Top Issue 1-2024

6 January 2005 Edition

Resize: A A A Print

Beith na hAthbhliana

The birch tree is now in season, to be honoured by the Celts. Following the winter soltice, this special tree has a number of suitable qualities for this time of year, writes AN DRAOI RUA.

Mar Cheiltigh, bíonn muid rud beag trína chéile maidir le tús na hAthbhliana. Mar is eol dúinn, tosaíonn an bhliain úr dúinn 1 Samhain ach sa lá atá inniu ann bíonn neart againn ag cloí leis an fheilire comhaimseartha.

Ar ndóigh, creidtear go bhfuil an pointe is ísle den bhliain sroichte againn le grianstad an geimhridh 21 Nollaig. Dá bhrí sin, ón lá sin amach, táimid ag dúil le teacht an earraigh, laethanta ag éírí níos faide agus beatha úr ar an bhealach.

Is ins sa tréimhse seo a thugann muid ómós don bheith. Tuigtear go bhfuil tréithe ar leith ag an chrann uasal seo. Is comhartha glaineachta, an ghrá, an bheatha úr is an óige í. Faraor, cuireadh 'Finnbhean na Coille' ar an bheith fadó.

Tá coirt geal airgid ar an bheith, rud a thugann dóchas i laethanta dorcha an gheimhridh agus dóchas ann go bhfuil athbheochán an bheatha ag teacht agus cumhacht na gréine ag treisiú.

Mar a tharlaíonn sé, ba ghnách cliabháin a dhéanamh as an bheith. Ní amháin gur chuidigh tréithe an bheithe le fás linbh ach bhí cosaint inti fosta. Fiú muna raibh an cliabhán déanta as bheith, bhí cosaint ar leith i slat beithe a fhágáil taobh leis an leanbh sa cliabhán.

Tá nósanna éagsúla bainte leis an bheith le linn Fhéile Bhríde go háirithe. Ní amháin go mbíodh craobhóga beithe crochta sa teach ach cuireadh iad in airde sna sciobóil is áit ar bith ina raibh ainmhíthe feirme.

Tá bua an ghrá sa bheith fosta. Ba mhinic a mbíodh leaba déanta as barrtha beithe ag Diarmuid is Gráinne. Mar aon leis sin, ba ghnách le stócaigh bláthfheascanna beithe a bhronnadh ar chailíní mar comhartha ar bhuantacht a ngrá. Cinnte, bhí a leithéid i bhfad níos saoire ná fáinne diamaint.

Ba mhinic go mbíodh an bheith in úsáid mar chrann Bhealtaine fosta nó go mbíodh an crann Bhealtaine maisithe le craobhóga beithe. Ach ag an am seo den bhliain, moltar craobhóg beithe a úsáid leis an ruaig a chur ar spioraid damanta agus an teorann thart ar an teach a bhualadh leis.

Rinneadh scuabanna tí as beithe agus daoine den bharúil go raibh an teach sábháilte ón salachar agus ón olc leis. Ar ndóigh, ní amháin gur chuir an bheith an ruaig ar spioraid an oilc ach baineadh úsáid as an bheith le daoine dalba a bhualadh freisin. Cuimhnítear go raibh a leithéid de nós i bhfeidhm ar oileán Mhanann go dtí le déanaí.

Tá scéal ón bhéaloideas a chuireann síos ar iarrachtaí an dhiabhail fear ar leith a thabhairt go hifreann leis. D'éirigh leis an fhear greim docht a choinneáil ar bheith i rith na hoíche go dtí gur imigh an diabhal nuair a ghlaoigh an coileach an maidin dár gcionn.

Mar comhartha na hathbheochána, cuimhnítear go mbíodh craobhóga beithe curtha ar chorpán marbh le linn faire. Fadó, ba ghnách lenár sinsir hátaí speisialta a dhéanamh do na taoisigh sular cuireadh faoin fhód iad.

Gluais

athbhliain new year

tréithe characteristics

coirt bark

craobhóga twigs

bláthfheasc wreath

buantacht constancy

Seanfhocal na Seachtaine

'Maireann an crann ar an fhál ach ní mhaireann an lámh a chur.'

Creidim go mór sa tseanfhocal seo agus nach iontach an rud é gur ghnách lenár sinsir crainn a chur ar uaigheanna na marbh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland