Top Issue 1-2024

8 December 2005 Edition

Resize: A A A Print

Domhandú: Cearta oibrithe, daonna agus acmhainne faoi ionsaí - Dúshlán ag teacht abhaile

BY Cathal O Murchu

Is léir go mbeidh ionsaí mór millteach le feiceáil amach anseo ar chearta oibrithe sa tír seo. Tá an chéad bhabhta á imirt amach cheana féin leis an scéal in Irish Ferries ag treabhadh ar aghaidh agus a lán daoine ag breathnú ar an toradh a thiocfaidh amach ón scéal seo. Tá oibrithe agus fostóirí uile ag féachaint ar cén toradh a thiocfaidh uaidh seo os rud é go dtuigeann siad go léir an tábhacht a bhaineann leis na hiarmhairtí. Tá na hoibrithe ag féachaint ar conas a éireoidh lena gcomráduithe ina sheasamh i gcoinne a bhfostóirí ar mhian leo na hoibrithe Éireannacha a chaitheamh amach as a bpoist agus oibrithe ó Oirthear na hEorpa a chur ag obair ina n-áit ar níos lú ná leath an chostais. Tá na fostóirí ag faire amach freisin an éireoidh le lucht bainistíochta Irish Ferries a mbeart scannalach a chur i bhfeidhm.

Tá an scéal seo mar chuid de scéal mór atá ag tarlú sa domhan forbartha agus fostóirí comhlachta ag iarraidh 'modhanna nua oibre' a chur i bhfeidhm. Ciallaíonn 'modhanna nua oibre' an costas oibre a laghdú chomh íseal agus is féidir. Ach an deacracht a bhaineann leis seo ná go bhfuil coinníollacha oibre seanbhunaithe in a lán réimsí oibre sna tíortha tionsclaíocha in Iarthar na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh. De réir mar a thagann na 'modhanna nua oibre' isteach, beidh níos mó brú ar comhlachtaí agus ar fostóirí glacadh leis seo nó dul faoi san iomaíocht nua.

Fágann sé sin an cheist cé acu is cumhachtaí? Na rialtais dhaonlathacha nó na comhlachtaí corparáideacha? Maíonn an Rialtas sa tír seo nach bhfuil siad in ann beart ar bith a dhéanamh i gcás Irish Ferries. Agus mar a tharla sé mhaígh siad an rud céanna i gcás Cúigear Ros Dumhach a cuireadh go príosún de dheasca iad a chur i gcoinne píopalíne gáis le Shell a tógadh go mídhleathach sa chéad áit. Tá cheist eile anseo ar ndóigh faoi conas a tháinig Shell agus Statoil i seilbh ar acmhainn nádúrtha ar leis an tír mar is ceart. Ní dhearna an Rialtas aon idirghabháil dlithiúil ar bith in éadan Shell i dtaobhn an píopalíne mídhleathach, cé gur chaith an Ardchúirt cúigear shaoránach na tíre seo i ngéibheann ar feadh trí mhí agus is beag a rinne an Rialtas céanna do chearta daonna an Chúigir seo.

Fágann sé seo ceist bhunúsach eile. Cad is fiú rialtas atá in ainm is a bheith daonlathach mura bhfuil siad ian ann acmhainní nádúrtha agus luachmhara a chosaint, mura bhfuil siad in ann cearta daonna a saoránaigh a chosaint agus mura bhfuil siad in ann coinníollacha oibre a gcáiníocóirí a chosaint. I dtír dhaonlathach, tá sé de dhualgas ag rialtas daonlathas a saoránaigh a chosaint. Mura féidir é seo a dhéanamh, is léir gur daonlathas bréagach atá sa chineál daonlathais seo.

Stór Focal

domhandú globalisation

ionsaí mór millteach major assault

iarmhairtí consequences

beart scannalach outrageous plan

modhanna nua oibre new working practices

tíortha tionsclaíocha industrial countries

comhlachtaí corparáideacha corporate companies

idirghabháil dlíthiúil legal intervention

cáiníocóirí taxpayers

daonlathas bréagach flaudulent democracy


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland