Top Issue 1-2024

16 December 2004 Edition

Resize: A A A Print

Giúis - Crann Nollag

Thinking of a Christmas tree, the native Scots Pine was seen as a tree to be honoured by our Celtic ancestors long before the introduction of the Sitka Spruce, writes AN DRAOI RUA

Ós rud é gur crann síorghlas an ghiúis agus go bhfuil lasracha fíor-geal ón adhmad agus í ag dó, is comhartha na athnuachána is an bheatha síoraí an crann céanna.

Níorbh iad na Críostaithe a chéad smaoinigh ar mhaisiúcháin a chur ar chrainn. Rinneadh a leithéid leis na cianta le Bealtaine a cheiliúradh agus ag an tráth seo den bhliain chomh maith. Ar ndóigh, ba é an fáth a raibh siad ag ceiliúradh i lár an gheimhridh ná go raibh grianstad an gheimhridh bainte amach acu.

Cuireadh béim ar leith ar bhua an tsolais le linn ghrianstad an gheimhridh i gcónaí. Dá bhrí sin, ní mór an t-ionadh é gur roghnaigh ár sinsir ómós a thabhairt don ghiúis i dtaca an ama seo. Bhíodh tínte móra giúise lasta agus giotaí giúise in úsáid mar lóchrainn nó mar choinnle ar mhaithe leis na laethanta fada a mhealladh ar ais arís.

Ní amháin go raibh bua an tsolais i lasracha ó thine giúise ach creideadh go dtiocfadh leo ruaig a chur ar an olcas. Ba ghnách le daoine giúis a dhó thar an thréimhse seo go háirithe sa dóigh is go dtiocfadh leo ruaig a chur ar chailligh is a dtithe a choinneáil slán sábháilte. Bhí a leithéid de chleas in úsáid ag na laochra fadó fiú. Tharla go raibh Fionn Mac Cumhaill is na Fianna cráite ag trí mhuca dhamanta ar feadh tamaill. Faoi dheireadh, d'éirigh leo greim a fháil orthu agus dhóigh siad iad i dtine giúise sa dóigh is nach mbeadh a spioraid ábalta pilleadh riamh. Cinnte, ba ghnách leis na Fianna a bheith amuigh ag seilg i gcoillte giúise go minic fosta.

Deirtear fosta go bhfuil bua na torthúlachta sna buaircíní giúise. Ní amháin sin ach creidtear go bhfuil bua an tsíorghrá ag an chrann síorghlas seo. Faraor, tá leagan áirithe den scéal tragóideach ar Dheirdre agus Naoise ina dtagraíonn sé dona uaigheanna a bhí ag an lanúin agus iad curtha taobh le taobh lena chéile. D'fhás crann giúise ar gach uaigh agus i ndiaidh tamaill bhí na craobhacha casta timpeall ar a chéile.

Dála an scéil, tá leasainm ag an chrann seo in Alban ná 'Cláirseach na gCraobh'. Is dócha go dtagraíonn sé don dóigh a fhuaimníonn an ghaoth agus í ag séideadh trí na géaga.

Bhí an oiread sin measa ag ár sinsir do na crainn giúise nach gcuireann sé iontas orainn go leanann cuid de na traidisiúin isteach i gcultúr na gCríostaíochta. Tá tuairisc suimiúil ann do Naomh Martin de Tours agus é ag mealladh muintir bhaile áirithe i dtreo na Críostaíochta. Cé gur éirigh leis san éacht seo, níor tugadh cead dó dochar ar bith a dhéanamh don chrann giúise ar a thug siad ómós sa bhaile.

Dar leis an bhéaloideas, ba é Martin Luther a chéad mhaisigh crann Sitka Spruce mar cheiliúradh Críostúil ( b'fhéidir nár mhaith le Caitlicigh a leithéid a admháil). Deirtear, áfach, go raibh an chéad tuairisc ar chrann Nollag mar chomhartha Críostúil go stairiúil i Strasbourg i 1605.

Ba é Albert a thug an nós ar ais leis go Sasana mar bhronntanas Nollag dá bhanríon Victoria timpeall na bliana 1841. 'Ná bris nós is ná cheap nós' a deir an seanfhocal agus de réir a chéile scaipeadh an nós go tapaidh agus caithfidh a rá go mbíonn crann Nollag, fíor nó bréagach, le feiceáil i ngach aon teach, baile beag is mór ar fud domhain an iarthair. Tá sé mar thraidisiúin ag muintir na Ioruaidh crann Nollag a bhronnadh ar Londain gach bliain ó 1947 mar chomhartha buíochais as an chuidiú a fuair siad i rith an dara Chogadh Domhanda.

Mar thoradh ar an éileamh seo ar fad tá tírdhreach thíortha iarthair na hEorpa millte ag coillte 'sitka spruce'. Ní crann dúchasach in Éirinn í ach is cinnte gurbh iad na coillte seo ar na cinn is coitianta sa tír.

Anois, cé mhéid duine againn a chuimhníonn ar Bhanríon an Ghorta Mhóir agus muid ag breathnú ar chrann Nollag?

Gluais

síorghlas evergreen

athnuachán renewal

maisiúcháin decorations

grianstad soltice

lasracha flames

buaircíní giúise pine cones

síorghrá eternal love

leasainm nickname

éileamh demand

frídíní germs

Seanfhocal na Seachtaine

'Déanann Nollaig grianmhar reilig ramhar.'

Is dócha go n-oireann an seanfhocal seo d'aimsear na bliana seo óir is cosúil go bhfuil neart daoine tinn inár measc ceart go leor. Gan amhras, cuidíonn an sioc le frídíní a mharú.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland