Top Issue 1-2024

28 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Fiosrú ar fhiosrúchán - Buamáil Átha Cliath agus Mhuineacháin 1974

BY Cathal O Murchu

Tá coimisiún fiosrúcháin bunaithe ag an Rialtas chun breathnú ar an bhfiosrúchán a ndearna na Gardaí ar bhuamáil Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974. Is é an t-abhcóide Patrick McEntee a bheidh i mbun an choimisiúin seo agus díreofar ar conas a chuaigh cáipéisí fiosrúcháin na nGardaí in easnamh agus ar cén fáth nár leanadh ar aghaidh leis an bhfiosrúchán seo in ainneoin leideanna, fianaise agus fínnéithe a bhí le fáil ach nár fuarthas. Tagann an coimisiún seo tar éis Fhiosrúchán Dála ón mBreitheamh Henry Barron ar an ainghníomh seo.

Ba é buamáil Átha Cliath agus Mhuineacháin i mí bealtaine na bliana 1974 an eachtra aonarach ba thubaistí le linn an Chogaidh ó Thuaidh. Maraíodh 33 duine de dheasca trí bhuama a cuireadh i mBaile Mhuineacháin agus i Lár na Cathrach Bhaile Átha Cliath agus ba iad Óglaigh Uladh (UFV) a ghlac freagracht as ucht an ainghnímh seo. Tá agus bhí a lán amhrais ann go bhféadfadh an cumas a bheith ag Óglaigh Uladh dul i mbun buamaí teicniciúla sofaisiciúla a chur le chéile agus an eagraíocht chun iad a chur in áit. Mar sin tá agus bhí a lán tuairimíochta ann go gcaithfeadh go bhfuair na dílseoirí cúnamh ó fhórsaí eile níos cumhachtaí, níos sofaistiúla agus níos teicniciúla. Tá a fhios againn anois go raibh (agus fós go bhfuil) an-chuid comhoibríocht ar siúl idir na dílseoirí agus Fórsaí Slándála na Breataine. Dá bhrí sin, dá mba rud go ndearnadh ceangal idir an

t-ainghníomh seo agus na Fórsaí Slándála céanna, ba thromchúiseasch ar fad na himpleachtaí polaitiúla do chaidreamh idir an dá rialtas. Ba léir go raibh faitíos an domhain ar lucht rialaithe na Fiche Sé Chontae ar an bhféidearacht seo.

Gan amhras, ardaíonn an t-ainghníomh seo an-chuid ceisteanna maidir leis an gcaidreamh idir lucht bunaithe an tSaorstáit, na hAontachtóirí ó Thuaidh agus lucht rialaithe na Breataine, chomh maith le caidreamh láidir idir Fórsaí Slándála an dá Stáit. Níl aon amhras ann ach go raibh Brainse Speisialta na nGardaí ag comhoibriú le Fórsaí Slándála na Breataine le linn a gcogaidh chomónta i gcoinne na bPoblachtánach. An cheist is mó a ardaítear anseo ná an raibh na Gardaí páirteach leis an bhfírinne a cheilt ionas nach dtiocfaidh a lán ceisteanna neamhchompórdach aniar aduaidh ar lucht rialaithe an tSaorstáit agus an comhoibriú a bhí ar siúl acu leis na Breatanaigh? Cibé an scéal cruinn ar seo ar fad, ba léir don lucht rialaithe ag an am go bhféadfaidh na himpleachtaí polaitiúla a bheith thar a bheith tubaisteach don status quo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland