Top Issue 1-2024

11 March 2004 Edition

Resize: A A A Print

Cothrom na Féinne

There are a number of different causes celebrated this week but, AN DRAOI RUA believes Fair Trade deserves a special mention.

Más bean gaelach síochánta thú a chreideann i gcothrom na féinne, a bhfuil dúil ar leith i gcrainn agat agus tú ag iarraidh morgáiste a íoc, gach seans go mothaíonn tú gur tháinig 'do lá' an seachtain seo.

Is iontach an rud é go mbíonn grúpaí ar leith ag comóradh agus ag ceilúradh a cúiseanna éagsúla ar feadh seachtaine le aird an phobail a dhíriú ar a gcás. Mar a tharlaíonn sé tá roinnt cúiseanna áirithe i mbun feachtais i láthair na huaire.

Níl a fhios agam ar thug mórán fá deara ach is cosúil gur seo 'Seachtain na gCrann'. B'fhéidir gur chóir dúinn uilig a bheith amuigh ag cur roimh dheireadh na seachtaine. Bhí 'Lá Idirnáisiúnta na mBan' againn 8 Márta agus imeachtaí eagraithe i rith na seachtaine le comóradh a dhéanamh ar an ócáid ina bhfuil seasca tír páirteach ann. Tá 'Seachtain na Síochána' eagraithe 14- 21 Márta agus grúpaí frith-chogaíochta ag díriú ár n-aird go bhfuil bliain caite anois ó thosaigh fórsaí mhíleata SAM ag ionsaí mhuintir na hIaráice. Tá 'Seachtain na Gaeilge' eagraithe ag Conradh na Gaeilge ach is cosúil go ndeachaigh siad thar fóir lena cuid imeachtaí óir maireann an féile idirnáisiúnta seo ó 8- 17 Márta i mbliana. B'fhéidir gurbh fhearr 'Nóibhéine na Gaeilge' a chur air na himeachtaí seo i ndáiríre. Ní fios ach seans go mbeidh CnaG ag leathnú amach lenár dteanga dúchais a spreagadh agus 'Coicís na Gaeilge' a bheith againn ar an bhliain seo chugainn, 'Mí na Gaeilge'..., Séasúr na Gaeilge go dtí go mbeidh 'Mílaois na Gaeilge' á cheiliúradh.

Tá cúis ar leith ag banc áirithe nach mbeinn ró-thugtha dó; 'Seachtain na Morgáistí'. B'fhearr liom gan a thuilleadh faoi sin a lua óir níl ann ach cleas poiblíochta go fírinne.

Mar aon leis an mhéid thuasluaite, tá 'Fair Trade Fortnight' ar siúl idir 1 - 14 Márta. De réir suirbhé a rinneadh in Éirinn ar na mallaibh, ní thuigeann ach duine as ceathrar cad is brí leis na hearraí 'Fair Trade'.

Tá sé simplí go leor, déanann na hearraí seo cinnte go bhfaigheann na hoibrithe luach cothrom ar son a saothair. Ní carthannacht é in aon chor ach tuigeann an ceannaitheoir go bhfuil sé/sí ag tabhairt cothrom na féinne do fheirmeoirí na n-earraí. Mar aon leis sin, tá earraí d'ardchaighdeán curtha ar fáil ag 'Fair Trade'. Tá réimsí leathan earraí éagsúla curtha ar fáil ag 'Fair Trade' i láthair na huaire, idir thorthaí, caifé, tae, cócó agus seacláid.

B'fhéidir go bhfuil na comhlachtaí móra ábalta earraí níos saoire a chur ar fáil ach ní dóigh liom go bhfuil siad ag tabhairt cothrom na féinne do fheirmeoirí ar an talamh. Ní amháin sin ach is cosúil nach bhfuil siad chomh buartha sin fá chaighdeán a gcuid earraí ach an t-airgead acu le caitheamh ar bholscaireacht.

Moltar do dhaoine triail a bhaint as na hearraí 'Fair Trade' agus b'fhéidir ceist a chur ar shiopadóirí na hearraí a dhíol. Mar a tharlaíonn sé tá stadas ar leith bainte amach ag Cloch na Coillte i gCorcaigh mar is é an chéad baile 'Fair Trade' in Éirinn ó Meán Fómhair 2003.

Tuigtear go bhfuil feachtas eile tosaithe anois ag díriú ar na cluichí oilimpeacha; 'Fair Play'. Is as an phrionsabal céanna atá daoine ag éileamh go mbeidh cothrom na féinne tugtha d'oibrithe, rud nach bhfuil déanta ag a leithéid de Nike, Puma, Adidas agus eile. Is léir go bhfuil na comhlachtaí ilnáisiúnta ag saothrú neart airgid as a gcuid táirgí. Ba cheart go mbeadh cuid den bhrabús seo ag cinntiú go bhfuil na hoibrithe ag fáil luach ceart l'aghaidh a gcuid saothair.

Seanfhocal na Seachtaine

'Capall na hoibre an bia.'

Ní chóir go mbeadh ar éinne obair a dhéanamh gan luach a saothair.

Gluais

cúiseanna causes

frith-chogaíochta anti-war

eagraithe organised

carthannacht charity

feachtas campaign

éileamh demand

táirgí products

brabús profit


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland