Top Issue 1-2024

18 March 2004 Edition

Resize: A A A Print

Aimsir na bPrátaí

AN DRAOI RUA felt that this article might get us in the notion for planting a few spuds.

Is beag seans a bhfuil lucht na gcathracha móra buartha fána chuid prátaí a fhad is go dtig leo mála beag a fháil san ollmhargadh is congáraí dóibh. Fiú, má tá ganntanas ann, is féidir rís, pasta, noodles, cous-cous nó rud éigin eile a cheannach. Dóibh siúd a bhfuil gairdíní acu, seans go bhfuil prátaí curtha cheana féin nó b'fhéidir go bhfuil an ghairdín ullmhaithe le prátaí a chur anois.

Ó lár Mhí an Mhárta go lár Mhí na Bealtaine is féidir linn a bheith gnóthach i ngairdíní beaga ar fud na tíre le prátaí a chur. De réir na seanfhondúirí, deirtear go féidir prátaí a chur a fhad is go dtig breathnú trí chraobhacha fhuinseoige, sin sula bhfásann na duilleoga ar fad.

Tuigimid nach glasra dúchasach an práta ach go dtáinig sé anseo leis na Sasanaigh am éigin sa 17ú haois. Le fírinne, bhí muid cineál mall ag teacht air óir creidtear gur thosaigh muintir na Meiriceá Theas ag cur prátaí i bPeiriú níos mó ná 1800 bliain ó shin.

Tuigtear gurb iad na Spáinnigh an chéad dream den Eoraip a tháinig ar phrátaí i bPeiriú ag tús an 16ú haois. Níor thosaigh muintir na hEorpa ag cur prátaí go dtí deireadh na haoise céanna le linn tréimhse Francis Drake agus Walter Raleigh. Bia na mbocht a bhí ann agus ní raibh lucht ríoga Shasana tuillteanach prátaí a ithe go dtí 1619.

Thosaigh Louis XVI (1754-1793) ag caitheamh bláth an phráta ina chasóg go rialta. Ar ndóigh, níorbh fhada go raibh an nós seo san fhaisean i measc uasalaicme na tíre.

Maidir le stair ár dtír féin, ní dhéanfaimid dearmad choíche ar an ghorta mhór 1845-49 ach is dócha go mbeadh formhór againn ar aon intinn leis an dearcadh a léirigh John Mitchell nuair a dúirt sé:

" God sent the potato blight , the English sent the Famine."

Cé go dtuigimid go bhfuil rogha fairsing bia ar fáil na laethanta seo, tá eagla ar fheirmeoirí beaga is móra roimh ghalar na bprátaí (phytophthora infestans) go fóill.

Leoga, is maith linn ár bprátaí agus is maith dúinn iad. Caithfidh a admháil áfach, nach bhfuil an oiread sin prátaí fásta sa tír mar ba chóir. Deirtear go gcaithtear níos mó ná 400 milliúin euro gach bliain ar ghlasraí éagsúla arbh fhéidir a fhás sa tír seo. Ní amháin sin ach is lú an méid cineálacha prátaí atá ag fás in Éirinn. Cé go raibh caoga cineálacha éagsúla coitianta go leor fiche bliain ó shin, is cosúil go bhfuil formhór na tíre sásta cúig chineál a fhás inniu.

B'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn a bheith ag leathnú amach arís. Bhí 'Lá na bPrátaí' ag lárionad órgánach i gCo. Liatroma ag deireadh na seachtaine seo chaite. Bhí neart plé ann fá cad é atá i ndán don phráta in Éirinn agus is cosúil go bhfuil siad ag déanamh a ndícheall athbheochán na bprátaí éagsúla a thoiseacht. Tá réimse leathan síolta prátaí ar díol acu ansin agus tabharfaidh siad cibe cuidiú do dhaoine. (071 9854338 nó www.theorganiccentre.ie)

Seanfhocal na Seachtaine

'Prátaí ar maidin, prátaí am lóin, dá n-éireoinn san oíche prátaí a gheobhainn.'

Gach seans go gcreideann roinnt daoine nach n-itheann Gaeil a dhath ar bith eile ach prátaí.

Gluais

ullmhaithe prepared

seanfhondúirí old timers

craobhacha fhuinseoige branches of the ash tree

casóg jacket

uasalaicme upper classes

cineálacha types/varieties

athbheochán revival


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland