Top Issue 1-2024

5 January 2006 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint - Cuairt ón Diabhal: le Seán Ó Donaile

Agus an diabhal Nollaig thart, Buíochas le Dia nach bhfuil ann, Agus mo bholg I ndiaidh méadú go mór ó 460 cannaí Dutch Gold thíos cois canáil agus 27 bhoscaí ó Mister Kipling agus déistean orm ag seasamh ar an scála meá.

Réitigh me ar an Luan, don seacht chéad uair éirí as an diabhal tabac.

Bhain mé trial as cheardlainne, leabhari agus CD Allen Carr agus nuair a theipe ar sin, d'fhreastal me ar na ceardlainne I gcomhair na meatacháin.

Chuir me trí chéad Euro amú ar 'hypnosis'- mhair sé ar feadh cúig la go dtí gur reitigh me nach mbeidh smacht ag dochtúir ar m'intinn agus lion me mo scamhóga le deatach óir na Varlboro Lites.

Is minic a dhéantar dearmad ar dochar an tabaic- tá I bhfad níos mó daoine thíos leis ná bhí riamh le timpistí bóthair nó ón ólachán nó ón diabhal cocaine.

Le linn mo dhá bhliain ar bhóthatr na bhFál , mheas me go rinne na comhlachtaí tabaic níos mo dochair do shláinte muintir Bhéal Feirste na saighdiúirí na Bhreataine.

Maraítear na mílte in Éirinn go bliaintiúil ó athann saghas ailse , galair chroí agus rl ó na "twenty Regals" ; fiú amháin tá Humphrey Bogart agus an 'Marlboro man' marbh leis na toit'.

Tá go leor cosulachtaí idir stair na comhlachtaí tabaic agus an Eaglais ar an oiléan seo- iad ag deanamh damáiste le fada an la ar an t-aos óg; iad go mór leis na bodaí móra ( big shots/big nobs) agus ag cur ina luí orainn go raibh said ag cuidiú linn; na sean mhonarchain tabaic agus na seomraí níocháin 'Magdalen' ag druideadh a ndoirse ag an ám céanna agus PJ Carroll agus na heaspaig fós ag diúltiú freagrachas a ghlacadh ar son a bpeacaí.

Mar phoblachtánaigh is annamh a mholaimíd muintir Fianna Fáil ach caithfear a ra gur ceim mór chun tosaigh a thóg Míchéal Ó Mairtín nuair a chuir se bac ar an tabac dhá bhliain ó shin.

Ta me fós faoi ghruaim gan mo 'Varlboro éatrom' agus ag cur allays go trom gan 'mo dhruga' - ní féidir liom dul I bhfolach níos mó Ó mo mhothúchain nó uaigneas an saol aonarach- n'fheadar ce mhead seachtain a mhairfidh mé an uair seo.

Lucifer san Aerfort

Agus me I mbaile an tSionnain le mo mhuintir fuaireamar cuairt ó 'Flying Column' na Jehovahs , agus d'iarr na h-óglaigh orainn an raibh an diabhal in ar saoil- " ta cinnte!" arsa m'aintín "é san aerfort taobh thair den pháirc , ag iompar stócaigh soinneanta ón Mheiriceá go dtí an Meán Oirther chun stócaigh agus girsigh soinneanta an t-Iaraic a mharú " ar son na saoirse".

Ta muintir an Chlair chomh cleachtaithe leis faoin am seo nach dtugann éinne aon aird ar 160,000 saighdiúirí a tháinig tríd an t-aerfort le bliain anuas.

Ta se trí bhliain anois ó bhunaigh mna an ceantair an campa Síochain agus ta cosc ar Mary Kelly, a d'ionsaigh eitleán le tua (axe).

Bhí se rud beag ait la le Stiofain bheith ag stanadh isteach ar na hógánaigh I nDuty Free agus iad ag rith thart lena dteidí agus a leipreacháin , ag ól Irish Coffeess ar a mbealach chuig Baghdad , agus gan dabht creátúirín bocht acu arias ar an eitléan faoin suíochain, le culaith oráiste air agus clúdach ar a cheann, as radharc na nGaedaí atá ró-ghafa ag coinneail súil ar Mary Kelly; agus muintir na háite ag rith thart 's iad buartha faoi Brown Thomas agus Auld Lang's Aye.

Tá an Nollaig thart Buíochas le Dia.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland