Top Issue 1-2024

9 September 2004 Edition

Resize: A A A Print

Oidhreacht S'Againne

There are over 500 events taking place throughout the country to make us more aware of our heritage this week. How much do we intend to pass on to future generations asks AN DRAOI RUA?

Dar le pobalbhreith a rinneadh le déanaí, creideann i bhfad níos mó daoine ná riamh go bhfuil sé tábhachtach oidhreacht na tíre a chosaint is a chaomhnú. Ní hamháin sin ach creideann beirt as gach tríúr gur chóir í a chosaint is cuma cén costas a bhaineann leí. San am céanna, deir na torthaí linn go bhfuil 53% den bharúil nár cheart ligint don oidhreacht bac a chur le 'forbairt riachtanach'. Is cosúil go bhfuil tuairimí malartacha léirithe san aon suirbhé amháin nó go bhfuil míthuiscint ann maidir le cad is brí le 'forbairt riachtanach'.

Níl amhras ar bith ann áfach, ná go bhfuil dearcadh i bhfad níos leithne anois ag daoine ar cad is oidhreacht ann. Roinnt blianta ó shin, bhí formhór an phobail den bharúil gur bhain ár n-oidhreacht le seanfhoirgnimh amháin. Inniu, tuigeann daoine go bhfuil rudaí nádúrtha agus cultúrtha i gceist maraon leis na nithe atá tógtha. Mar sin de, ní nach ionadh go bhfuil an Comhairle Oidhreachta gníomhach i réimse éagsúla. Creideann siad go bhfuil sé mar dhualgas orthu freastal ar níthe seandálaíochta is ailtireachta, cúram a thabhairt d'uisce bhealaí na tíre, ár dtírdhreach, fiántas tíre is mara, agus cuidiú le iarsmalainn na hÉireann is grúpaí oidhreachta atá ag feidhmniú go háitiúil.

Tá breis agus cúig chéad imeachtaí á réachtáil fá láthair ar fud na tíre le aird an phobail a dhíriú ar ár n-oidhreacht. Tá turasaí, siúlóidí, léachtanna, imeachtaí stairiúla, taispeántais ceoil is ealaíne, ceardlanna is eile ar siúl i rith na seachtaine seo. I mbliana, tá béim faoi leith curtha ar achan duine a bheith freagrach as a ghníomhartha féin.

Don chéad uair, tá 'Lá Oidreachta Uisce' eagraithe ar 11 Meán Fómhair. Glactar leis go bhfuil neart uisce ar fáil againn in Éireann. Ar an drochuair, tá an iomarca uisce bhealaí na tíre seo truaillithe, 42% scéimeanna uisce ag feidhmniú a sholáthraíonn uisce nach féidir a ól agus is dócha gur muidne an t-aon glún a mhaireann in Éireann ag a bhfuil gá le uisce glan a cheannach. Faraor, tá artola níos saoire ná uisce ina lán áiteanna.

Cé go dtuigtear go dtagann cuid mór den truailliú ó na comhlachtaí, ó fheirmeoirí is ó mhonarcha éagsúla tá ról nach beag le comhlíonadh ag achan duine.

De réir na staitisticí, cuirtear trian den uisce glan amú de thairbhe go bhfuil píobaí éagsúla pollta. Tá 90% de choras séarachais na tíre nach bhfuil ag feidhmniú mar is ceart. Úsáideann daoine aonaracha i bhfad barraíocht céimící sa bhaile, rudaí leis an leithreas a 'ghlanadh' agus araile. Dar le is na saineolaithe, úsáideann gach duine 140 líotar gach lá. Ar ndóigh, ní ghá dóibh dul chuig an tobar leis an t-uisce a iompar ná ní íocann siad go díreach as ach oiread. Is í Éire ar cheann de na tíortha san Éoraip nach gcuireann brú ar an phobal íoc as an t-uisce. Cinnte, is cuma sa tsioc le cuid mhór daoine go dtí go mbíonn orthu íoc. Seans maith go mbeidh cáin breise ag teacht i bhfeidhm i gceann cúpla bliain!

Tá sé tábhachtach dár bhféinmhuinín na traidisiúin agus gach rud a bhaineann lenár gcultúr a chaomhnú ar mhaithe leis na glúine atá le teacht inár ndiaidh. B'fhéidir gur cheart dúinn uilig an deis a thapú i rith na seachtaine seo athbhreithniú a dhéanamh ar an ról atá againn inár n-oidhreacht a chaomhnú.

Gluais

pobalbhreith poll

forbairt riachtanach necessary development

tuairimí malartacha opposite opinions

Comhairle Oidhreachta Heritage Council

seandálaíocht Archaelogy

ailtireacht Architecture

tírdhreach landscape

fiántas tíre is mara wildlife of the land and sea

iarsmalann museum

Seanfhocal na Seachtaine

'Ná codail ar an chluas sin.'

Is dócha gur seo leagan eile de 'ní chrónaítear an t-uisce go dtí go dtriomaítear an tobar' ach is cinnte go bhfuil muid ró-shiúráilte i dtaobh a lán rudaí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland