23 February 2006 Edition

Resize: A A A Print

Sinn Féin Ard Fheis 2006 CULTURE

Aengus Ó Snodaigh

Aengus Ó Snodaigh

Cultúr agus teanga

Ar an rannóg a bhaineann le Cultúr agus Teanga, cuireadh roinnt rún os comhar an Ard Fheis, an chuid is mó acu ag iarraidh ar rialtais na hÉireann agus na Breataine tuilleadh tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.

Bhain cuid acu seo le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó Dheas a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart. D'iarr teachtaí go mba cheart an clúdach chéanna a thabhairt don Ghaeilge agus a thugann acht teanga sa Bhreatain don Breatnais agus do Ghaeilge na hAlban Ghaeilge. D'iarr cuid mhaith de na rúin tábhacht níos mó a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais, ar nós oideachas trí mheán na Gaeilge ar bhonn oll-oileánda agus feabhas a chur ar an gcaoi a dhéantar teagasc ar an nGaeilge.

Chuir Aengus Ó Snodaigh tús leis an díospóireacht ag gabháil comhghairdeachas leis an bhfeachtas Stádas a bhain amach stádas oifigiúil mar theanga oibre san Aontas Eorpach. Mhaígh sé freisin an naimhdeas a ghabhann cuid mhaith de lucht rialaithe na tíre i gcoinne na Gaeilge, ag tabhairt san áireamh Enda Kenny ó Fhine Gael ag maíomh go mba cheart fáil réidh le Gaeilge éigeantach san Ardteist.

Seachas plé ar chúrsaí Gaeilge, d'iarr teachtaí ar tuilleadh infheistíocht a chur isteach in áiseanna spóirt agus san óige. An t-aon rún a ghabh aon chunspóid leis ná rún a ghabh comhghairdeachas le foireann cricéide na hÉireann ar cháilleadh dóibh sa Chraobh Domhanda i 2007. Chun a chur in iúl cé chomh fulangach is atá poblachtánaigh, vótáil na teachtaí 87 go 57 ar son an rúin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland