Top Issue 1-2024

9 December 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cad a dhéanfaimid feasta gan ola?

"American government's forecast for future oil supplies are a dangerous over-estimate."

Sadad al Husseini, Saudi oil expert

Is cuimhin liom agus mé óg nár thuig mé riamh cad chuige a raibh daoine ag ceannach uisce i mbuidéil. Cinnte, ní raibh an gá céanna leis an uair úd is atá anois óir ní féidir linn brath ar chaighdeán an uisce a thagann chuig tithe i bpíobaí. Ar ndóigh, ní raibheamar ró-bhuartha fá chaighdeán an uisce agus muid ag siúl ann agus búicéidí faoinár n-ascaill againn.

I láthair na huaire, tá plé ag gabháil ar aghaidh fán mhéid atá fágtha i dtobar eile; tobar an ola. Bhí díospóireacht poiblí in Ollscoil na Tríonóide inar phléadh an cheist seo le déanaí. Ní díospóireacht a bhí ann ar chóir ar bith óir d'aontaigh na cainteoirí ar fad go raibh buaicphointe ag teacht ina mbeidh ganntanas ola ann. Anois, ní ghá d'éinne freastal ar choláiste tríú leibheal leis an mhéid sin a thuiscint.

Le fírinne, níl ann ach ceist ama. Tá tuairim ag beagnach gach saineolaí, iad den bharúil go sroichfidh muid an phointe seo idir 2006 agus 2030.

Is cinnte, áfach, go bhfuil claonadh ag na comhlachtaí móra ola an fhadhb a chur ar an mhéar fhada. Ní amháin sin, ach ardaítear ceist i gcónaí fán sheasamh pholaitiúil atá ag saineolaí a deir nach mbeidh ganntanas ola ann go dtí 2030 ar a laghad. Is ionann sin is a rá nach mbaineann an géarchéim leis an ghlún seo, go bhfuil mise maith go leor Seáic, go bhfuil ár bhfadhbanna féin sa lá inniú is gur féidir leis an chéad ghlún eile a ndeacrachtaí féin a réitiú.

I ndáiríre, tá sé dochreidte an dóigh a bhfuil muid uilig ag brath ar an ola i ndomhain an iarthair. Fiú, má thógtar 'arán' mar shampla. Tá gach uile céim ó chuirtear an síol sa talamh go dtí go dtógtar builín abhaile ag brath ar ola ar dhóigh éigin; tarrachóirí, innill, leasaithe, taisteal, cócaireacht, clúdach plaisteach fiú... Is cosúil go bhfuilimid róshiúráilte fán phróiseas seo ar fad, glactar leis go dtarlaíonn sé díreach mar a glacaimid leis go bhfuil aer glan againn. Ach, an bhfuil an t-aer glan? Is beag duine a chreideann go bhfuil.

Ní amháin go bhfuil géarchéim i nganntanas ola i ndán dúinn ach tuigimid go bhfuil tionchar tubaisteach ar thimpeallacht na cruinne romhainn fosta. Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil an chuid is mó de cheannairí an domhain sásta leanstan ar aghaidh beag beann ar impléachtaí móra atá os ár gcomhair. An é go bhfuil siad uilig faoin ordóg ag comhlachtaí ola?

Níor mhaith leis na comhlachtaí ola a bheith ag smaointiú go mbeidh roghanna eile forbartha i ngan fhios dóibh. Tá sé ráite go minic go bhfuil forbairtí fuinnimh áirithe curtha faoi smacht acu toisc nach réitíonn sé le brabús lucht an rachmais.

Cé nach bhfuil an domhan mhór ag tabhairt mórán airde ar Chonradh Kyoto ná ag iarraidh machnamh ar bith a dhéanamh fán ghéarchéim ola atá romhainn, tá céimeanna beaga ceannródaíochta glactha ag saineolaithe sa tSualainn. Tá dréacht chonraidh idirnáisiúnta curtha le chéile acu. I gcuideanna eile den domhain, tá iarrachtaí móra roghanna éagsúla a fhorbairt go héifeachtach mar muilinn gaoithe, fuinnimh na gréine is ó na tonnta farraige.

Tá contúirt mhór go mbeidh rialtais na cruinne sásta brath ar cumhacht núicleach agus sin a fhorbairt do na glúnta atá le teacht inár ndiaidh. Má ligtear don fhorbairt sin, seans nach mbeidh mórán glún eile le teacht inár ndiaidh agus is cinnte go dtiocfadh linn a rá nach mbeidh ár leithéidí arís ann!

AN DRAOI RUA

Gluais

caighdeán quality

díospóireacht debate

buaicphointe peak point

claonadh tendency

géarchéim crisis

leasaithe fertilisers

impléachtaí implications

saineolaithe experts

forbairt development

Seanfhocal na Seachtaine

'Cuir gach rud ar an mhéar fhada is beidh an mhéar fhada ró-ghearr ar ball.'

Níl amhras ar bith nach bhfuil ceannairí na cruinne ag ullmhú don ghéarchéim ola romhainn is go mbeidh deacrachtaí móra romhainn dá bharr.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland