Top Issue 1-2024

22 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Rac réabhlóideach i ndeireadh ré?

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

In its early days Rock and Roll voiced a challenge to puritanical conventions and the establishment. However, this was quickly reigned in by corporate interests and the movement became part of Anglo-American marketing. With some exceptions, 'revolutionary' Rock and Roll in all its various guises and labels is perfectly safe!

Ón am a tháinig rac-cheol ar an saol nuair a sheinn Little Richard an t-amhrán Tutti Frutti i gcathair Nua Orleans beagnach leathchéad bliain ó shin, níl aon amhras ann ach gur tháinig réabhlóid chultúrtha ar an bhfód. Ar dtús, bhain an modh ceoil nua seo le frithchultúr na nAfra-Meiriceánach le ceoltóirí ar nós Fats Domino, Johnny Otis, Chuck Berry, agus ansin le ceoltóirí geala ar nós Elvis Presley, Bill Haley agus Jerry Lee Lewis. Ag an am dúshlán cultúrtha a bhí á fhógairt i gcoinne piúratánachais Angla-Meireacánach an lucht rialaithe. Ní raibh mórán polaitíochta i gceist leis an modh nua seo ar dtús ach is léir nár thaitin sé le lucht cumhachta. Ón tús, bhí i gcónaí coimhlint ann idir na spriocanna réabhlóideacha polaitiúla sóisialta agus smacht tráchtála lucht gnó.

Is sna seascaidí nuair a tháinig ceisteanna móra polaitiúla ar nós Cogadh Vítneáim a thosaigh rac-cheol ag plé le polaitíocht. Tháinig ealaíontóirí ar nós Bob Dylan, Woodie Guthrie, Joan Baez, Country Joe McDonald, agus phléigh siad ceisteanna sóisialta agus domhanda na linne sin. Maítear gurbh é Féile Ceoil Woodstock an buaicphointe den ghluaiseacht fhorásach seo nuair a bhí formhór rac-cheoltóirí i láthair. An fhadhb ba mhó a bhain leis na réabhlóidithe seo ná nach raibh clár éilimh oibrithe amach acu agus is mar gheall ar sin a ndeachaigh siad síos i dtreo na dteipe.

Ní raibh sé i bhfad nuair a tháinig na leasaithe corparáideacha gnó in uasréim arís agus tháinig leithéidí The Osmonds, The Partridge Family, The Cowsills, The Archies, The Carpenters, Olivia Newton-John agus Barry Manilow! Ní raibh mórán réabhlóide le heascrú óna leithéidí siúd. Thuig na leasaithe corparáideacha cé chomh tábhachtach is a bhí sé chun go mbeidh greim acu ar an gcultúr. Úsáideadh an ghné réabhlóideach mar straitéis mhargaíochta chun ceol "sábháilte" a chur chun cinn agus ní raibh sé i bhfad nuair a bhain rac-agus-ról le cultúr i gcoitinne na nAngla-Meireacánach nó cultúr an impiriúlachais.

É sin ráite, tháinig punc-cheol ar an bhfód le teacht na Sex Pistols agus cantóir Éireannach Johnny Lydon ag fógairt réabhóide i gcoinne céadfaí an lucht rialaithe agus ag spochadh astu le hamhráin ar nós Anarchy in the UK agus God Save the Queen. Bhí polaitíocht den chineál chéanna á heascrú ó The Clash agus roinnt bannaí eile den ghluaiseacht sin.

Ach níor mhair an réabhlóid sin ach an oiread. Tháinig a lán gluaiseachtaí eile ar nós An Tonn Nua, Miotal Trom, Grunge, Rapcheol, Teicneo, Teach, Hip-Hap. Bhí polaitíocht réabhlóideach ag cuid acu ach den formhór bhain siad leis an gcultúr a bhí inghlactha don lucht cumhachta. Maidir le rac-cheol anois, is aithrisí iad an formhór acu ar na sean-mháistrí agus 'retro' an buzzfhocal nua anois!

Stór Focal

rac-cheol ...... rock and roll music

réabhlóid chultúrtha ...... cultural revolution

frithchultúr na nAfra-Meireacánach ...... Afro-American counter culture

piuratánachas Angla-Meireacánach ...... Anglo-American puritanism

smacht tráchtála ...... commercial control

buaicphointe ...... epitome

gluaiseacht fhorásach ...... progressive movement

leasaithe corparáideacha ...... corporate interests

straitéis mhargaíochta ...... marketing strategy

punc-cheol ...... punk music

ag spochadh astu ...... making fun of them

buzzfhocal ...... buzzword


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland