fail ag Aondochtóirí i Mbaile Atha Cliath agus go bhfuil muintir an Deisceart seicteach.

Rinne Alex Maskey an dul chun cinn agus é mar Ard Mheára na cathrach - cheap mé go dtiocfadh an lá go lauth nuair a bheadh brat na hÉireann lasmuigh de Halla na Cathrach i mBéalFeirste in éineacht leis an Union Jack. Chuir eachtraí an Sathairn sin siar go mór.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland