Top Issue 1-2024

1 September 2005 Edition

Resize: A A A Print

Comhrialtas: An bhfuil aon dul as?

Recently a number of Sinn Féin activists, writing in this paper on the way forward for the party in the 26 Counties, have touched on the thorny question of coalition. Writing in a personal capacity Cathal O Murchú suggests that while it may be a problematic issue, the coalition question is something which republicans will need to engage with in the time ahead one way or the other.

Beidh díospóireacht mhór ar siúl i ngluaiseacht na poblachta amach anseo maidir le Sinn Féin ag dul i gcomhrialtas leis na páirtithe bunaíochta sna Sé Chontae is Fichead. Ní mór do phoblachtánaithe aghaidh a thabhairt ar an gceist seo chomh luath agus is féidir os rud é gur mór an seans go mbeidh ar Shinn Féin cinneadh a dhéanamh faoi. Níl ach níos lú ná dhá bhliain fágtha go dtí go mbeidh olltoghchán ar siúl sna Sé Chontae is Fichead. Mar a sheasann sé anois tá Sinn Féin tiomnaithe gan dul isteach in aon chomhrialtas ach amháin tar éis cinneadh ó chomhdháil teachta speisialta leis an gceist seo a phlé.

Is fiú a chuimhniú nach as an ngnách é comhrialtas sa lá atá inniu ann. Sna Sé Chontae is Fichead, comhrialtais go léir a bhí ann ó 1989. I nbeagnach gach tír san Eoraip, seachas an Bhreatainn, comhrialtais a bhíonn ann i gcónaí. Nuair a bhí an Feidhmeannas Comhchumhachta ag rith sna Sé Chontae ó 2000 go 2002, comhrialtas a bhí ann idir poblachtánaigh, náisiúntóirí agus aontachtóirí, cé gur socrú eisceachtúil a bhí anseo. An cheist a thagann as seo ná: an bhfuil aon dul as dul i gcomhrialtas má tá ar Shinn Féin cumhacht a ghlacadh? Agus má tá, eascraíonn ceist eile: cén chineál chomhrialtais a bheidh ann?

Má fheictear ar chás chomhrialtas na Sé Chontae is Fichead, feictear go bhfuil i bhfad nîos mó cumhachta ná mar is ceart a bheith ag an bPáirtí Daonlathach cé nach bhfuil ach ochtar teachtaí dála acu i gcomparáid le 78 do Fhianna Fáil. Cé nach bhfuil ach líon an-bheag do lucht toghála ag tacú leis an PD - tuairim is 3% - tá an polasaí rialtais á dtiománú acu sa chaoi go bhfuil príobháidiú san earnáil phoiblí, gearradh siar ar sheirbhísí riachtanacha don phobail agus eile faoi lánseol. Tá an rialtas go mór sáite leis an eitic nua-liobarálach. Tá a lán ceachtanna do Shinn Féin leis an méid tionchair a féidir a bheith ag mionpháirtí in aon socrú comhrialtais.

Má tá Sinn Féin le dul isteach i gcomhrialtas - agus ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin trî dhíospóireacht inmheánach a bheith ar siúl sa pháirtí - tá sé ríthábhachtach go bhfuil éilimh deá-bhreithnithe i gcomhar chlár rialtais oibrithe amach ag Sinn Féin roimhré. Ní fiú faic a bheith i gcumhacht ar mhaithe le cumhacht é féin. Caithfidh an chumhacht sin a úsáid chun leas an phobail a chur chun cinn.

Stór Focal

páirtithe bunaíochta ...... establishment parties

comhrialtas ...... coalition government

tiomnaithe ...... committed

comhdháil teachta speisialta ...... special delegate conference

Feidhmeannas Comhchumhachta ...... Power-Sharing Executive


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland