15 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

TAXI nó TACSAÍ ? Sin an cheist a Aire

Dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh go bhfuil sé "dochreidte" nach mbeidh cúiteamh á thabhairt ag an Aire Iompair Séamus Brennan do lucht na bhfeithiclí a bhfuil an comhartha "Tacsaí" orthu nuair a diúltaíodh teastais NCT a thabhairt dóibh de thoradh comhartha as Gaeilge a bheith orthu.

Bhí Aengus Ó Snodaigh á fhreagairt ag an Aire sa Dáil.

D'fhiafraigh an Teachta Ó Snodaigh den Aire chomh maith cé mhéid gluaisteán ar diúltaíodh teastais dóibh in Ionaid Tástála NCT na tíre mar gheall ar an fhocal "Tacsaí" a bheith thuas orthu in áit "Taxi". Ní raibh aon eolas le fáil mar nach thiomsaíonn an Aire Iompair an t-eolas.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

"Tá sé dochreidte, i mo thuairim, nach bhfuil an tAire Brennan toilteanach cúiteamh a thabhairt do na daoine ar theip orthu teastais NCT a fháil sa chéad dul síos mar gheall ar an chomhartha a bheith as Gaeilge. Seo daoine atá ag iarraidh a gcuid obair lae a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus cad a tharla ag Ionad Tástála an NCT? Theip orthu teastais a fháil agus dúradh leo nach dtig leo an comhartha "Tacsaí" a chur suas. Agus, níos measa fós, bhí orthu dul faoi scrúdú arís, íoc as arís, agus comharthaí úra a fháil dá ngluaisteáin. Tá sé sin náireach.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland