Top Issue 1-2024

19 February 2004 Edition

Resize: A A A Print

Aigneas Fhianna Fáil

Frank Fahey

Frank Fahey

There may be a dispute within Fianna Fáil in the West but it has nothing to do with policy but more to do with careerist personalities, writes AN DRAOI RUA

Is iorónta an rud é go bhfuil rí-rá agus rúille búille ar siúl in iarthar na tíre taobh istigh de Fhianna Fáil. Tá clamhairt ar siúl eatarthu maidir le ainmniúchán teachta le seasamh do toghachán na hEorpa.

Fá láthair is é Seán Ó Neachtáin an Teachta Eorpach ó Fhianna Fáil as Gaillimh. Mar a tharla sé ní raibh airsean seasamh sa toghachán Eorpach deireanach óir tugadh an post dó i ndiaidh do Theachta Eorpach eile éirí as. Anois, is cosúil go bhfuil ceannaireacht an pháirtí den tuairim gur chóir go seasfadh Frank Fahey sa suíochán seo. Creideann an ceannaireacht go bhfuil níos mó seans ag Fahey an suíochán a choinneáil toisc go bhfuil níos mó clú (nó mí-chlú) air mar Aire Stáit.

D'fhoilsigh an ceannaireacht torthaí phobalbhreithe le déanaí a léirigh go raibh i bhfad níos mó tacaíochta ag Fahey ná ag Ó Neachtain. Ar ndóigh, ceistíonn lucht tacaíochta Uí Neachtain fiúntas agus údarás na pobalbhreithe seo.

Ag comhdháil de chuid Fianna Fáil i gCo. na Gaillimhe an seachtain seo chaite, ritheadh rún ag moladh do Fahey gan seasamh do thoghachán na hEorpa ar chor ar bith agus glacadh leis an rún, beagnach d'aon guth.

Anois, is cuma sa tsioc liomsa cad é an cineál coimhlinte a bhíonn ar siúl taobh istigh de Fhianna Fáil. Le fírinne, cuirim na mílte míle fáilte roimh gach uile achrann ina measc. Tá siúl agam go bhfásfaidh a thuilleadh mí-shástachta, go bhforbóidh siad scoilteanna agus go mairfidh siad céad bliain eatarthu. Ach, is é an rud nach dtuigim go díreach ná an fáth a bhfuil argóint eatarthu.

Mar phoblachtánaigh, táimid uilig breá cleachtaithe le scoilteanna taobh istigh den ghluaiseacht. Ó bunaíodh stát na sé chontae is fiche, níl a fhios agam cé mhéad achrainn a mhair idir phoblachtánaigh. De ghnáth, áfach, is de bharr polasaí bunúsach éigin a thosaíonn an achrann.

Maidir leis an choimhlint idir Fahey agus Ó Neachtain, níl i gceist i ndáiríre ach argóint pearsanta idir 'mé-féiner' amháin agus 'mé féiner' eile. Ní ar mhaithe le pobal na tíre a mhaireann an argóint idir an dhá dream ach ar a son féin.

Is cuimhin linn anuraidh go raibh muid uilig ag fanacht ar dhuine taobh istigh den eagraíocht Fhianna Fáil seasamh mórálta a ghlacadh ar son mhuintir na hIaráice. Ní raibh oiread agus Teachta Dála aonarach amháin ábalta an méid sin a dhéanamh agus a rá leis an cheannaireacht nach raibh siad sásta aerphort na Sionna a thabhairt do fhórsaí mhíleata SAM.

Mar aon leis sin, cloisimid ionadaithe ón pháirtí ag caint agus ní féidir leo tuairimí a nochtadh as siocair nach bhfuil na polasaithe pléite acu leis an pháirtí daonlathach go fóill. Is ionann sin agus a rá nach bhfuil an 'líne' tugtha dóibh ón cheannaireacht ag an am.

Tuigtear go bhfuil roinnt baill de Fhianna Fáil mí-shásta maidir leis an seasamh atá glactha ag an pháirtí i dtaca le stadas oifigiúil a aimsiú don Ghaeilge taobh istigh den Aontas Eorpach. Is cosúil gur éirigh leis an cheannaireacht an dream seo a choinneáil ciúin agus faoi chos.

Creidim gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim againn ón choimhlint seo idir Fahey agus Ó Neachtain ná go mbaineann Fianna Fáil le daoine atá ag iarraidh dul leis an pholaitíocht mar slíte beatha agus nár chóir do éinne raic a thógáil ar phointí polasaithe nó beidh slí beatha an duine sin go mór i mbaol.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is é fear na fianaise is mó a chíonn an racán.'

Is dócha go dtig linn uilig ról 'fear na fianaise' a ghlacadh anois is arís.

Gluais

clamhairt bickering

ainmniúchán nomination

ceannaireacht leadership

pobalbhreith opinion poll

comhdháil convention

achrann/coimhlint dispute

ionadaithe representatives

Buaileann Sinn Féin le Stádas

Bhuail ceannaire Shinn Féin sa Dáil Caoimhghin Ó Caoláin TD agus úrlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Aengus Ó Snodaigh TD le ionadaithe an fheachtais Stádas i dTeach Laighean ar an Déardaoin, 12 Feabhra. Ag athdhearbhú tacaiocht Shinn Féin don bhfeachtas, dúirt An Teachta Ó Snodaigh:

"Dúirt an tAire Ó Cuiv le feachtas Stádas go bhfuil coiste bunaithe ag an Rialtas anois chun ceist stadais na Gaeilge san Aontas Eorpach a phlé. Ni chóir don Rialtas an coiste a usáid mar cúis moille. A mhalairt ar fad - ba chóir don Rialtas aontú anois i bprionsabal le stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge a fháil agus an próiséas a chur i bhfeidhm chun go mbeidh an Ghaeilge ar chomhcéim leis na teangacha eile atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach Lá Bealtaine. Beidh an t-éileamh sin á chur go leanúnach againn chun an Rialtas."


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland