Top Issue 1-2024

6 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Poblacht Phlainéad Mhárs!

With the situation not looking great on Planet Earth given environmental degradation and global warming the possibility of building a new society on Mars might become an attractive option!

If you can cope with temperatures between 140°C and 20°C, an atmosphere that would make your head explode, carbon dioxide instead of air and mountains and canyons bigger than anything known in the solar system, Planet Mars could be just for you.

Bhuel, le cúrsaí chomh dona ar an bplainéad seo againne nuair a thugtar isteach san áireamh an scrios atá á dhéanamh ar chrios an ózóin, ar an dochar atá á dhéanamh ar an timpeallacht, teasú domhanda, bearna idir bocht agus saibhir ag fás, smachtú an chaipitleachais dhomhanda gan srian, b'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn tabhairt faoi sochaí nua a bhunú ar an Domhan Rua. Gan amhras beidh an-chuid deacrachtaí i gceist ar dtús sa chaoi gur fada an t-aistear amach chuig an bplainéad seo. Tá sé tuairim is 76 milliúin cileaméadar ar siúl ón domhan seo againne. Meastar go mbíonn an fuacht idir -140°C agus 20°C. Tá aerbhrat an phlainéid idir 6.8 agus 10 milleabar, i gcomparáid le 1000 milleabar (ar meán) ar an domhan seo againne. Pléascaigh do cheann leis an mbrú íseal seo agus carbón dé-ocsaíd seachas aer na cruinne atá ann. Mar sin ná déan dearmad ar do chlogad anála agus do thermals

Ach ní ábhar grinn go hiomlán é seo. Tá comhlucht Mheireacánach darb ainm 4Frontier Corp ag súil go n-osclófaí lonnaíochtaí daonna ar an Domhan Rua laistigh de fiche bliain. Bunaíodh an chomhlucht níos luaithe na bliana seo leis an aidhm chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar fhéidearacht mhaireachtála don chine daonna ar an Domhan Rua. An chéad chéim atá i gceist ag an gcomhlucht seo ná lonnaíocht mhacashamhlach a thógáil ar an domhan seo i gColorado agus cleachtadh a dhéanamh ar thógáil na lonnaíochtaí seo. Tá siad ag lorg infheisteoirí le $25 milliúin a chruinniú chun an tionscnamh seo a chur chun beatha. Nuair a thógfaidh an lonnaíocht seo, díolfar ticéid do thurasóirí spáis chun tuilleadh airgead a chruinniú, os rud é go bhfuil fás ag teacht ar thurasóireacht spáis. Cuimhnigh ar Dennis Tito, an chéad spásaire turasóireachta den chineál seo. Tá Richard Branson ag maíomh go mbeidh eililtí suas go dtí an spás ar fáil faoi dheireadh an deichbhliain seo. Agus cibé chineál amadáin é Uachtarán Bush, tá $12 billiúin curtha ar leataobh chuig taighde ar mhisean daonna go dtí an Domhan Rua.

Tarlóidh sé sa todhchaí gan amhras lá éigin go mbeidh an chine daonna in ann tabhairt faoi thionscnamh den chineál seo agus cóilíneachtaí daonna a bhunú ar an Domhan Rua, go háirithe nuair a áirítear an bua agus an cumas atá ag an gcine daonna. Ach nach mbeadh sé níos fusa an domhan álainn seo againne a chur i gceart chun go mairfidh ár gclann agus ár ngarchlann le ceart sóisialta agus deiseanna cothrom do chách? Cén maitheas a bheadh ann le córas lofa ar an Domhan Rua agus atá againne ar an domhan seo againne?

Stór Focal

Crios an Ózóin ...... Ozone Layer

aerbhrat an phainéid ...... the planets atmosphere

teasú domhanda ...... global warming

clogad anála ...... breathing helmet

lonnaíochtaí daonna ...... human settlements

an Domhan Rua ...... the Red Planet (Mars)

turasóireacht spáis ...... space tourism

deichbhliain ...... decade

todhchaí ...... future

cóilíneachtaí daonna ...... human colonies


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland