8 December 2005 Edition
Fine Gael agus an Gaeilge
Mar thoradh ar an rún a mhol Enda Kenny maidir leis an Gaeilge san Ard Teist, ardaítear sean cheisteanna ceanna a rinne dochar go leor don Ghaeilge .
Cé gur cainteoir dúchais as Ghaoith Dobhair é Dinny McGinley bhí sé ar a dhícheall ag cosaint seasamh a cheannaire le linn agallaimh ar Raidió na Gaeltachta. Dhearbhaigh sé go raibh clann Enda Kenny ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus go bhfuil se baidhiúil leis an Gaeilge . Cuireann seo i gcuimhne dúinn an "Language Feedom Movement" ins sna seascaidí. Bhí an dream sin ag fógairt go hard gur cheart go mbeadh rogha ag daltaí gan Gaeilge a fhoghlaim, ach bhí an dream chéanna ag déanamh cinnte go mbeadh an Ghaeilge ag a gclann féin agus iad ag freastal ar choláistí Samhraidh Gaeilge.
An é atá i gceist acu go mbeidh Gaeilge ag an mean aicme , ag daoine go bhfuil maoin acu chun íoc as choláistí Samhraidh agus ranganna breise d'á gclann?
Ceard faoi chothromaíocht do gach pháiste sa tír , cé acu bocht nó saibhir iad? Nach bhfuil sé de cheart ag gach paiste an Ghaeilge a bheith acu agus nach bhfuil sé de dhualgas ar cheannairí a chinntiú go mbeidh modhanna múinte ceart ins na scoileanna.
Conas is féidir rogha ceart a dhéanamh muna bhfuil eolas ceart acu ar an teanga?