11 March 2004 Edition

Resize: A A A Print

'Tokenism' sa Dáil maidir leis an Ghaeilge

Ag labhairt sa Dáil ag tús Seachtain na Gaeilge, d'éiligh Aengus Ó Snodaigh TD, úrlabhrai Gaeilge Shinn Féin, nach raibh fócas dáirire ag an diospóireacht agus gur 'Tokenism' a bhí ann.

Dúirt Ó Snodaigh: "Is maith go bhfuil Gaeilge á labhairt sa Teach ach is trua nach bhfuil aon fócas ag an ndíospóireacht seo. Níl ann ach an sraith ráitis, Tokenism. Má tá muid dáiríre faoi Gaeilge a chuir chun cinn sa Teach seo, caithfidh an díospóireacht ar an mBille Airgeadas nó a leithéid bheith i nGaeilge. Chuala mé gur labhraíodh níos mó Gaeilge le bliain anuas sa Dáil, ná mar a labhradh le tamall de blianta. Ba truamhéilleach an cás mar sin, agus is truamhéilleach an chás go fóill.

"D'fháiltigh mé agus mo pháirtí roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a ritheadh é anuraidh, in aineoinn na mór cheisteanna ná raibh réiteach ceart orthu. D'fháiltigh mé chomh maith roimh an Coimisinéir Teanga úr Seán Ó Cuirreáin.

"Ach an ceist mór anois ná cathain a fheicfidh muid beart de réir an briathar. Tá obair mór roimh Seán O Cuirreáin agus pé foireann a fhaigheas sé, ach go h-áirithe tabhairt faoin meon frith-Ghaelach i measc alán san stát chóras. Is seo an constaic is mó a fheicim agus bhí léiriú soiléir ar an mheon sin nuair a diúltaíodh de leasú Shinn Féin ar an rún maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach coicís ó shin. 'Beidh cearta ar fáil don Ghaeilge amach anseo, beidh oraibh fanacht go dtí go ndéinfidh muid ciaradh ar an ceist.' Níl aon ciaradh le déanamh. Deirim leis an tAire Ó Cuiv 'Tá breall ort a Aire, tá breall ar na státseirbhísigh atá ag cur comhairle ort, mar is ceist cearta atá ann. Is ceist é go bhfuil leatrom á imirt ar Ghaeilgeoirí agus lucht foghlama agus súid atá báúil. Níl na cearta teangan céanna nó na cearta fostaíochta céanna acu is atá ag cainteoirí na dteangacha oifigiúla uilig eile san Aontas.'

"Ba mhaith liom an deis seo a thapú chomh maith chun fiafraí don Aire cad go díreach atá i gceist leis an Coiste Comhairleach atá á bhunú aige? Cé h-iad? An mbeidh sé ar bhonn uile-Éireann? Más an dream céanna a thug comhairle duit faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, nó faoin rún ar Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, ní fiú Trá an Aoine iad. Cheana féin tá go leor comhairle ar fáil don Aire. Tá Foras na Gaeilge ann, nó an bhfuil dearmadta ag an Aire ar an ról tábhachtach ar féidir leis an Fhoras imirt i pleanál athréimiú an Ghaeilge - ról a d'imir Bord na Gaeilge roimhe. Cad faoi Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge? Tá comhairle den scoth curtha ar fáil acu do chách thar na blianta. Níl Coiste Comhairleach eile uainn ach gníomh, agus gníomh eile.

"Ba mhaith liom léiriú amháin a thabhairt anocht ar meon an stát chóras i leith an Ghaeilge. Le déanaí tá sé tagtha chun cinn go bhfuil an NCT á dhiúltiú ar tiománaithe tacsaí atá an fógra 'Tacsaí' in airde acu seachas é bheith as Béarla 'TAXI'. An bhfuil an Rialtas seo dáirire faoi cearta na Gaeilgeóiri? Is cosúil nach bhfuil agus is mór an trua é."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland