Top Issue 1-2024

3 November 2011

Resize: A A A Print

As an gheibheann, isteach sa Facebook

CÉ GUR gheall mé cúpla uair go raibh mé chun éirí as an nós, tá mé fós ar Facebook agus ag caitheamh cuid de m’ama luachmhaire gach lá ag féachaint ar cad atá daoine eile ag déanamh (nó ag rá go bhfuil siad ag déanamh) agus ag smaoineamh (nó ag rá go bhfuil siad ag smaoineamh). ‘Sé an rud a bhí ag cur as dom ná na céadta tagairtí do dhaoine ag bailiú ainmhithe agus féir ar Farmville nó 14K Gold Morganite Ring ar Gemswap II.
Cá bhfuil an fhuascailt, arsa mé liom féin, sa teicneolaíocht seo mura bhfuil ann ach cluichí faoi dhomhain fhíorúla? Nach bhfuil áiteanna níos fearr ná “5362nd place in Vitalyte Sports Nutrition's Bouncing Balls contest” le baint amach? Lán de fhrustrachas, thosaigh mé ag dumpáil ‘cairde’ as mo leathanach – ach níor thug siad faoi deara, fiú. Bhí siad ro-ghnóthach, is dócha, ag freagairt ceisteanna tábhachtacha faoi cén bhróg a chuireann siad orthu féin ar dtús gach maidin, nó a leithéid.
Agus ansin, tháinig mé ar leathanach Facebook atá in ann mé a mhealladh ar ais arís agus arís eile, agus beagnach gach lá bíonn rud éigin nua, agus úr le feiceáil ann. Nua agus úr? Bhuel, thiocfadh sean agus níos sine a rá ansin, nó is minic go mbíonn na rudaí ‘nua’ agus ‘úr’ sin, thuas le fiche, tríocha, nó fiú céad bliain d’aois cé nach bhfaca siad solas an lae le blianta fada anuas.
Níl aon dabht ná gur taisce den scoth é an leathanach Facebook seo, Magilligan Ex Pows, ina bhfuil grianghraif, cáipéisí agus eolas faoi chimí poblachtacha ó gach glúin ó 1798 ar aghaidh. Tá an cuma ar an scéal gur thosaigh an leathanach amach mar shuíomh ina mbeadh roinnt iarchimí ó Champa Mhaigh Ghiolla Uí Chathain in ann teagmháil a dhéanamh lena chéile ach a d’fhás ó shin go bailiúchán d’ábhair ó na príosúin eile, ó thréimhse Chill Mhaighneán ar aghaidh. Tá riarthóir an leathanaigh i ndiaidh ábhar a rangú de réir tréimhsí staire, de réir na bpríosún éagsúla agus de réir grianghraif, caipéisíocht agus lámhcheardaíochtaí.
Ní fios fós cé mhéad duine san iomlán a chuaigh tríd na príosúin ar son na cúise, ach thig leat a bheith cinnte go raibh na mílte, mílte acu agus go bhfuil a scéal féin ag gach glúin acu siúd. Ar leathanach Magilligan Ex Pows insítear an scéal sa bhealach is simplí, is neamhchlaonta: tríd na pictiúir féin. Bhí na haghaidheanna óga céanna ag breathnú amach ar an cheamara i bhFrongoch i 1916 a’s a bhí ag breathnú amach as cásanna Magilligan nó an Ceis Fhada i 1972. Déanann úinéir an leathanaigh iarracht an suíomh a choinneáill saor ó ionsaithe pearsanta nó polaitiúla ó ‘cara’ amháin ar ‘chara’ eile - níl ach aon chuspóir ag an leathanach agus is é sin go n-inseofaí scéal na gcimí féin.
Is fiú cuairt a thabhairt ar an chartlann nua seo, atá ag fás agus ag líonadh le hábhar stairiúil agus spéisiúil. nó b’fhéidir go mbeidh cuid ‘memorabilia’ agat féin, leagtha go domhain ag bun cófra nó i bhfolach san ailéir a bhfuil mar mhír eile i míreanna mearaí na staire s’againne. Tóg amach é. Tá ardán agus spás ag fanach dó anois, ar Facebook, ar an leathanach tiomnaithe seo.

 

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland