Top Issue 1-2024

30 September 2004 Edition

Resize: A A A Print

Dearcadh Drabhlásach

Young people drinking at Slane

Young people drinking at Slane

There's a bit of debate going an about how the demon drink has become part of our culture. Is this the case or is it really the exploitation of the drink industry? asks AN DRAOI RUA.

Is beag ócáid i saol an duine in Éirinn nach mbíonn ólachán i láthair. Nuair a saolaítear leanbh óltar deoch air, ag cóisir breithlá, nuair atá onóir nó céim bronnta, ag bainisí agus ócáidí sóisialta éagsúla ina bhfuil rud ar bith le ceiliúradh, le comóradh agus fiú nuair a fhaigheann duine bás, óltar deoch.

Is cosúil go bhfuil drochchlú orainn mar Éireannaigh agus muid tugtha go huile is go hiomlán don ól. Faraor, ní alcólaigh muid ar fad ach cuirtear inár gcoinne go mbíonn muid ag brath an iomarca ar an ól.

Tuigtear go bhfuil fadhb óllmhór ag déagóirí an lae inniu leis an ól. Bhí riamh. Nuair a fheiceann daoine óga thart orthu níl le feiceáil acu ach daoine fásta ag ól leo. Shílfeá go raibh an ól ar tí gabháil as faisean.

Glactar leis an ól mar chuid dár shaol agus creideann roinnt daoine go bhfuil sé mar chuid dár gcultúr chomh maith. Tuigtear dom go bhfuil thart fá dhaichead dóigh i nGaeilge le cur síos a dhéanamh ar na céimeanna ar leith ina mbíonn duine 'ólta'. Ach an gcaithfidh muid a bheith ar meisce gach Fhéile Phádraig ar son na cúise?

Níl amhras ar bith ann ach go gcothaíonn an ól a lán fadhbanna is deacrachtaí sa tír seo. Ní amháin go dtéann sé i bhfeidhm ar shláinte phobal na tíre ach is iomaí teach ina bhfuil foréigean ann de bharr an óil. Ní amháin sin ach forbaíonn a lán fadhbanna eile fosta. Má caitear an t-airgead ar an ól, bíonn an teaghlach ar fad ar an ghannchuid go minic. Cinnte, is druga gan náire é an t-ól.

Feictear fosta go mbíonn a lán cásanna éagsúla os comhair na cúirte agus an ólchán luaite iontu. Uaireanta, déantar iarracht leithscéal a iarraidh ón bhreitheamh as siocair go raibh braon ólta ag an chosantóir. B'fhéidir go raibh claonadh ann san aimsir caite cluas a thabhairt don leithscéal sin ach ní féidir aird a thabhairt ar a leithéid de leithscéal agus ionsaí a dhéanamh ar dhuine agus corpán maraithe a fhágáil!

Tá claonadh ann fosta go bhfuil sé maith go leor a bheith ag ól is ag tiomáint abhaile a fhad is nach bhfaigheann na gardaí greim ort ar an bhealach. Má chónaíonn tú amuigh faoin tuath, is iomaí duine atá sásta tú a chur ar na cúlbhóithre má tá braoinín ólta. Ní bhíonn siad ag smaointiú ar an damáiste a thiocfadh tarlú do thiománaithe eile, do dhaoine ag siúl nó don tiomanaí féin.

Bíonn neart oibrithe as láthair maidin Dé Luain toisc go raibh siad amuigh thar dheireadh na seachtaine. Go minic, tagann siad isteach chuig a gcuid oibre ach ní bhíonn mórán oibre déanta agus iad ag fulaingt le tinneas poite. Má cuirtear gach ócáid san áireamh, níl dabht ar bith ach go bhfuil tionchar ollmhór ar an mhéid oibre nach bhfuil déanta is an costas breise atá i gceist don eacnamaíocht dá bharr. Tá a leithéid tugtha fá deara ag roinnt fostóirí agus é i gceist acu trialacha dhrugaí a thabhairt i bhfeidhm le smacht a choinneáil ar a gcuid fostaithe.

Is é an freagra ata ag Dáil Éireann ar fhadhb an ólacháin ná a thuilleadh dlíthe a thabhairt i bhfeidhm le smacht a choinneáil ar dhaoine óga ag ól. Cuirtear an locht ar fad ar dhaoine óga ach cá háit a d'fhoghlaim siad na drochnósanna ar fad ach ó na daoine fásta. Is beag difear a dhéanfas sé na tithe tábhairne a dhruideadh uair nó dó a chloig níos luaithe. Fiú, má cuirtear cáin is costas breise ar an ól, beidh dóigheanna thart ar na rialacha nua. Bíonn 'iompar amach' le fáil áit éigin i gcónaí.

Cuireann na 'Alcó-pops' ar fad atá ar an mhargadh deistín orm. Is cinnte go bhfuil siad dírithe ar dhaoine óga. Le fírinne, b'fhéidir gur cheart cosc a chur ar a leithéid de fhógraíocht atá dírithe ar an dream óg.

Lena chois sin, ritheann sé liom nach gá dúinn na buidéil ollmhóra a bheith againn ná deochanna fíor-láidir a bheith ann ach oiread. Bíonn blas ar an bheagán ceart go leor ach is cosúil nach dtuigeann éinne anois nuair atá siad lán. Deirtear go dtig le fir suas le tríocha ionad alcóil a ól i rith na seachtaine agus leath an mhéid sin do mhná ach is minic a bhíonn an oiread sin ag daoine in aon oíche amháin. (Tuigtear go bhfuil dhá ionad alcóil i bpionta amháin.)

Ba cheart go mbeadh pobal na tíre ag gabháil i ngleic le fadhb an ólacháin mar náisiún. Tá ról ag gach duine ceannaireacht a thabhairt. Ní ghá a bheith go hiomlán stiúgaí as do mheabhair le sult a bhaint as ócáid. Ba chóir dúinn a bheith ciallmhar i dtaobh an ólacháin ach caithfidh mé féin a admháil go gcreidim gur tháinig beagainín céille chugam le gairid le haois. Anois, agus an méid sin scríofa, seans go mbeidh cúpla pionta agam.

Gluais

drochchlú bad reputation

céimeanna steps

foréigean violence

gannchuid scarcity

claonadh tendency

cúlbhóithre back roads

trialacha dhrugaí drug tests

drochnósanna bad habits

iompar amach carry out

ceannaireacht leadership

Seanfhocal na Seachtaine

'Is milis á ól é ach is searbh á dhíol é.'

Ní amháin go bhfuil luach an óil i gceist anseo ach an dóigh a théann sé i bhfeidhm ar ár sláinte.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland