Top Issue 1-2024

13 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

An crios iompair go Campa X-ray

Tá Rialtas an 26 Chontae comhpháirteach go pointe áirithe leis an gcaoi a chaitheann na Meireacánigh lena ngialla polaitiúla sa chaoi go gceadaíonn siad dóibh críoch, areóspás agus áiseanna na tíre seo a úsáid ar mhaithe lena ngialla a iompar. Crios iompair chun na céasta is ea an ghluaiseacht dhaonna seo.

Is scannalach an scéal é go bhfuil tír atá in ainm is a bheith neodrach ag cuidiú agus ag freastal le hollchumhacht mhíleata chun príosúnaithe agus gialla polaitiúla a iompar go hionad ceisteoireachta agus céasta den chineál Campa X-ray na Meireacánach i gCúba. Sin an méid atá ag tarlú maidir leis na Meireacánaigh ag úsáid críoch agus aeróspás na hÉireann, agus Aerfort na Sionainne ach go háirithe, chun freastal ar an gcineál chrios iompair seo.

Tugann Rialtas na Sé Chontae is Fichead cluas bhodhar nó caitheann siad súil dhall ar an méid atá ar siúl ag na Meireacánaigh in ainneoin dóibh a bheith eolach faoin méid atá ag tarlú. Ní amháin go bhfuil cearta daonna a shárú, ach dlí idirnáisiúnta agus dlí an stáit seo a shárú chomh maith.Tá eolas maith ar an bpobal i gcoitinne anois faoin gcéasadh a imríodh ar ghialla na Meireacánach in Abu Ghraib san Iaráic. Maíonn na Meireacánaigh nach raibh ann ach mionlach dá gcuid saighdiúirí a bhí bainteach leis an gcéasadh seo seachas polasaí oifigiúil acu siúd ar a chaitheann siad lena ngialla.

Mar a tharla sé tá cásanna eile tagtha chun solais ar an ndrochíde a d'imir na Breatanaigh agus na Meireacánaigh ar ghialla in áiteanna eile. Ach an cás is drochurchóidí anois maidir le caitheamh ar gialla ná an crios iompair go Campa X-ray in Guantánamo, cuid de chríoch na gCúbánach faoi ghabháil na Meireacánach. Níl aon amhras ann ach go gcaitear go holc leis na gialla anseo, iad gan cosaint dlí nó aitheantas daonna.Tá macallaí sa stair ar an gcineál chos ar bolg seo. Cuimhnigh ar an crios iompair go Auschwitz agus ar an gcaoi a chuidigh an ciúnas, an tsúil dhall agus an chluas bhodhar leis an mídhaonnacht seo. Is mar gheall ar chomhpháirteacht an Rialtais leis na hainghnímh seo a bhfuil Éire mar chuid den crios iompair go Campa X-ray.

In ainneoin an tír seo in ainm is a bheith daonlathach agus déistean ar fhormhór an phobail faoi céard atá ar siúl, leantar ar aghaidh mar is gnáth.

Leagann an méid seo radharc an-dorcha don todhchaí sa chaoi go bhfuil an cine daonna tar éis cualú ón dul chun cinn déanta i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda. Is sa bhliain 1948 a d'fhógair na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine leis an aidhm go dtosódh ré nua maireachtála don chine daonna.

Ach le caipitleachas, cóilíneachas, ciníochas agus impiriúlachas fós in uasal-réim ar fud na cruinne, is léir gur fada an bóthar chuig an ré nua seo.

Stór Focal

ollchumhacht mhíleata ...... military superpower

ionad ceisteoireachta agus céasta ...... interrogation and torture centre

críoch agus aeróspás na hÉireann ...... Irish territory and aerospace

crios iompair ...... conveyor belt

mídhaonnacht ...... inhumanity

comhpháirteacht ...... complicity

ainghnímh ...... atrocities

ré nua ...... a new era

Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine ...... Universal Declaration of Human Rights


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland