Top Issue 1-2024

13 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Laochra Theamhrach

Dealbh Chú Chulainn ag Ard Oifig an Phoist

Dealbh Chú Chulainn ag Ard Oifig an Phoist

LE

PROINSIAS MacFHEARGHUSA

You go to O'Connell Street, and in the large window of the GPO you will see a statue of Cú Chulainn. Many know it as the 1916 heroe's memorial, but few know the story of Cú Chulainn's death.

Cé go n-aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hÉireann sa tír seo agus thar lear séad chomhartha 1916 Chú Chulainn, ní heol dóibh stair na deilbhe. Má théann tú chuig Shráid Uí Chonaill agus Árd Oifig an Phoist, is é an chéad rud ar a leagfaidh tú do shúil ná dealbh Chú Chulainn atá suite san fhuinneog agus a chomórann laochra aiséirí 1916. Seasann Cú Chulainn ansin lena sciath agus lena chlaíomh agus é ceangailte go cloch mhór.

Ach an bhfuil an scéal ar ar bunaíodh an dealbh seo a sheasann ansin i lár phríomh-shráid Bhaile Átha Cliath ar eolas agat? Is mór an trua é nach bhfuil sé de nós ag mórán Éireannaigh an scéal a insint faoi chonas mar a tugadh ceann Chú Chulainn, a lámh troda agus a sciath órga go Teamhair. Dár ndóigh, ní bheadh eolas ach an oiread ag mórán daoine faoi scéal tábhachtach eile a chuireann síos ar chath dheiridh na bhFianna i nGleann Ghabhra faoi scáth Chnoc Teamhrach.

Seo Scéal Cú Chulainn. Bhí eagla mhór ar mhuintir Uladh mar go raibh imní orthu nach dtiocfadh Cú Chulainn ar ais ón gcath ba dhéanaí a bhí le troid aige in aghaidh a naimhde.

D'imigh Cú Chulainn amach ar an mbóthar lena charbad agus a thiománaí agus bhuail sé le tríúr chailleach. Bhíodar ag cócáil madra ar thaobh an bhealaigh agus d'iarr siad air cuid den bhéile a bhlas. Dhiúltaigh sé madra a ithe agus bhí an triúr maslaithe. Bhrúigh cailleach amháin píosa den fheoil in aghaidh a láimhe. Leis sin chaill Cú Chulainn neart a láimhe agus a chosa chlé. In ainneoin seo, lean Cú Chulainn agus a thiománaí orthu lena dhá chapall ag tarraingt a charbaid i dtreo arm a naimhde. Cé go raibh sé i bpéin agus go raibh sé deacair air a charbad féin a chosaint, chas Cú Chulainn i dtreo a naimhde. Buaileadh an tiománaí le ga agus leagadh ar úrlár an charbaid é. Cé go raibh sé ag fulaingt go mór, chas Cú Chualainn ar ais chuig láthair an chatha agus mharaigh sé na céadta dá naimhde.

I ndeireadh na dála maraíodh ceann dá chaiple, agus bhuail ga an capall eile, Macca. Buaileadh Cú Chualainn le ga freisin agus thuig sé go raibh deireadh leis. Ghlaoigh Cú Chualainn amach chuig a naimhde: "Lig dom ól ón sruthán thall ansin. Más féidir liom teacht ar ais, tagaigí chugam ansin."

"Cinnte, ach ná himigh uainn go mbeidh críoch leis an gcath seo", a d'fhreagair siad. D'ól Cú Chualainn roinnt uisce. Ansin tharraing sé é féin chuig charraig mhór a bhí in aice leis. Cheangail sé é féin den charraig mar nár chóir do laoch bás a fháil ach amháin agus é ina sheasamh.

Le solas an laochais fós ar lasadh óna éadan, sheas Cú Chulainn ansin ag fanacht ar a bháis agus ar a naimhde. D'éag sé agus a chapall dílis Macca ansin

Shiúil Lugh, namhaid Chú Chualainn, go corp Chú Chualainn agus ghearr sé a cheann de. Ach thit an claíomh, a bhí fós i lámh Chú Chulainn, anuas agus ghearr sé lámh Lugh de. Bhí an-fhearg ar naimhde Chú Chualainn agus ghearr siad a lámh troda de Chú Chulainn. Thug siad a cheann, an lámh troda, agus a sciath órga go Teamhar, agus deirtear gur ansin atá siad go dtí an lá atá inniu ann.

Sin scéal bháis Chú Chualainn, agus stair an deilbh atá in Árd Oifig an Phoist. Is féidir an chloch, lenar cheangail Cú Chualainn é fhéin, a fheiscint i gContae an Lú. Agus b‚fhéidir gur suim libh cuairt a thabhairt ar Chnoc Theamhrach féin freisin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland