15 January 2004 Edition

Resize: A A A Print

Peadar Ó Doirnín

BY AN DRAOI RUA

Leaving Cert students mightn't thank him, but this famous Ulster poet was born 300 years ago and will be commemorated this year.

Beidh file mór de chuid Chúige Uladh le comóradh i mbliana. Rugadh Peadar Ó Doirnín in aice le Dún Dealgan 1704. Bhí sé ina mháistir scoile i bhFoircheall i gCo. Ard Mhacha. Scríobhaí a bhí ann chomh maith a chaith cuid mhaith dá shaol ag caomhnú na lámhscríbhinní Gaeilge agus tá cóip de 'Táin Bó Cuailnge' ina measc siúd. Deirtear gur mhinic a bhíodh sé ar an drabhlás, caitheamh aimsire a bhí ag neart filí, is cosúil.

Tuigimid gur chaith sé tréimhse i gCúige Mumhain ag foghlaim ceird na filíochta ach chaith sé formhór a shaoil thart fá Chúige Uladh.

Cuirtear suim ar leith sa dán 'Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte' sa la inniu go fóill. Mar a tharlaíonn sé, tá an dán clúiteach seo uaidh ar an chúrsa Ardteiste i mbliana. Níl féidir a bheith cinnte, áfach, an bhfuil anam an fhile sásta go maireann a chlú ar mhaithe le daltaí meánscoile comhaimseartha.

Tá Cnoc Chéin Mhic Cáinte suite dhá mhíle ó Dhún Dealgan. Deirtear go bhfuil Cian Mac Cáinte, athair Lugh Lámhfhada, curtha sa chnoc seo, rud a chuireann go mór le draíocht na háite.

Tá an grá mar théama láidir sa dán 'Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte' ach tá éalúchas ann chomh maith. Mar aon leis sin, is léir go bhfuil grá don dúlra ann fosta. Faraor, léiríonn neart filí a linne a ghrá don nádúr. Feictear go bhfuil gnéithe de na dánta grá clasaiceach agus gnéithe de dhánta grá na ngnáthdhaoine le fáil sa dán seo freisin. Tá struchtúr amhráin grá clasaiceach sa dán ina bhfuil an file ag fulaingt le 'galar an ghrá'. Ní amháin sin ach tá téama litríocht na ngnáthdaoine ann sa chuireadh a thugann an file dá leannán gabháil ina theannta go Párrthas, Cnoc Chéin Mhic Cáinte, áit a dtig leis grá a bhlaiseadh gan beann ar mhoráltacht.

Tuigimid gur chum Peadar Ó Doirnín 'Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte' agus é i ngleic le file eile mar gheall ar an ghrá a bhí acu beirt do bhean óg darbh ainm Nuala. Scríobh Mánas Mac Ardail dán eile nuair a chuala sé dán Uí Dhoirnín dar teideal 'Dá dtiocfá liom, a Nuala, ba bhuan a bheadh m'aigne slán'.

Bhí bua an ghrinn ag Ó Doirnín chomh maith agus ba mhinic a bhíodh ábhar greannmhar á láimhseáil aige. Tá sampla maith den ghreann le léamh in 'Eachtra an Ghearráin Bháin'. Tharla nach raibh de mhodh taistil aige ach seanchapall caite agus é ag pilleadh ar cuairt ar Dhún Dealgan. Chuir sé síos ar an tseanchapall agus seanlaochra uile na hÉireann ag marcaíocht air tráth. Cinnte, bhí sé chomh sean sin go raibh sé ag Ádhamh fadó fadó.

Bhí an ghreann níos seirbhe sa dán 'Suirghe Mhuiris Uí Ghormáin'. Máistir scoile ab ea Muiris Ó Gormáin agus scríobhaí Gaeilge a bhí ann fosta. Tuigimid ón dán gur bhain Ó Gormáin feidhm as an 'Bhéarla ghránna' ar mhaithe le cur ina luí ar chailín gur dhuine uasal é a raibh tabhairt suas air - sin an fáth ar bhain sé spochadh as, bhuel nach raibh sé tuillte aige?

Fuair Peadar Ó Doirnín bás sa bhliain 1768 agus tá sé curtha i reilig Urnaí, i gCo. Lú.

Seanfhocal na Seachtaine

'Bhí féith na filíochta ann.'

Seans go mbeidh oilithreacht ar Chnoc Chéin Mhic Cáinte agus filí an lae inniú sa tóir ar an fhéith chéanna.

Gluais

comóradh commemoration

clúiteach famous

comhaimseartha modern

éalúchas escapism

leannán lover

modh taistil mode of transport

suirí (Suirghe) courtship


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland