Top Issue 1-2024

22 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Réabhlóidí ag siúl Sléibhte Thír Chonaill

Rannpháirtithe ar Shliabh Liag ag tacú le Cúba

Rannpháirtithe ar Shliabh Liag ag tacú le Cúba

LE

CATHAL Ó MURCHÚ

Last Weekend saw the Cuba Support Group in conjunction with the local Sinn Féin cumann organise a 'Camp Havana' weekend in Gleann Cholmcille. The main theme was the unjust imprisonment of the Miami 5. Activities included hill walking hikes along Slieve League, the highest sea cliffs in Europe as well as salsa dancing, trad sessions, debate and discussion.

Le linn an deireadh seachtaine seo caite, reachtáil Grúpa Tacaíochta Chúba - Éire (Cuba Support Group - Ireland) agus cumann áitiúil Shinn Féin sraith imeachtaí i nGleann Cholmcille i nGaeltacht Thír Chonaill. Bhí tuairim is 70 nó 80 a rinne an aistear fhada go dtí an ceantar álainn iarghúlta seo agus a ghlac páirte sna himeachtaí le 'Campa Habhána'. An príomhthéama a bhain leis an deireadh seachtaine ná an éagóir atá imirthe ar chúigear saoránach Cúbánacha i bpríosún sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó Cúigear Miami mar is fearr aithne orthu agus cuireadh scannán faisnéise ar siúl maidir le seo. Bhí roinnt ceol agus craic ann chomh maith ar feadh na dtrí laethanta a reachtáladh Campa Habhána.

Ar an gcéad lá chruinnigh na rannphártithe le chéile chun clárú don Champa agus chun éisteacht le cheol traidisiúnta ó cheoltóirí áitiúla. Ar an dara lá, bhí dhá shiúlóid sléibhe eagraithe - siúlóid fhada (7-8 n-uair) dóibh siúd ar ardchumas agus siúlóid ghearr nach bhfuil ar an gcumas céanna. Shiúl na siúlóirí timpeall Sliabh Liag, an áit ina bhfuil na haillte mara is airde san Eoraip agus radharc den scoth le fáil ann freisin ar Chuan Thír Chonaill. Siúl crua a bhí sa siúlóid fhada gan amhras - tuairim is 20km! Tar éis na siúlóidí, chuinnigh rannpháirtithe an Champa le chéile ag Óstán Ghleann Cholmcille chun féachaint ar an scannán faisnéise faoi Chúigear Miami.

An scéal a bhaineann le Cúigear Miami ná gur cúisíodh agus gur chiontaíodh cúigear ionadaithe de stát Chúba le hiarracht dhúnmharaithe sna Stáit Aontaithe cé go raibh easpa aon fhianaise cheart nó chothrom maidir leis an gcás seo. Gialla polaitiúla na Stát Aontaithe atá iontu i ndáiríre. Chuaigh siad go dtí an tír sin chun cur in iúl don phobal agus do na húdaráis go raibh sceimhlitheoir a phléasc eitleáin ag maireachtáil ansin.

Tar éis an scannáin, bhí plé agus díospóireacht ann faoin bhfeachtas chun an Chúigear a scaoileadh saor. Labhair Gerry McLaughlin ó Roinn Idirnáisiúnta Shinn Féin go héifeachtach maidir le tacaíocht Shinn Féin don fheachtas seo agus faoin gcur chuige réabhlóideach atá ag Sinn Féin ar an gceist idirnáisiúnta sa chaoi go dtacaíonn an páirtí le gluaiseachtaí agus eagraíochtaí forásacha. Chuir bean i measc na n-éisteoirí ceist ar chonas a réitíonn Sinn Féin an cur chuige idirnáisiúnta leis an gcaoi a bhíonn an páirtí céanna ag bualadh agus ag caint le lucht ceannasaíochta Mheiriceá agus thug McLaughlin freagra cumasach ar seo. Mhínigh sé go raibh sé riachtanach bualadh le daoine nár réitigh siad leo in ainneoin an róil fhrithghníomhach a imríonn na Stáit Aontaithe ar stáitse an domhain agus cé go bhfuil sé seo deacair níl aon dul as ann. Díospóireacht shuimiúil a bhí ann.

Tar éis na díospóireachta cuireadh ranganna damhsa salsa - damhsa náisiúnta na gCúbánach - ar siúl do lucht an champa. Nuair a chríochnaigh na ranganna salsa cuireadh ceolchoirm rac-cheoil ar siúl agus ina dhiaidh sin, seisiún traidisiúnta. An eachtra dheireanach a bhí ar siúl an lá dar gcionn ná turas timpeall cheantar Ghleann Cholmcille. Ina dhiaidh sin scaip na rannpháirtithe agus rinneadar a n-aistear abhaile.

Stór Focal

siúlóid sléibhe ...... hillwalking

ardchumas ...... experienced

rannpháirtithe ...... participants

scannán faisnéise ...... documentary film

sceimhlitheoir ...... terrorist

gialla polaitiúla ...... political hostages

Roinn Idirnáisiúnta ...... International Department

cur chuige réabhlóideach ...... revolutionary approach

ról frithghníomhach ...... reactionary role

aistear ...... journey


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland