2 December 2004 Edition

Resize: A A A Print

Poist caillte ag Lá tar éis feachtais Lady Hermon

D'fhógair an nuachtán laethúil Gaeilge Lá inniu go gcuirfear beirt oibrí chun bóthair agus go ngearrfar siar go dtí ceithre lá sa tseachtain mar thoradh ar fheachtas Aontachtaithe in aghaidh an pháipéir.

"D'éirigh le Lord Laird agus Lady Hermon ina n-iarrachtaí le bac a chur ar airgeadú Lá on Eoraip agus ón fhoras tras-teorainn Foras na Gaeilge," arsa Eagarthóir Lá Ciaraán Ó Pronntaigh. "Choinnigh an Andersonstown News Lá ar a bhonnaí tríd £150,000 a infheistiú sa togra ó Aibreán '03 i leith. Ach agus bac ar airgeadú an pháipéir ó INTERREG agus ó Fhoras na Gaeilge ar mholadh na nAontachtaithe, caithfear poist a ghearradh. Cé go bhfuil oifig s'againne i nGaeltacht Thír Chonaill oscailte ó mhí Mheithimh na bliana seo, níor íocadh pingin den deontas a gealladh dúinn faoin ár gconradh. Tá moill fosta ar iarratas Lá chuig Foras na Gaeilge.

"Tá na hAontachtaithe ag brú ar stát-séirbhísigh ó thuaidh atá toilteneach bac a chur ar Lá. Tá sé de cheart ag náisiúntóirí ceist a chur cad é uilig atá athraithe ó lár na n-ochtóidí nuair a bhí Aontachtaithe agus Rialtas na Breataine ábalta cosc polaitiúil a chur ar ghrúpaí Gaeilge ó Thuaidh."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland