Top Issue 1-2024

6 October 2005 Edition

Resize: A A A Print

Comhionannas ar an lámh fada

Comhionannas Pobail: Bóthar fada le sroicheadh fós

Amid wildly inaccurate statements by political and media commentators about the spread of deprivation in the Six Counties, following recent sectarian rioting, very little attention was paid to the real facts and statistics.

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

In ainneoin an méid atá ráite go oifigiúil maidir le protastúnaigh a bheith thíos faoi i gceantacha lucht oibre, agus an géarghá atá ann chun leasú a dhéanamh ar an scéal seo, ní réitíonn na staidrimh leis an tuairim go bhfuil na protastúnaigh thíos faoi sa sochaí i gcoitinne. Le déanaí tar éis na círéibeacha a bhí ar siúl coicís ó shin, dhírigh a lán tráchtairí ó na meáin chumarsáide agus ó na ceannairí polaitiúla ar cheist an bhochtanais i measc protastúnaigh lucht oibreacha. Mar a tharlaíonn go minic, ba bheag aird a tugadh ar na fíricí mar is ceart.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil bochtanas i measc na bprotastúnach lucht oibre nuair a thugtar isteach san áireamh na fadhbanna sóisialta atá ag gabháil leis na ceantracha sin - dímhaoin, drugaí, foréigean, easpa muintearais, coiriúlacht agus faillí déanta orthu ó na húdaráis agus mar sin de. Tá leibhéal gnóthachtála oideachais imithe síos go mór sna ceantracha sin de dheasca cultúr a bhrath nach raibh tábhacht ag gabháil leis an oideachas os rud é go mbeadh post ag fanacht ansin dóibh. Ach sa saol eacnamaíochta nua - an córas domhanda caipitleach le béim ar theicneolaíochtaí úra - ní oireann a leithéid tuairime.

Maidir le anás, faillí oifigiúil, cos ar bolg, easpa deiseanna agus bochtanas mar is fíor faoi, is iad na ceantracha lucht oibre caitliceacha atá thíos faoi den chuid is mó agus réitíonn na staidrimh oifigiúla an méid seo. Sa bhliain 2004, tá caitlicigh ar dhá uair chomh dócha a bheith dífhostaithe ná protastúnaigh. Is beag athrú atá tagtha ar an scéal ó 1990 nuair a bhí caitlicigh1.8 chomh dócha a bheith dífhostaithe. Maidir le páistí as teaghlaigh dífhostaithe, tá 21% den phobal caitliceach agus 11% den phobal protastúnach san earnáil sin. Comhthacaíonn na figiúirí seo leis na staidrimh oifigiúil i dtaqobh dífhostaíochta.

Tá an easpa ionannais seo le feiceáil san earnáil phoiblí..In Oifig Thuaisceart Éireann, níl ach 28% dóibh siúd fostaithe ina gcaitlicigh, ina ainneoin iad a bheith 45% den daonra i gcoitinne. Maidir leis an Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála, is caitlicigh iad 35% dóibh a fhostaítear. Mar an gcéanna atá sé sa Seirbhís Príosúntachta le 8% sna gráid phríosún agus 22% sna gráid ghinearálta. I measc Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, is fíorbheagán caitliceach a fhostaítear (10% nó mar sin), ach baineann sé seo níos mó leis an gcaoi nach nglacann na náisiúnaithe leis na póilíní ó thuaidh.

Ach tá an easpa comhionannais agus an bochtanas sna Sé Chontae le sonrú is fearr sna ceantracha ina bhfuil bochtanas le fáil. Is i gcathracha Bhéal Feirste agus Dhoire a fháightear an bochtanas is measa - an formhór acu i gceantracha náisiúnacha. Sna dúichí rialtais áitiúla, is iad siúd le móramh caitliceach atá ar bharr an liosta maidir le hanás sóisialta. Sna ceantracha pairliminte, tóg Iarthar Bhéal Feirste agus Tuaisceart an Dúin mar shampla, tá 79% de mhuintir Iarthar Bhéal Feirste ag maireachtáil i gceantracha anásaithe agus 2% den mhuintir Thuaisceart an Dúin sa báid.

Seo iad na fíricí mar is ceart agus an scéal mar is fíor. Ach ná brath ar na meáin nó ar fhormhór na bpolaiteoirí chun an méid seo a chur in iúl.

Stór Focal

géarghá ...... urgent need

dímhaoin ...... idleness

faillí ...... neglect

bochtanas ...... poverty

easpa muintearais ...... lack of community

leibhéal gnóthachtála oideachais ...... educational attainment level

Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála ...... Fire and Rescue Service

Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ...... PSNI

Oifig Thuaisceart Éireann ...... NIO

anás sóisialta ...... social neglect


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland