Top Issue 1-2024

3 March 2005 Edition

Resize: A A A Print

Nach Breá an Spórt é!

It does us all good to celebrate our victories, even if it is in the 'foreign' sport of rugby, writes AN DRAOI RUA

Anois, caithfidh mé a admháil nach bhfuil suim dá laghad agam i rugbaí mar spórt. Níor imir mé riamh é. Ní raibh liathróid 'rugbaí' i mo lámha in am ar bith. Níor freastral mé ar chluiche ach oiread. Ní mór an t-ionadh é mar sin nach dtuigim na rialacha i gceart. Le fírinne, níor bhreathnaigh mé ar chluiche rugbaí ar an teilifís fiú go dtí an Domhnach seo chaite agus Éire ag imirt in aghaidh ár 'sean-namhaid' Sasana.

Sular dtéim ar aghaidh le buaicphointí an cluiche áirithe seo a phlé, mothaím go bhfuil sé de dhualgas orm mo chúlra féin a shoiléiriú:

Nuair a tógadh mise i mBéal Feirste roinnt blianta ó shin, ba mhór an scoilt idir dhaoine a bhí i gcúrsaí spóirt. Tá go fóill, ar ndóigh. Níl athrú ar bith ar an scéal sin. Go rialta, feicimid an trioblóid a bhíonn tógtha idir lucht leanúna sacair Dhoire, Linfield, Cliftonville go háitiúil agus ansin idir Cheiltigh agus Ruagairí Ghaschú in Éirinn agus in Alban.

Agus mé ar scoil, níorbh é go raibh cosc oifigiúil ar an chluiche 'gallda' rugbaí. Tharla, áfach nach raibh na háiseanna curtha ar fáil le rugbaí a imirt. Ní dóigh liom go bhfaca éinne againn liathróid rugbaí ar scoil. Bhuel, ní raibh ach méid áirithe ama curtha ar fáil don chorp oideachais ar aon nós. Leoga, dúradh i gcónaí linn go raibh an staidéar i bhfad níos tábhachtaí. San am céanna, ba mhaith liom a léiriú go raibh an-suim agam i gcúrsaí spóirt agus mé óg. Ba ghnáth liom liathróid láimhe a imirt gach maidin, d'imir mé cispheil is sacar agus bhí mé ar fhoireann peile na scoile chomh maith.

Ar eagla, go bhfuil léitheoirí den bharúil go raibh íomhá seicteach a chothú ag mo scoilse maidir le cúrsaí spóirt, b'fhéidir gur cheart dom a léiriú nach raibh an iomáint le feiceáil againn ar scoil ach oiread. Níl amhras ar bith ann ach go raibh suim ag cuid againn san iomáint ach creidim gur roghnaigh múinteoirí na scoile gan a leithéid a chothú. Seans gur pléadh cúrsaí spóirt ag chruinniú foirne nó gur glacadh le riail neamhscríofa - ach sin mar a bhí. Ag breathnu siar anois, creidim nach raibh an iomáint spreagtha ionainn ar an ábhar go raibh an scoil suite i gceantar measctha, go mbíodh scoláirí ag pilleadh abhaile ibhfuil againn don sacar go fóill.

Ar ais chuig an cluiche Dé Domhnaigh seo chaite, ní dóigh liom gur rud ciníoch a rá gur iontach an rud é an bua a fháil ar Shasana. Bhuel, cuimhnítear gurbh iad na Sasanaigh a chum an cluiche agus gurbh iadsan curaithe na cruinne. Maise, mothaím gur éirigh le Brian Ó Drisceoil agus a fhoireann cor in aghaidh an chaim a thabhairt do na Sasanaigh i bPáirc Lansdún. Ní amhain sin ach tá meon an chailín aimsire tugtha do mhuintir na hÉireann leis na blianta gur chóir dúinn gach buaicphointe a cheiliúradh. Ní dhearnaimid dearmad ar chúl Ray Houghton go fóill. Is mór an cúis bróid dúinn nuair a éiríonn le foireann Éireannach ar bith bua a fháil ar Shasana. Tugann sé misneach dúinn mar phobal agus cothaíonn sé féin-mhuinín ionainn nuair atá muid in íl ann ach spórt a deirtear, ach nach breá an rud é bua a fháil.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland