Top Issue 1-2024

14 April 2005 Edition

Resize: A A A Print

Eoin Pól a Dó: Deireadh le ré an mheánaoisigh - LE CATHAL Ó MURCHÚ

Ní féidir a shéanadh gur fíorcheannaire a bhí i Karol Wojtyla - an pápa ar feadh 27 bliain a thug Eoin Pól a Dó air féin - is é sin ceannaire a d'eascraigh ón eite is coimeádaí don eaglais chaitliceach. Nuair a toghadh é i 1978, is fíorbheagán a cheap roimhe sin go raibh sé le bheith an 263ú comharba ar Naomh Peadar. Ó deireadh na gCaogadaí ar aghaidh go dtí pápacht Eoin Pól a Dó, bhí coimhlint ollmhór ar siúl sa Vatacáin idir lucht coimeádaigh na heaglaise agus lucht leasaithe a theastaigh uathu an eaglais a tharraingt isteach san fhichiú aois.

Rugadh é gar go Cathair Krakow na Polainne, lár-ionad eaglasta na tíre sin, an chathair chéanna ina mbeadh sé mar ard-easpaig ann ó 1963 go 1978. Bhí a athair ina oifigeach in airm na Polainne agus bhí Karol é féin bainteach leo ar feadh seal beag mar a fheictear sa pictiúr ar chlé, sula ndeachaidh sé i mbun na sagartóireachta. Oirníodh é tar éis an Dara Chogadh Domhanda. Cé gur chuir sé i gcoinne na Naitsithe (Nazis) le linn a ngabháil ar a thír dhúchais (ar shlí shíochánta), cuimhnítear air níos mó ar a fhreasúracht i gcoinne na gCumannach, iad siúd a ruaig na Naitsigh nuair a rinne na Sóivéidigh scrios ar na Faisístigh i ndeireadh thiar thall i 1945.

Nuair a chuimhnítear ar chúlra Karol Wojtyla, ní haon ionadh é seo. Tír fhíor-Chaitliceach is ea an Pholainn ina raibh na Rúisigh agus a gcreideamh Órtadocsach mar dheargnámhaid acu go stairiúil. Nuair a thiontaigh na Rúisigh i dtreo an chumannachais, ní fhéadfaidh aon námhaid a bheith níos deirge ná cumannaigh na Rúise dar le lucht Caitliceach na Polainne, iad siúd ar ceann de na Caitlicigh is coimeádaí a bhí ann.

Mar sin as a d'eascraigh Wojtyla agus na coimhlintí géara a bhí ar siúl sa Vatacáin idir na leasaithe agus na coimeádaithe sna seascadaí. Bhí na leasaithe in uasal réim le linn pápacht Eoin XXIII agus reachtálaíodh ceann de na comhdháileanna is tábhachtaí san eaglais ar a dtugtar an Dara Chomhairle Vatacánach (1962-65) ina tháinig an-chuid leasuithe isteach. Níor thug na coimeádaigh maithiúnas riamh d'Eoin XXIII mar gheall air seo. Lean cuid de na leasaithe ar aghaidh le linn pápachtaí Pól VI agus Eoin Pól I, ach tháinig na coimeáduithe in uasal réim arís nuair a tháinig Eoin Pól II i 1978. Le linn a phápachta fhada, tá greim chomh daingean sin faighte ag na coimeádaigh ar an eaglais sa chaoi go bhfuil 114 de na 117 cairdinéal (atá in ann vótáil) ceaptha ag Eoin Pól II.

Le linn na fiche bliana atá caite, tá an-chuid géarchéimeanna tar éis teacht aniar aduaidh ar an Eaglais Chaitliceach agus iad is cúis leo den chuid is mó. B'fhéidir an scanall is measa ná an tslí a rinne an Eaglais i gcoitinne agus an Vatacáin ach go háirithe gach iarracht na cléiricigh a bhí i mbun ionsaithe gnéis ar pháistí agus ar daoine leochaileacha a chosaint agus an scéal seo a chlúdú ón saol mór. Tá an scanall áirithe chomh mór agus chomh forleathan sin go bhfuil sé deacair áireamh ceart a dhéanamh air, ach go bhfuil dochar doleasaithe déanta. Ní amháin gur tháinig an scanall (nó na scanaill éagsúla) i dtír in Éirinn, ach a tharla i ngach cairn den domhain ina bhfuil an Eaglais chéanna. Is mór go raibh an Pápa é féin agus lucht riaraithe na Vatacáine tarraingte isteach sa scéal seo agus an tslí ina láimhseáilaíodh an cheist seo chomh ainnis sin agus an tslí ina ndearadh gach iarracht an fhírinne a cheilt. Níor éirigh leo, áfach, ach an scéal a bheith níos measa fós.

Ach fág an scéal uafásach seo ar leataobh, más féidir. Is é Eoin Pól II a cheap Jóse Escriva - sagart olc faisísteach de chuid Franco a bhunaigh gluaiseacht ollchoimeádach ina dtugtar Opus Dei uirthi - ina naomh. Ní mheallfaidh a leithéid na sluaite atá caillte sa Spáinn ar ais chuig an Eaglais. Níl glacadh fós le cothromaíocht na mban san Eaglais, cé gur bhrath an Eaglais go géar orthu i gcónaí. Níor bhac Eoin Pól II dul i gcomhairle leis an Eaglais i gcoitinne ar aon de na ceisteanna móra eaglasta nó na ceisteanna móra polaitiúla sa saol mór, ach amháin a fhocal deireanach údarásach a chuir ar gach ceann dóibh. B'inn an meon meánaoiseach a bhí ann le dul i ngleic le fadhbanna den chineál sin, ach ní a thuilleadh atá an saol inniu. Tá an saol mór athraithe go mór ó na meánaoiseanna agus mura féidir leis an Eaglais glacadh leis seo, ní amháin go mbeidh deireadh leis na meánaoiseanna ach beidh deireadh leo siúd atá sáite ann, an Eaglais ach go háirithe.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland