Top Issue 1-2024

5 May 2005 Edition

Resize: A A A Print

Meánscolaíocht Lán-Gaelach

The demand to provide a quality Irish-medium secondary education is a challenge for the present and future generations, writes AN DRAOI RUA

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil éacht nach beag curtha i gcrích ag an eagraíocht Gaelscoileanna thar thréimhse tríocha bliana. I mbliana, is féidir a rá gur eagraíocht fíor-náisiúnta é agus Gaelscoil i ngach aon contae in Éirinn acu. Tuigtear go bhfuil suas le dhá chéad Gaelscoil breacaithe ar fud na tíre agus breis agus tríocha míle dalta ag freastal orthu.

Is é an dúshlán atá roimh an ghluaiseacht ná oideachas dara leibhéal a sholáthar don dream seo. I láthair na huaire, tuigtear nach bhfuil ach cúig nó sé mhíle dalta meánscoile a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Go dtí seo, is cosúil go raibh an claonadh ag neart daoine smaointiú go raibh gaelscolaíocht maith go leor do pháistí sa bhunleibhéal. B'fhéidir nach raibh siad cróga go leor leanstan ar aghaidh nó iad den bharúil nach dtiocfadh leo oideachas ceart dara leibhéal a fháil trí mheán na Gaeilge. Bheadh slíte beatha i mbaol agus scrúdaithe Ardteistiméireachta le déanamh - an dtiocfadh le daltaí oideachas den scoth a fhail trí Gaeilge?

Tá a lán fáthanna nach bhfuil an oiread sin daltaí ag leanstan ar aghaidh lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ach is dócha gurbh é an cúis is mó atá ann ná nach bhfuil na scoileanna ann le freastal orthu.

Feictear anois go bhfuil muinín an phobail ag méadú i meánscolaíocht lán-gaelach. Aithníonn tuismitheoirí agus daltaí araon nach príbhléid atá san oideachas seo ach gur ceart é. Ní amhain sin ach níl na tuismitheoirí ná na daltaí seo sásta le oideachas dara grád ach iad ar thóir ardchaighdeán oideachais.

Tá sé cruthaithe gur féidir oideachas d'ardchaighdeán a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ach aithnítear fosta go bhfuil fadhbanna agus deacrachtaí ann.

Tá roinnt de na meánscoileanna i gceist lonnaithe sa Ghaeltacht agus cuid eile sa Ghalltacht. Uaireanta níl téarmaíocht na leabhar i ngnáthchaint an phobail agus níl sé furasta freastal orthu siúd atá ar bheagán Gaeilge. San am céanna, tá le feiceáil nach bhfuil na téacsleabhair uilig ar fáil le freastal ar gach uile cúrsa agus ar gach uile siollabas.

Caithfidh a rá, áfach, go bhfuil i bhfad níos mó de dhíth na a thuilleadh téacsleabhair ar an mhargadh. Ní chóir go mbeadh múinteoirí ag brath go hiomlán ar an téacsleabhar cibé ar bith óir is é an múinteoir an áis oideachais is fearr in aon seomra ranga.

Tá sé de cheart agus de chóir ag na múinteoirí seo téarmaíocht na gcúrsaí léinn agus treoirlínte a bheith ar fáil do gach uile siollabas. Ní shílfeá go mbeadh sé ró-dheacair nótaí achoimre agus príomhphointí na gcúrsaí a chur ar fáil don lucht teagaisc. Tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeánú ar théarmaíocht déanta agus go mbeadh na treoirlínte ar fáil i bhfoirm soléite.

Sna blianta amach romhainn, creidim go mbeidh fás is forbairt iontach ar mheánscolaíocht trí mheán na Gaeilge. Is dócha go mbeidh múinteoirí na haoise seo ag dul i ngleic leis an teicneolaíocht nua is nach mbeidh siad ag brath an iomarca ar an téacsleabhar ar chor ar bith. Amach anseo, feicfimid dlúthdhioscaí in úsáid níos mó. B'fhéidir go mbeidh suíomhanna idirlíne ag múinteoirí agus deis acu seomra sa cyber-spás a bheith acu le céachtanna agus modhanna teagaisc a phlé. Seans go mbeidh nua-théarmaíocht na haoise le foghlaim sa rang Gaeilge agus go mbeidh caighdeán na teangan ardaithe dá bharr.

I ndeireadh na dála, cruthófar Gaeil den scoth sna glúnta atá le teacht.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ní haon ualach leinn.'

Ní cur amú ama ná airgid an t-oideachas, seasfaidh an léann duit i rith do shaoil is cuma cá háit a rachfá.

Gluais

Eagraíocht organisation

breacaithe jotted

dúshlán challenge

claonadh tendency

ardchaighdeán high standard

téacsleabhair text-books

téarmaíocht terminology

teicneolaíocht technology


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland