Top Issue 1-2024

27 January 2005 Edition

Resize: A A A Print

Brian Merriman (c. 1749-1805)

The poet Brian Merriman, nest known for his comic masterpiece, Cúirt an Mheán Oíche (The Midnight Court), died 200 years ago but is remembered in a winter school this weekend, writes AN DRAOI RUA.

Tá sé beagnach dhá chéad bhliain ó d'éag Brian Merriman ach ó tharla go bhfuil scoil geimhridh ar siúl ag deireadh na seachtaine seo i mBun Raite 28-30 Eanáir, shíl mé go mbeadh sé tráthúil go leor comóradh a dhéanamh ar an fhile chlúiteach seo anois.

Creidtear gur rugadh Brian Merriman in Inis Díomáin, Co. an Chláir timpeall na bliana 1749. Saor cloiche siúlach a bhí ina athair a chaith a chuid ama ag taisteal sa cheantar. Bhog an teaghlach go Fiacail ar ball. Bhí Brian ag obair mar mhúinteoir agus scoil scairte aige ar dtús in aice le faiche an aonaigh i gCill Cláráin. Bhí sé ina fheirmeoir tionsclach fosta agus feirm beag aige in aice le Loch Gréine. Phós sé Kathleen Collins c. 1787 agus bhí beirt iníon acu, Mary agus Catherine. Níos déanaí, bhí Brian ag obair mar mhúinteoir mhatamaitice i gcathair Luimnigh áit ar cailleadh é go tobann 27 Iúil 1805. Tá sé curtha i bhFiacail, Co. an Chláir.

Le fírinne, is beag trácht atá ar an fhile féin sa bhéaloideas ná ar rud ar bith eile a bhí déanta aige ach ar an tsaothar iomráiteach úd 'Cúirt an Mhéan Oíche'. Deirtear gur chum sé an 'Chúirt' i 1780 ach níl mórán ráite fá rud ar bith eile atá scríofa aige. De bharr na cúirte amháin, tá ainm Brian Merriman i gcuimhne na ndaoine go fóill.

Tá 1,026 líne sa dán 'Cúirt an Mhéan Oíche'. Téann an file amuigh ag siúl san oíche cois abhann agus nuair a éiríonn sé tuirseach, titeann an codladh air. I mbrionglóid, tagann Aoibheall, bean ollmhór gránna, chuige agus insíonn sí dó gur giúistís chúirt an tslua sí í.

Cuirtear in iúl don fhile go gcaithfidh sé dul léi go dtí crúinniú den chúirt le hábhar iontach tábhachtach a phlé. Cuireann cailín óg locht ar fhir óga na hÉireann toisc nach bhfuil siad sásta pósadh go hóg. Faoin am a thagann fonn pósta orthu, bíonn siad ró-aosta le ainnir óg a shásamh i gceart. Creideann an spéirbhean óg nach bhfuil suim ag na fir ach i spré agus i maoin. Tugtar deis ansin do sheanfhear cás na bhfear a léiriú ach is cur amú ama é os comhair na cúirte seo. Tugann Aoibheall a breith i gcoinne na bhfear agus í ag tabhairt cead do na mná a rogha pionóis a chur orthu. Ag an phointe seo, tugtar an file faoi deara i gcúl na cúirte agus tá siad díreach chun pionóis uafásacha a chur air nuair a dhúisíonn sé.

Is dócha gurbh é 'Cúirt an Mhéan Oíche' an dán grinn is mó le rá dár cumadh riamh, mar a dúirt Seán Ó Tuama ina thaobh. Deirtear go minic gur thug Brian Merriman an réalachas agus smaointe úra isteach i bhfilíocht na Gaeilge. Cinnte, bheadh Merriman faoi thionchar na smaointe úra ón Eoraip ag an am agus ar an eolas faoi thuairimí réabhlóideacha Voltaire agus Rousseau. San am céanna, bhí cuid mhór de na smaointe úra agus an réalachas ar fáil i mbéaloideas an phobail fosta.

Seo a leanas cúpla líne agus Aoibheall ag tabhairt breithiúnais ar chás na bhfear óg is na sagart nach bhfuil ag pósadh. Toghann na mná an file Brian Merriman féin le sciúirseáil a dhéanamh air:

"Achtaimid mar dhlí do bhéithe

an seacht fá thrí gan cuibhreach céile

tharraingt ar cheann go teann gan trua

's a cheangal don chrann so i dteannta an tuama.

Bainigí lom de a chabhail 's a chóta

is feannaigí a dhrom 's a chom le corda!

An chuid acu tharla báite i mblianta

is a cheileann go táir an táirne tiarpa,

chuireas amú gan súchas d'éinne

buile na hútha agus lúth a ngéaga,

mheilleas a gcáil, is fáil ar mhnaoi acu,

ag feitheamh gan fáth ar bharr na craoibhe -

fágaim fúibhse tionscal páise

a mhná na dúla dubhabh le dálgas!"

• Má tá suim ag éinne i scoil geimhridh Merriman is féidir a thuilleadh eolais a fháil ag www.merriman.ie nó ag 086 3820671.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán.'

Is dócha nach raibh cara ar bith ag Merriman i measc na mban sa chúirt.

Gluais

saor cloiche stone mason

scoil scairte hedge school

giúistis judge

ainnir young woman

réalachas realism

breithiúnas judgement

sciúirseáil scourging


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland