Top Issue 1-2024

21 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Dúshlán Dhaithí

Daithí Mac Cárthaigh

Daithí Mac Cárthaigh

Daithí Mac Cárthaigh faces great challenges in his role as newly elected President of Conradh na Gaeilge, writes AN DRAOI RUA

Is cinnte go raibh aird na tíre dírithe ar Ard Fheis eile an deireadh seachtaine seo chaite agus baill den Chumann Lúthchleas Gael tagtha le chéile agus plé le déanamh acu ar riail 42. Bhí toghchán Uachtarántachta acu siúd inár toghadh Nickey Brennan agus beidh a chúraimí féin airsean i gceann bliana.

Thosaigh toghchán eile an Luan seo agus súile na cruinne dírithe ar an Róimh agus Pápa nua le toghadh ann.

Ba cheart dúinn cuimhneamh áfach, gur toghadh ceannaire eile inár measc sa chúlra seo ar fad i. Uachtarán Nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Cárthaigh.

D'fhreastail os cionn 120 ionadaí ó chraobhacha éagsúla na tíre ar ócáidí trí lá na hArdfeise i gCorcaigh agus neart oibre déanta ag na baill agus plé ar rúin éagsúla; Cúrsaí Oideachais, An Coimisiúin Teangacha, Stádas na Gaeilge san Eoraip, Pleanáil agus an Ghaeilge sna Gaeltachtaí, Riachtanas Gaeilge an Gharda Síochána agus eile.

Cosúil leis an mhana a bhí ag Fianna Fáil i rith an toghacháin, tá go leor déanta ach go leor le déanamh go fóill. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil cuspóirí suntasacha curtha i gcrích ag Conradh na Gaeilge thar na blianta. Tá staid agus gluaiseacht na Gaeilge i bhfad níos fearr as agus eagraíocht mar seo ann.

Seachas imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a eagrú anois, cén tionchar atá ag an eagraíocht seo ar mhuintir na tíre. Is eagraíocht naisiúnta é Conradh na Gaeilge ach an bhfuil sé ag feidhmniú ar fud na tíre i ndáiríre?

Bhí na céadta ar na sráideanna ag lorg 'Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san Eoraip' agus na mílte ag tacú leis an fheachtas ach is cosúil gur theip ar an eagraíocht an gluaiseacht seo a náscadh le chéile agus a bhrú ar aghaidh.

Le fírinne, tá an oiread sin grúpaí Gaeilge; Gael Linn, Glór na nGael, Comhdhail Naisiúnta na Gaeilge... agus iad uilig ag tarraingt uisce ar a muilte féin, go bhfuil sé deacair don ghnathphobal tuiscint cad ata ar siúl acu uilig.

Feictear go bhfuil easpa fuinnimh i bhformhór na n-eagraíochtaí i láthair na huaire. Tá cuma ar an scéal go bhfuil na brú-ghrúpaí seo ag brath ar dheontais ó Fhoras na Gaeilge an oiread sin nach bhfuil an fonn troda fágtha iontu a thuilleadh. Ní fiú mórán de raic a thógáil ar eagla go gcaillfear an deontas? Níl mórán fágtha sa lá atá inniu ann atá sásta a bheith ag obair ar son na cúise agus é an-deacair do na brú-ghrúpaí seo oibrí deonacha a mhealladh nuair ata oibrithe lán-aimseartha ar fáil acu.

Tá spriocanna leagtha amach ag Daithí Mac Carthaigh agus é mar Uachtarán ar an Chonradh. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht díriú ar thír thrítheangach agus go mbeadh ardchumas ag gach dalta ar fhágail na scoile dóibh i dtrí theanga. Seo mar atá cúrsaí i dtíortha eile san Eoraip agus ní gá go mbeadh an tír seo ag sleamhnú i dtreo 'aonteangachas an Bhéarla'. Mar aon le cúrsaí oideachais, ba mhaith leis an Chárthach reachtaíocht teanga ar aon dul leis an Bhreatnais a thabhairt i bhfeidhm sna sé chontae.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil dúshlán ollmhór roimh Dhaithí Mac Cárthaigh fuinneamh úrnua a instealladh i gConradh na Gaeilge, go mbeidh eagraíocht fíor-náisiúnta ag gníomhnú agus tacaíocht an phobail uile acu. Mar cheannaire, ní brathann eagraíocht ar dhuine amháin ach ar an fhoireann ar fad. Guím gach rath air sa phost seo sna cuspóirí éagsúla ata curtha os a chomhair agus tá súil agam go n-éiríonn leis an fonn troda a chothú agus a spreagadh i nGaeil na cruinne.

Gluais

Dúshlán challenge

toghchán election

cuspóirí objectives

eagraíocht organisation

fuinneamh energy

deontas grant

oibrí deonacha voluntary workers

reachtaíocht legislation

Seanfhocal na Seachtaine

'Molann an obair an fear.'

Anois agus Daithí Mac Cárthaigh tofa, cuirfear breithiúnas ar an mhéad a chuireann sé i gcrích.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland