Top Issue 1-2024

10 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Frongoch: 'Ollscoil na Réabhlóide'

The story of Frongoch, the 'university of revolution', where over 1,800 Irish Volunteers were imprisoned after 1916, is now brought to stage in a tri-lingual production, writes AN DRAOI RUA

"Nuair a léigh mé faoi Frongoch, bhí díoma orm go raibh dearmad déanta ag aos óg an lae inniu ar chroílár ghluaiseacht na hathbheochana." Caoimhín Ó Conghaile, aisteoir.

Cuireadh breis agus míle ocht gcéad ball d'Óglaigh na hÉireann sa champa géibhinn i bhFrongoch i dTuaisceart na Breataine Bige i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Creidtear gur roghnaíodh an áit seo toisc go raibh campa géibhinn lonnaithe ann cheana féin le haghaidh na nGéarmánach agus go raibh sé suite cóngarach go leor don chósta. Tuigtear, áfach, gur ceantar naisiúnach de chuid na Breataine Bige a bhí ann fosta.

Bhí sé i gceist ag na Sasanaigh ag an am Óglaigh na hÉireann a chur faoi chois iomlán i bhFrongoch. Theip orthu, ar ndóigh. Cé gur grúpa lagmhisneach iad na hÓghlaigh i ndiaidh imeachtaí na Cásca 1916, bhí deis tugtha anois dóibh teacht le chéile, eagar agus struchtúr míleata a chur orthu féin, oiliúint agus ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh Chogadh na Saoirse.

Ní mór an t-ionadh é gur tugadh 'ollscoil na réabhlóide' ar Frongoch, áit a raibh mar ionspioráid ag na cimí. Ba anseo a leagadh amach pleananna i gcomhair Chogadh na Saoirse agus a tháinig cinnirí na n-Óglach chun tosaigh, Micheál Ó Coileáin ina measc.

Cé gur tharla eachtraí Frongoch beagnach 90 bliain ó shin, deir Ifor ap Glyn, scríobhaí an dráma, go bhfuil na téamaí beo beathaíoch linn go fóill: "Ta muid inar gcónaí faoi scáth fhada an impiriúlachas... Chomh maith leis an mhórscéal, insíonn Frongoch fá dhaoine choitiannta agus mar a láimhseálann siad gluaiseachtaí móra na staire."

Is togra ilchultúrtha agus iltheangach 'Frongoch'. Comhfhiontar idir Llwyfan Gogledd Cymru/North Wales Stage agus an Project Arts Centre, Baile Átha Cliath atá sa dráma seo. Tá aisteoirí páirteach ann ón Bhreatain Bheag, ó Shasana agus ó Éirinn. I measc na n-aisteoirí, tá Richard Elfyn, buaiteoir BAFTA, Michael Atkinson de shliocht na hÉireann agus Caoimhín Ó Conghaile.

Baintear úsáid as físeáin agus cur i lathair beo i mBéarla, i mBreatnais agus i nGaeilge. Ba é Micheál Ó Conghaile a scríobh na sliochtanna i nGaeilge. Tuigtear go bhfuil aistriúchán comhuaineach tríd síos. Ceantar Breatnaise a bhí i bhFrongach le linn an tréimhse seo agus bhí tionchar nach beag ag sin ar na hÉireannaigh i ngéibhinn. Chonaic siad go dtiocfadh leo feidhmniú ina dteanga dúchais féin. Dá bhrí sin, is tábhachtach an rud é go bhfuil an dráma sa trí theanga.

Déantar iniúchadh ar eachtraí a spreag dhá náisiún. Feictear 'instealladh speisialta' na Breataine Bige i stair na hÉireann ag tús an 20ú haois. Feictear náisiúnachas Breatnach i lár na coimhlinte idir an t-impiriúlachas Sasanach agus an náisiúnachas Éireannach. Deir, Ian Rowlands, stiúrthóir an dráma: "Bhí an-chuid míthuiscintí ann le fada idir Éire agus an Bhreatain Bheag agus is é ár ndóchas sa togra seo go gcothóidh muid roinnt tuisceana."

Is gnathdhaoine iad mórcharachtair an drama agus é dírithe ar dhochtúirí atá ag obair sa champa. Is mór an brú ata ar na dochtúirí toisc go gcreideann siad go bhfuil siad ag obair faoi choinníollacha a théann i gcoinne 'Hippocratic Oath' s'acusan.

Tá an dráma 'Frongoch' díreach i ndiaidh turas náisiúnta a dhéanamh ar an Bhreatain Bheag. Beidh an dráma in Éirinn sna áiteanna seo a leanas:

• 9-11 Márta - Ionad Ealaíne Garter Lane, Port Láirge

• 15-16 Márta - Amharclann na Cathrach, Gaillimh 091 569777

• 18-19 Márta - Cultúrlann, Béal Feirste 028 90 964180

• 21-26 Márta - Project Arts Centre, Baile Átha Cliath

Gluais

ollscoil university

cóngarach close to

oiliúint training

ullmhúchán preparation

ionspioráid inspiration

ilchultúrtha multi-cultural

iltheangach multi-lingual

comhfhiontar joint enterprise

instealladh injection

coinníollacha conditions

Seanfhocal na Seachtaine

'An trí rud is dainséaraí amuigh;

éadan tairbh,

deireadh staile

agus gáire an tSasanaigh.'

Tuigimid cé chomh contúirteach atá Sasanach ag gáire ach ní i gcónaí a mbíonn cúis gáire aige.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland