Top Issue 1-2024

12 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchain: Deireadh le Pailistín - le Seán ó Donaile

Tá dochtúirí san Iosrael ag súil go dtiocfaidh feabhas ar Phríomh Aire na tíre Ariel Sharon ó stróc a bhuail é le deanaí, agus meáin cumarsáide an Iarthar ag rá go bhfuil todhchaí an Mhean Oirthir ag brath air.

In ainneoin an bhladair a thagann ó na Stait Aontaithe agus na rilatais eile ag sodar ina dhiaidh ní dhéanfaidh sé difir ar bith do thodhchaí an Phailistín.

Tá deireadh ag teacht leis an Phailistín agus ní bheidh fágtha ach Bantustan nó dhó I nGaza agus an Bruach Thiar( West Bank).

Tá cúlra 'sceimhlitheoireachta' ag Sharon- bhí sé pairteach le linn na daicheadí nuair a ruaigeadh na mílte pailistínigh as a mbailte agus tá droch cháil air ó 1982 nuair a mharaíodh na mílte páistí agus daoine fásta I mBeirut, nuair a ionsaíodh na campaí I Sabra agus Chatila.

Bhí Sharon taobh thiar de na hionsaithe seo sa slí céanna ina raibh na Sasanaigh sa Tuaisceart nuair a mharaigh na dílseoirí go leor Caitlicigh agus mar a rinne na Poncánaigh I Nicaragua faoi scáth na Contras.

Má osclaíonn tu paipéar ar bith I rith na seachtaine cheapfá go raibh athrú meoin ar

Sharon agus a 'bulldozer's le linn na bliana anuraidh agus go raibh siad ag tabhairt aitheantas (recognition) do stát an Phailistín.

Ach a mhalairt de seo a bhí ag tarlu.

Nuair a thug mé cuairt ar an Phailistín dhá bhliain ó shin bhain sé geit asam na coinníolacha a bhí ag na gnáth Phailistínigh.

Níl sa bhruach Thiar ach Campa geibhinn (Concentration Camp)- ní raibh mé ábalta dul ó bhaile go baile gan dul tríd an chuid pointi seiceála (checkpoints) agus bhí ar mhuintir na háite fanacht cúpla uair a chloig ag cuid de na pointí seo.

Tá an talamh is fearr sa bhruach Thiar gafa ag na hIosraelaigh I gcomhair fás torthaí atá ar diol ar seilfeanna Tesco agus Roches Stores agus na saighdiúirí ag cur bac iomlán ar eacnamaíocht an Phailistín.

Níl cead ag na Pailistínigh taisteal ar na príomhbhóithre agus caitear leo mar ainmhithe.

Níl ann ach Bantustans cosúil leis an Aifric Theas sna hochtoidí agus an ciníochas ceanna ar siúl.

Cheannaigh mé an Jerusalem Post agus é lán le fógraí I gcomhair estáit agus arasáin úr sa Bhruach Thiar I gcomhair na mílte aitritheoiri( settlers) ag lonnú ansin ón Rúis agus tíorthai eile.

Nuair a tharraing Sharon as Gaza ní raibh ann ach dalladh mullóg (pulling the wool over the eyes) - ní raibh ach cúpla míle Iúdaigh ann sa chéad áit- rinne sé é chun íomha maith a tabard dó féin mar fhear an síochána, agus é ag goid talamh o na bPailistínigh ag an ám céanna.

Scaoileadh rún (secret) le deanaí go raibh Sharon réidh le níos mó d'Oirthear Jerusalem a ghoid ó na Pailistínigh agus níos mó ailtriú (settlements) a bhunú sa Bhruach Thiar, agus an ám céanna ag cur ós comhair an domhain a íomha mar fhear siochana.

Mar is eol do Poblachtánaigh tá formhór na meáin faoi ordóg (under the thumb) na mbodaí mora agus ní chloistear an fhírinne ach go h-annamh agus is mor an trua.

Fad is ata Bush agus Sharon ag cur deireadh leis an Phailistín tá siad ag tabhairt leithscéal agus fuinneamh do Bin Laden agus na geallt eile atá ag déanamh ionsaí ar ghnáthdaoine an Iarthar.

Ní haon ionadh go bhfuil roinnt de na hAraibí ag tabhairt tacaíocht do Al Qaeda - is siombail é an Phailistín ar pholataíocht an domhain agus faoin bladar ar fad níl ann ach cur I gcéil.

Tá an cumhacht ag Sharon - tugann na Stáit Aontaithe na billiún d'airm agus cuidiu eacnamaíochta d'Iosrael agus an ám céanna tá an domhan ag déanamh neamh aird do Dhithiu (elimination) na bPailistínigh.

An t-aon bhealach gur feidir an tir seo a shabhail na sampla obrithe Dunes Stores a leanúint nuair a dhiúltaigh siad earraí ón Aifric Theas a laimhseail agus an tionchar a bhí ag gnáth daoine na tíre seo ar East Timor cúpla bhliain ó shin.

Níl an cath thart go fóill ach má léann tú I gceann fiche bliain nach bhfuil fágtha ag na Pailistínigh ach cúpla ghettoes, ná bí ionadh ort.

An Deartháir Mór

Níor chodail mé le seachtain agus sceitimíní orm ag stanadh ar Denis Rodman agus na mná plaisteacha ar 'Celebrity Big Brother'.

Cé t á ag deánamh an bricfeast aar maidin? Cé tá sa leaba ar dtús agus cé déanann brim san oiche?

Cén saghas sochaí ata againn agus muid ag amharc ar leath amadáin ina sui thart?

Caidé faoi Micheal Barry more agus é ag mar simleár- n'fheadar bhfuil sé ag cur isteach ar 'Spin the Wheel ' I ndiaidh seo nó ar bhainistíocht foireann peile Mhuigheo, a áit dúchais.

Dearfainn go dtuigeann muintir Ardmhacha Theas agus muintir Divis meon Big Brother agus na Sasanaigh ag stanadh isteach ina bhfuinneoga lena gcuid ceamairi agus radars.

Níl an clár seo oiriúnach ach don té atá ag iarraidh bheith ina bhall den Bhrainse Speisialta nó In bpileir.

Deirfinn gur bhain George Galloway níos mo craic as Saddam ná as na chaireactéir cártphair seo (cardboard characters).

Nach mbeadh sé suimiúil ceann a eagrú I mBéalFeirste agus na dílseoirí ag diúltiu an chistin a roinnt leis na Poblachtánaigh agus ina gcodladh sa ghairdín in ionad bheith sa seomra céanna le muintir Shinn Féin!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland