Top Issue 1-2024

1 July 2004 Edition

Resize: A A A Print

Turas an Bheatha

The Celts have always been intrigued by journeys, which still inspire storytelling today, writes AN DRAOI RUA.

Bhí an-dúil ag na Ceiltigh riamh i dturais. Is iomaí scéal atá tagtha anuas chugainn sa bhéaloideas agus atá breacaithe síos agus iad bunaithe ar thuras de shaghas éigin.

Ar ndóigh, is deacair scéal mór de chuid na nGael a lua nach bhfuil turas éigin lárnach ann. Bhíodh Fionn Mac Cumhaill is na Fianna go minic ag dul áit éigin muna raibh siad amuigh ag seilg. B'fhéidir gurbh é turas Oisín go Tír na n-Óg ar an scéal is mó clú is cáil atá againn ina measc siúd. Cinnte, sa nua-rúraíocht, bhíodh Cúchulainn is an Craobh Rua ag taisteal thar lear go rialta is ag teacht ar ais arís lena scéal a inse.

Creidtear gurb iad na manaigh a thosaigh ag scríobh síos scéalta na nGael don chéad uair agus tuigtear gurb é 'Navigatio Sancti Brendani' an chéad scéal a roghnaigh siad a scríobh síos. Cé gur scríobhadh i Laidin an chéad leagan, tá suim ar leith ins sa scéal céanna go fóill.

Ar ndóigh, cuireadh béim ar ghníomhartha na laochra is na naoimh ar fad ach ba iad na turais féin ar chuid de na gníomhartha is mó a bhí déanta acu. Caithfidh mé a rá , áfach, gur chuir sé cinéal iontais orm nuair a léigh mé roinnt de na scéalta laochais, gur gnách le ceist a chur; 'Cén scéal atá agat?' nuair a bualadh le carachtar nua. Is cosúil go raibh níos mó suime ag daoine ins sna scéalta ná in ainmneacha daoine. Faraor, bhain na scéalta seo le turais go formhór.

I gcultúr Bhunstoc na hAstráile, cuireadh an-tábhacht sna turais óir bhain siad i gcónaí le forbairt anam an duine. Agus daoine ag taisteal, chan siad amhráin a bhain leis na ceantracha inár tógadh ómós don cheantar ina raibh siad agus cuimhne ar stair, dúlra is pobal na háite. Le fírinne, sna laetha seo b'fhearr le daoine ceann scríbe a bhaint amach chomh luath agus is féidir agus déantar gearán fá fhad an turais féin mar cur amú ama. Seans gur cheart dea-shampla an Bhunstoic a leanstan agus cuimhne ar logainmneacha na tíre.

Creidim go mbaineann daoine an-taitnimh as a bheith ag éisteacht leis na sean-scéalta is go bhfuil an oiread suime acu i scéalta coimhthíocha is scéalta nua-aimseartha inniu. Nuair a théann duine ar saoire, is maith le gach duine an scéal a chloisteáil nuair a thagann siad ar ais arís.

Thig linn a rá go bhfuil a lán turais le déanamh ag gach aon duine i rith a saoil. Thiocfadh a rá nach bhfuil ins sa saol seo ach turas. Ní amháin sin ach nach iorónta an rud é gurb ionann an focal 'turas' agus 'oilithreacht'.

Ar thuras, ta a fhios ag an taistealaí cá háit a bhfuil sé/sí ag dul ach ní bhíonn a fhios aige/aici choíche cad a tharlóidh ar an bhealach, cád é mar a bheidh an aimsir, cad iad na carachtair a chasfar air/uirthi.

Tá scéal simplí ag lucht an bhéaloidis a chuireann síos ar loch ina bhfuil 'oileán an bheatha' agus 'oileán an bháis'. Nuair a éiríonn daoine ar 'oileán an bheatha' tuirseach lena saol téann siad ar an turas deireannach sin chuig 'oileán an bháis' ar mhaithe le faoiseamh a fháil. Ní scéal brónach é ach sin mar atá an saol.

Gluais

gníomhartha actions

scéalta laochais hero stories

Bunstoc na hAstráile Aboriginies of Australia

ceann scríbe destination

logainmneacha placenames

coimhthíoch foreign

oilithreacht pilgrimage

faoiseamh relief

Seanfhocal na Seachtaine

'Giorraíonn beirt bóthar.'

Ní amháin go mbíonn scéal le inse i ndiaidh turas a dhéanamh ach is maith le daoine scéalta a inse is a chloisteáil ar a mbealach.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland