23 February 2006 Edition
Cúlchaintle le Seán ó Donaile
Deireadh le Idéalachas?!
In ar saol chloíann an chuid Poblachtanaigh le idéalchas agus dearcadh cinnte faoin sochaí a spreagann iad chun obair.
Bhí an chuid Poblachtánaigh i mBaile Atha Cliath sna nochaidí idéalach agus an chuid is mo dínn ar an taobh chle.
Leigheamar 'An Communist manifesto' agus scríneoireacht Connolly agus go leor plé eadrainn faoin sochaí a bheadh againn i ndiaidh an réabhlóid.
Chaith me seal i Militant Socialist, pairtí Joe Higgins, agus mé i mBéal Feirste agus ag iarraidh na Caitlicigh agus Protastúnaigh a tharraingt le cheile ar feachtaisí in aghaidh na comlachtaí mhóra.
D'fhoghlaim mé go tapaidh afách nach raibh ann ach caint. Ní raibh seans ar bith na oibrithe a tharraingt le cheile agus iad faoi thionchar na nDílseoiríach chloígh me go daingean le Connolly agus Marx. Ach i ndiaidh seal a chaitheamh sna Baltics tá sé níos deacra mo idealachas a choionneail.
Rugadh Valentins Silamikelis i Latvia sna fichidí agus é óg fuair sé scéal faoi bhás a bheirt uncail. Bhí 200,000 ó Latvia ag obair sa Rúis sna triochaidí agus fuair Stalin reidh le 60,000 daoibh .
Ghlac siad seilbh ar Latvia i 1940 agus láithreach chuir siad na mílte sna "Gulags", iadsan nach raibh dílis don Chumannachas. Bhí Stalin ag iarraidh deireadh a chur le Latvia mar thír agus bhí faoiseamh ar mhuintir na tíre nuair a fuair Hitler réidh leis na Rúisigh i '41.
Chuidigh muintir na tíre leis na Gearmanigh mar bhí fhios acu go raibh na Cumannaigh i bhfad níos measa.
I gcomparáid le Hitler a mharaigh 10 milliún, mharaigh Stalin 60 milliúin , an chuid is mó daoibh as a thír fein.
Mar a deir ár dtuismitheoiri bhí go leor Éireannaigh ar thaobh na Ghéarmanaigh sa Dara Cogadh Domhanda gaus glan ainneolach (ignorant of) faoi cad a rinne sé ar na hIúdaigh go dtí 1945.
Nuair a fhill na Soviets i 1945 mharaigh siad 30% de dhaonra Latvia agus cuireadh na mílte chuig na Gulags, áit a raibh se chomh fuar, go raibh na príosúnaigh greamaithe leis an talamh nuair a dhúisigh siad ar maidin. Bhí sé coitianta, idir beirt a d'éalaigh, iarracht a dhéanamh an duine eile a mharu agus é a ithe.
Níor mhair an Cumannachas mar bhí sé bunaithe ar fimíneachas, bréigeanna agus muintir na tíre a mahrú agus a choinneáil faoi chois. Ní h-aon ionadh gur chas Latvia , an Lituain agus An Estóin go dtí an taobh dheis.
Ghlac Latvia ballraíocht ar NATO, mar chosaint ón Rúis, ata fós mar bhagairt orthu. Tá siad an bhróidiúil as na saighdiúirí ata acu san Iaraic ag cuidiú leis na Poncánaigh , agus iad ag déanamh an rud céanna ar mhuintir an Iaraic a rinne na Rúisigh orthu.
Nuair a thug me cuairt ar El Salvador i 1993 bhain sé geit asam an bealach inar mharaigh na Poncánaigh agus a gcairde muintir na tíre a bhi ag lorg cothrom na féinne agus baineadh geit asam sa sli céanna nuair a chuala mé scéal Valentins Silamikelis i Riga an seachtain seo chaite.
Ach gan an idéalachas taimíd caillte agus gan muinín agus féin mheas a thabhairt don t-aos óg anseo ni bheadh tada againn.
Caithfidh mé suí agus machnamh ar mo phoilataíocht ach ní gheillfidh mé do bholscaireachtan eite dheis.
Ach eiríonn se níos deacra le taithí.