Top Issue 1-2024

17 November 2005 Edition

Resize: A A A Print

Na San Patricios: Gaeil Troda Mhexico

The Saint Patrick's Battalion in the US-Mexican War is still celebrated, over 150 years since many of their number became known as the 'Irish Martyrs'. Today most Mexican cities bear at least one street named in honour of their exploits.

Sa bhliain 1846 chuaigh na mílte imircigh, arbh Ghaeil a bhformhór, isteach in arm na Stáit Aontaithe agus ordaíodh dul le harm an Ghinearáil Zachary Taylor chun ionradh a dhéanamh ar Mhexico le linn chogaidh ar ar thug roint stairithe cogadh na Cinniúna Shoiléir.

Ní raibh na Gaeil sásta go rabhadar ag troid in aghaidh thíre Chaitliceach, agus bhíodar bréan den drochíde a bhí á thabhairt dóibh ag na hoifigigh Angla-Phrotastúnacha. Mar sin thréig na céadta acu arm Taylor agus thaobhaíodar leis na Meicsiceánaigh. Bhíodar faoi threoir an Chaptaein John Riley ó Chontae na Gallimhe agus thugadar Cathlán Naomh Phádraig orthu féin - na San Patricios as Spáinnis.

Ghéill Mexico sa deireadh, agus thug siad uathu leath a gcuid críocha do na Stáit Aontaithe. Tamall roimh dheireadh na coimhlinte, ag Cath Churubsco, gabhadh 83 San Patricios agus cuireadh 72 acu faoi chúirt airm. Daoradh 50 de na fir seo chun a gcrochta, agus lascadh 16 díobh agus dódh an litir D le hiarann ar a leicne mar thréigtheoirí.

Go dtí an lá inniu féin, is tréigtheoirí fós iad ag stairithe na Stáit Aontaithe, ach is laochra iad i súile na Meicsiceánaigh agus tugtar urraim dóibh ar an 12ú lá Meán Fomhair gach bliain ag -comóradh ar leith. Mar a dúirt ginearál Mheicsiceánach thuill na San Patricios - moladh den ard-scoth, mar gur throideadar le fíor-chrogacht.

Tá ainmneacha Éireannacha in áiteanna feiceálacha - má aithníonn tú iad. Tá 'Cathair Uí Bhriain' ann, mar shampla, ar a dtugtar Ciudad Obregon i dtuaisceart stáit Sonora. Ba shaighdiúr agus státaire Mheicsiceánach cháiliúl é Alvaro Obregan (1880-1928) ar a raibh ard-mheas. Is beag bhaile i Mexico san lá atá inniu ann nach bhfuil sráid ann den ainm sin. Rinne 'Obregon' de Ó Briain i Spáinnis, díreach faoi mar a athraíodh Ó Duínn agus Mac Murchú go 'Dunn' agus 'Murphy' i mBéarla Mheiriceá. Is é 'Sainte mait cuzat!' an Ghaeilge Mheicsiceánach ar 'Sláinte maith chugat!'

Tá an-mheas ar an gcine Éireannach i Mexico de bharr Chathláin Naomh Phádraig; fiú sa lá inniu féin insítear an scéal arís agus arís eile do na hÉireannaigh i Mexico faoi na 'Mairtírigh Éireannacha' cháiliúla, a thréig arm na Stáit Aontaithe agus a fuair bás agus iad ag iarraidh Mexico a shábháil ó ionsaí na Stáit Aontaithe ón mbliain 1846-48.

Is é an príomhchúis atá lena stádas mar laochra i Mexico ná a gcuid éachtanna eiseampláireacha ar pháirc an chatha. Níor tháinig meath ar thábhacht na dtréigtheoirí Éireannacha seo i Mexico thar na mblianta. Sa bhliain 1959 thiomnaigh rialtas Mhexico plaic chomórtha do na San Patricios i gCathair Mhexico; luann sé ainmneacha gach ball den chathlán a fuair bás ar pháirc an chatha nó a daoradh chun báis agus iad ag troid ar son Mhexico.

Reachtáladh ceiliúradh mór i 1983, nuair a d‚eisigh rialtas Mhexico bonn ar leith ag comóradh na San Patricios.

BY PROINSIAS MacFHEARGHUSA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland