Top Issue 1-2024

5 January 2012

Resize: A A A Print

Dáithí Ó hÓgáin

Átha Cliath

LE P Ó SNODAIG

‘LAOCH AR LÁR’ - ró-mhinic ráite ach i gcás Dháithí Ui hÓgáin do b’fhíor é. Is trua linn mar a bhuail a bhás a theaghlach féin, a ghaolta, a chairde.
Cé gur theagmhaigh ailse leis tá breis agus trí bhliain ó shin bhi sé chomh láidir, chomh dearfach, chomh leanúnach sin go deire gur ar éigin gur ghlac muid go raibh sé i ndáiríre ag saothrú leis sub ombra mortis.
Bhíos ag labhairt leis ar an fón an Aoine a tógadh isteach san ospidéal é (áit as a thóg an bás é ar an Domhnach). Bhí sé fós ag obair ar an ríomhaire leis an aon lámh a bhí ag feidhmiú ag an am; agus luaigh sé an tionscnamh ar a raibh sé ag obair - na rann-scéalta - agus é i gceist aige staidéar comparáideach a dhéanamh a léireoidh feabhas an traidisiúin Éireannaigh sa chomhthéacas domhanda.
Ba file agus gearrscéalaí é freisin agus is dócha gur ar an taobh cruthaitheach san de a chuir faobhar leis an scoláireacht agus an chuimsitheacht san a léirigh sé sna foilseacháin móra is beaga faoin mBéaloideas tríd na blianta. Níor shíl sé gur rud ‘thart’, rud teibí, ábhar acadúil amháin a bhí sa mBéaloideas ach léiriú ar an dóigh a lean, is a leanann, litríocht agus scéalaíocht ár sean tríd na céadta, céadta blain.
Bhí an leithne taighde agus eolais taobh thiar de dá raibh le rádh aige sgus liosta le háireamh na húdaráis a cheadaíidh sé; rud a leirigh an ciclipéid ‘Myth, Legend and Romance’ a foilsíodh i 1990. Tá an leabhar liosta le gach iontráil ann ina chúrsa ollscoile ann féin ach ina leiriú ar an obair a chuir sé féin istigh ann.
Poblachtánach neamh-leithscéalach ba ea é agus is é an tuairim ghinearálta ná fuair sé a chothrom go hacadúil dá bharr sin. Ní hamháin go raibh sé ar Ard Chomhairle Shinn Féin sna 70í, agus go scríobhadh sé ar ‘Leas’ fad a lean sin, ach sheas sé le cearta na ndaltaí poblachtánacha eagrú mar chumann. Chosaid sé iad san ‘Sunday Press’ i 1975. Labhair sé ag a gcuid cruinnithe aon uair a iarradh air agus bhí sé lách, fial (le ham is eile) flaithiúil leo i gcónaí.
Tá ‘Clár Saothair’ dá chuid curtha le chéile le bheith san fheilscríbhinn dó a fhoilseófar go luath: tá fiche éigin leathanach cló san liosta sin.
Ach ní ar an liosta san a luíonn a thábhacht mar Ollamh, b’fheidir, nó, in abairt ó iardhalta leis, “athchruthú ár sibhialtachta” a bhí ar bun aige. Níor bheag san mar theist ar oide, iontach, uasal.

Dáithí Ó hÓgáin (1949-2011), world-renowned expert on Irish folklore, writer, teacher and Irish republican, was laid to rest in Shanganagh Cemetery, Shankill, Dublin, on 14 December. Among those attending were Sinn Féin TD Aengus Ó Snodaigh, Lucilita Bhreatnach and Councillors John Brady (Wicklow) and Mícheál Mac Donncha (Dublin).
In a tribute to Dáithí, Gerry Adams said:
“Ba mhaith linn ár gcomhbhrón a dhéanamh le bean céile Daithí Ó hÓgain Caitríona agus clann mhic Aisling, Orla, Niamh, Rúán agus Sadhbh agus a ghar pháistí Lilí agus Cillian agus dá deartháireacha agus deirfiúracha.
“Daithí was dedicated to bringing the joys of our heritage to the people in both English and Irish through his writings. He was an Irish-language enthusiast who spent his whole life working through our native tongue. Daithí was also an Irish republican who served on the Ard Chomhairle of Sinn Féin in the 1970s. His passing is a loss to his family to our country and to the people of Ireland.”

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland