17 November 2005 Edition
Comhaontú fágtha ar leataobh
An Comhaontú Angla-Éireannach Fiche bliain ar aghaidh
On its 20th anniversary Cathal O Murchú looks back at the Hillsborough Agreement
Tá sé fiche bliain an tseachtain seo ó a síníodh an Comhaontú Angla-Éireannach idir Rialtas na Sé Chontae is Fichead faoi cheannas Garret Fitzgerald agus Rialtas na Breataine faoin cheannas Margaret Thatcher i Mí na Samhna 1985. Pearsantachtaí difriúla agus riaracháin dhifriúla a bhí i gcumhacht ag an am sin cé gur beag athrú atá tagtha ar an struchtúr coilíneach go bunúsach. Iarracht a bhí ann le socrú polaitiúl a dhéanamh idir an Dá Rialtas, na hAontachtóirí agus na Náisiúnuithe bunreachtúla le go bhfágfaidh na Poblachtánaigh ar leataobh.
Tar éis na Stailceanna Ocrais i 1981, thuig an Dá Rialtas go raibh na Poblachtánaigh tagtha ar an bhfód polaitiúil. Tháinig méadú tacaíochta do Shinn Féin sna toghcháin agus bhí an Dá Rialtas an-bhuartha faoin bhforbairt seo. Mar straitéis, thug siad tacaíocht don SDLP le go ndéanfar an fhorbairt seo a scoir. Is uaidh sin a tháinig an International Fund for Ireland chun John Hume agus iarrathóirí eile den SDLP a chur chun cinn thar na Poblachtánaigh, agus go pointe áirithe d'éirigh leo. Níl aon amhras ann ach gur chuir fás agus forbairt polaitíocht na bPoblachtánach an-sceon, ní amháin ar an Dá Rialtas, ach ar na leasuithe bunaithe i gcoitinne, go háirithe an Meán-Aicme Caitliceach.
Mar a tharla sé, cé gur theastaigh ón Dá Rialtas go n-imreoidh na hAontachtóirí an cluiche céanna, ní raibh siad sásta glacadh le haon bhaint a bheith ag an Rialtas ó Dheas, fiú ról comhairleach, in aon chinniúintí sa Tuaisceart. D'eagraigh na hAontachtóirí feachtas mór i gcoinne an Chomhaontaithe lena sluaghairm 'Ulster say NO'. Bhí na hAontachtóirí 'deasa' an UUP cosúil le James Molineux ar aon le Ian Paisley agus Peter Robinson ón DUP chomh maith leis na Paraimíleataigh Aontachtóireacha. Eagraíodh Ulster Resistance mar fhórsa míleata le cur i gcoinne an Chomhaontaithe seo agus fuair siad tacaíocht pholaitiúil ón DUP.
B'inn an comhthéacs polaitiúil a bhí le bheith ann idir an Dá Rialtas as sin amach. Ach bhí athruithe móra polaitiúla le teacht ó a thosaigh na cainteanna idir Gerry Adams, John Hume agus Náisiúnuithe eile ó Fhianna Fáil ar nós Albert Reynolds sna deireadh ochtóidí. Bhí Rialtas na Breataine ag déanamh idirbheartaíocht rúnda leis na Poblachtánaigh in ainneoin an cur i gcéill phoiblí a bhí acu le bheith ag caint le 'sceimhlitheoirí'. Ach mar a dúirt James Molineux, "an eachtra a rinne is mó míshuaimhnis do na hAontachtóirí ná Sos Comhraic Óglaigh na hÉireann."
Tar éis na hidirbheartaíochtaí míonna agus rúnda a bhí ar siúl roimhe sin agus anois Riarachán Clinton isteach sa scéal, bhí réiteach nua le teacht as sin. Ba léir gur comhaontú a bhí le fágadh ar leataobh a bhí sa Chomhaontú Angla-Éireannach. Ní raibh sé de chumas ag Rialtas John Major an Próiseas Síochána a bhogadh ar aghaidh mar sin tháinig deireadh leis an Sos Comhraic ar feadh seal bliain go leith go dtí gur tháinig Rialtas Tony Blair i gcumhacht. Sa chomhthéacs nua seo tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta.
Beidh sé le feiceáil fós an mbeidh an comhaontú seo a chur ar leataobh.
Stór Focal
pearsantachtaí personalities
socrú polaitiúl political settlement
méadú tacaíochta increasing support
an-bhuartha very worried
sluaghairm slogan
idirbheartaíochtaí negotiations
le fágadh ar leataobh to leave aside
Próiseas Síochána Peace Process