Top Issue 1-2024

8 April 2004 Edition

Resize: A A A Print

Rodaí Mac Corlaí

AN DRAOI RUA reflects on a dispute in County Antrim as to the official name of a bridge, which will always be seen as a memorial to Rodaí Mac Corlaí by locals

Tá conspóid ar siúl i láthair na huaire fá ainmniúchán Dhroichead nua i dTuam Co Aontroma. Tógadh an droichead nua seo mar chuid den chuarbhóthar thart ar an bhaile, rud a chosnaigh £18 milliún.

Mí ó shin, d'oscail an t-Aire John Spellar, Oifig Thuaisceart Éireann, an droichead go hoifigiúil agus cuireadh an t-ainm 'Toome Bridge' ar an droichead. Tá easaontas sa chomharsanacht máguaird mar tá roinnt daoine ón SDLP den bharúil gur chóir 'John Hume Bridge' a chur air agus is cosúil go bhfuil níos mó daoine áitiúla den tuairim gur cheart go mbeadh sé ainmnithe i gcuimhne ar Rodaí Mac Corlaí.

Caithfidh a admháil nach ndearna Oifig Thuaisceart Éireann mórán machnaimh ar an ainm úr ná nach bhfuil bua na samhlaíochta acu ach oiread. Ní fios cá mhéad uair a chloig a chaith státseirbhísigh OTÉ i mbun dianstaidéir sular cheapadh 'Toome Bridge' mar ainm. Agus le fírinne, cén bhaint a bhí ag John Hume leis an cheantar ar chor ar bith. Ó, b'fhéidir go raibh roth pollta sa ghluaisteáin aige lá, agus go raibh air stopadh ar thaobh an bhóthair ar feadh tamaillín.

Níl amhras ar bith ann, áfach, ná go bhfuil ainm Rodaí Mac Corlaí fréamhaithe go tréan sa cheantar. Ní amháin sin ach tá an fonn ceoil aitheanta ar fud na tíre.

Maidir liom féin, creidim go raibh sé ar an chéad píosa ceoil a d'fhoghlaim mé agus mé ag iarraidh máistreacht a fháil ar an fheadóg stáine. Bhí sé ar cheann de na hamhráin a d'fhoghlaim mé i dtús nuair a thosaigh mé ag freastal ar choláistí samhraidh fadó agus 'Abair Amhrán' i mo ghleic. Ar ndóigh, is iomaí buíon ceoil a théann ag máirseáil go fóill agus Rodaí Mac Corlaí a sheinnt acu. Lena chois sin, tuigimid go bhfuil an fonn ceoil céanna againn agus 'Seán Sabhat' á chanadh.

Creidtear go raibh Rodaí Mac Corlaí ina bhall de na 'Defenders'. Bunaíodh an grúpa seo i 1795 ar mhaithe le cosaint de shaghas éigin a thabhairt do Chaitlicigh toisc go raibh ionsaithe seicteacha a dhéanamh orthu ag 'Peep O' Day Boys'. Bhí na Peep O' Day Boys de shíor i mbun ionsaithe ar thithe Chaitliceacha agus cuireadh ruaig ar na mílte dá bharr.

Tuigtear go raibh Rodaí Mac Corlaí páirteach leis na hÉireannaigh Aontaithe agus leis an éirí amach ag an am. Níl scoláirí staire cinnte, áfach, fán dáta ar chrochadh é i 1799 nó i 1800.

Leis an fhírinne a rá, is cuma sa tsioc cad a chuireann údarás na Breataine ar an droichead nua tógtha seo. Is cinnte go maireann clú Rodaí Mhic Chorlaí sa cheantar go fóill agus go mbeidh cuimhne air nuair atá dearmad déanta ar an Aire John Spellar le fada.

Seanfhocal na Seachtaine

'Nuair a stadann an ceol, stadann an rince.'

Ar ndóigh, is minic a bhíonn Rodaí Mac Corlaí á sheinnt agus daoine ag damhsa le Tonnta Thoraí.

Gluais

cuarbhóthar bypass

easaontas dispute

comharsanacht neighbourhood

dianstaidéar intensive study

fréamhaithe rooted

aitheanta recognised

Cé hiad na sluaite fear is ban

ag gluaiseacht fán na slí?

S'iad fir is mná ó chnoc is gleann

'S ó bhruacha Bhanna Buí.

Tá faghairt 'na rosc is feidhm 'na gcos

táid mall, rómhall, monuar,

mar tá Rodaí Mac Corlaí ag dul chun chroich

ar Dhroichead Tuam' inniu.

Aníos an tsráid 's a cheann go hard

do ghabh an sárfhear groí;

'S róp a chrocht' tá fillte docht

fé chuacha órg' a chinn.

Níl deor ná néall 'na shúile glé,

táid lonrach, gléineach, ciúin,

agus Rodaí Mac Corlaí ag dul chun chroich

ar Dhroichead Tuam' inniu.

Dob í sin sráid a ghabh sé lá,

'S pic ina lámh go dian.

'na dhiaidh aniar bhí buíon fear fíor

'S dóchas ard 'na gcroí.

Go hAontroim ghluais an bhuíon go buach

Dob eisean ceann an tslua.

Ach tá Rodaí Mac Corlaí ag dul chun chroich

ar Dhroichead Tuam' inniu.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland