Top Issue 1-2024

14 October 2004 Edition

Resize: A A A Print

Atheagar gan Éifeacht

The reshuffle of Bertie Ahern's team in Leinster house has been nothing more than a public relations and propaganda exercise, writes AN DRAOI RUA

Tá rialtas nua againn anois i dTeach Laighin le breis agus coicís ach is beag difear atá ann i ndáiríre. Le fírinne, ba chosúil nach raibh mórán de scéalta nuachta le plé ag na meáin ó mhí an Mheithimh go lár Mheán Fhómhair ach atheagar an rialtais. Leoga, deirtear nár chaitheadh an oiread sin ama ag caint ar atheagar rialtais i stair na tíre riamh.

I ndiaidh gur theip go mór ar rialtas Fhianna Fáil sna toghacháin áitiúla is Eorpacha, gealladh dúinn go mbeadh athrú treo i dtaobh pholasaithe an rialtais is go dtosódh siad ag éisteacht le muintir na hÉireann. Ní raibh ann ach cur i gcéill, ar ndóigh. Ní chreidim go raibh sé i gceist ag an rialtas seo éisteacht le tuairimí an phobail in am ar bith. Is dócha nach raibh ann ach ráiteas deas ag an am.

Bíonn dá leagan ar scéal is trí leagan déag ar amhrán, dar leis an tseanfhocal. Ar an drochuair, níl ins sa rialtas nua seo ach an scéal céanna nó an amhrán céanna. Níl ann ach caibideal eile sa scéal nó véarsa eile san amhrán. Ní bheidh athrú suntasach le mothú sa scéal ná ní bhéidh athrú poirt san amhrán.

Caithfidh a admháil, áfach, go raibh orainn éisteacht leis an bhréag céanna seachtain i ndiaidh seachtaine. Leanadh leis an bholscaireacht ar feadh i bhfad agus chaith iriseoirí a lán ama ag smaointiú fá bharúlacha éagsúla a nochtú don phobail; cé a bhí ar tí postanna a chailleadh agus cé a bhí ag teacht isteach ina n-áit. Ní raibh sna barúlacha seo ach tuairimíocht is caint ar ráflaí. I ndiaidh an phlé ar fad, ní shílim gur thit duine ar bith i laige le hiontas an scéil.

Tá trí chloigeann nua le feiceáil anois sa rialtas nua seo i dTeach Laighin agus bogadh na daoine eile thart ar an tábla. Níl sé ar intinn ag an dream seo cuspóirí ná aidhmeanna úrnua a chur i gcrích roimh an chéad toghachán ginearálta eile.

Is é an rud atá i gceist acu ná cruth eile a chur orthu féin is dallamullóg a chur ar mhuintir na tíre agus iad ag siúl go mór go dtig leo a bheidh istigh arís ar feadh tréimhse eile i gceann roinnt blianta.

Níl amhras ar bith ann ach go raibh drochchlú ar Charlie McCreevy mar aire airgeadais. Tugadh ardú céime dó agus post breá i rialtas na hEorpa anois aige.

Ar an drochuair, is cosúil go bhfuil an cur i gcéill is an bolscaireacht ar fad ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na tíre seo. Dar le pobalbhreith a rinne an Irish Times le déanaí, creideann dhá thrian de phobal na tíre gur maith an rud é go bhfuil Mary Harney anois mar aire sláinte. Lena chois sin, tá beagnach 30% de dhaonra na tíre den tuairim go gcuidóidh sé go mór leis an rialtas a chuid spriocanna a chur i gcrích. Ní amháin sin ach tá 22% de thacadóirí Shinn Féin fiú den bharúil gur athraithe éifeachtacha atá déanta ag Bertie Ahern. B'fhéidir nach céatadán ró-ard é seo ach is céatadán ard go leor é le tionchar a bheith ar an phobal i gcoitinne.

Bhí tuairimí greannmhara nochtaithe ag Aenghus Ó Snodaigh T.D. agus é ag tagairt do Mhichael McDowell a chuidíonn go mór le feachtas stocaireachta Shinn Féin. Arís, ní dhearna sé dearmad cé chomh contúirteach is atá an fear céanna.

Cuimhníonn muid gur iomaí rud a dúradh agus a gealladh le linn an fheachtas toghacháin ginearálta deireannach. Cinnte, tá neart gealltanais briste ó shin. Níl trácht ar bith ar na gealltanais seo le ceapadh an rialtais nua. Cinnte, tá dearmad ar fad déanta ag na meáin ar na cúrsaí seo ach tá súil agam nach ndéanfaidh an muintir na sé chontae is fiche dearmad orthu choíche.

Gluais

atheagar reshuffle

ráiteas statement

suntasach distinctive

bolscaireacht propaganda

tuairimíocht speculation

ráflaí rumours

céatadán percentage

gealltanais promises

Seanfhocal na Seachtaine

'An scuab nua is fearr a scuabann an teach!'

Ar an drochuair, beidh an salachar céanna le feiceáil i dTeach Laighin ar feadh tréimhse eile. Ar ndóigh, beidh an cacamas céanna le cloisteáil is an boladh lofa céanna uathu le mothú fosta.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland