Top Issue 1-2024

18 December 2003 Edition

Resize: A A A Print

An Spideog

Spideog

Spideog

There's a lot more to the wee robin than the odd Christmas card, reports

AN DRAOI RUA

Deirtear go bhfuil beagnach gach duine i ngrá leis an spideog agus nach ndéanfadh duine ar bith dochar di ar ór na cruinne. Ní bhaintear leis na healaí mar gheall ar Clann Lir ach is cosúil go bhfuil ceangal ar leith ag an spideog orainn nach ligeann dúinn baint léi ach oiread.

Bhuel, tá drochádh i ndán dóibh siúd a dhéanann dochar don spideog. Má bhriseann duine uibheacha spideoige, creidtear go gcaillfeadh an duine céanna neart earraí dá chuid féin. Má ghoidtear uibheacha ón nead, beidh an té ciontach faoi thionchar an dhiabhail. Má bheireann duine greim ar spideog agus í a chur i gcliabhán, is cinnte go mbeidh tubaiste uafásach i ndán dó. Níos measa fós má maraítear spideog gan fáth — gach seans go mbeidh lámh an duine ar crith go dtí go gcuirtear san uaigh é nó go mbeidh a theach dóite go talamh. I gcultúir éagsúla, creidtear gur peaca millteanach é a mharú toisc go bhfuil braoinín Dé ina corp. Cibé ar bith, ní moltar d'éinne dochar ar bith a dhéanamh don spideog.

Nótaí beaga ceolmhara a bhíos ag an spideog agus bíonn an chearc agus an coileach beirt ag canadh. Déanann siad ceol i rith na bliana ach amháin i mí Iúil nuair a bhíonn siad ag cur na gcleiteach. Má fheictear spideog ag ceol go hard sna crainn, tá aimsir maith geallta.

Tá an coileach agus an chearc díreach cosúil lena chéile. Cruthaíonn seo roinnt fadhbanna don spideog go minic. Is éinín ceantrach an coileach agus é de shíor ag cosaint a chríochtheoranna ó choiligh eile. Fiú nuair a thagann cearc ar cuairt chuige, déanann sé a sheacht ndícheall í a ruaigeadh chomh maith. Tuigtear go nglacann sé tamall don choileach an chearc a aithint mar baineann, sula dtugtar cead di fanacht ina thimpeall.

Is éinín iontach fiosrach í an spideog agus is cosúil nach bhfuil mórán eagla uirthi roimh an duine. Is minic a chaitheann spideog lá taobh le garraíodóir ag obair i ngairdín. Ní bhíonn sí ar dhóigh ar bith cutháileach agus go minic tagann spideog isteach i dteach i rith an gheimhridh go háirithe. Deirtear áfach, go mbeidh geimhreadh crua ann má thagann spideog isteach sa teach go luath sa gheimhreadh ach b'fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil ocras ar an spideog.

Ós rud é go mbíonn an spideog thart ar an teach go minic agus nach gcuireann muintir an tí mórán eagla air, baineann tuismitheoirí leas aisti agus iad ag inse dá bpáistí gur spiaire de chuid Dhaidí na Nollag atá inti agus go mbeidh sí ag insint scéalta dó nuair atá buachaillí agus cailíní dána sa teach. Sa Ghearmáin, creideann muintir na tíre sin go gcosnaíonn an spideog teach ó thine.

Anois, tá a lán scéalta éagsúla ann fán dóigh a tháinig an dearg ar a brollach. Is maith leis na Críostaithe a inse dúinn gur chruinnigh an spideog go hómósach na deora fola a thit ó Íosa Críost, rud a d'fhág a brollach dearg.

Bhí cumhacht osnádúrtha bainte leis an dearg i gcónaí. Creideadh riamh gur thug an dearg 'beatha' do dhaoine. Dá bhrí sin tá dearcadh ann gurb í an spideog a thug tine don duine. I leaganacha eile den scéal, deirtear gurb é an dreoilín a ghoid tine ó Ifreann ach gur chuidigh an spideog leis. Fágadh an dreoilín dóite agus brollach dearg ar an spideog. Deirtear linn go ndearna an bheirt seo a ndícheall tinte Ifrinn a mhaoladh agus iad ann. Mar chuimhne ar na heachtraí seo, imrítear cluiche darbh ainm 'Robin's alight' i measc páistí ina chuireann siad bata trí thine thart i gciorcail go dtí go múchtar é.

Ní amháin go bhfuil an spideog bhroinndearg cairdiúil le daoine beo ach tuigtear go bhfuil sí mór leis na mairbh chomh maith. Creidtear go mbíonn sí ag tabhairt aire do na corpáin go dtí go gcuirtear sa chré iad. Tá scéalta éagsúla ann ag cur síos ar an spideog ag clúdach marbhán le duilleoga agus le caonach i gcoillte agus in amanta eile ag canadh go brónach taobh le duine marbh.

Cibé ar bith, beirigí bua agus beatha don fhéile!

Seanfhocal na Seachtaine

'Éan coilm ar cheansa.'

B'fhéidir go bhfuil éan beag ciúin in amanta ach is féidir leis raic a thógáil chomh maith.

Gluais

ór na cruinne all the gold in the world

ceangal ar leith special connection

drochádh bad luck

ag cur na gcleiteach shedding feathers

ceantrach territorial

críochtheoranna boundaries

fiosrach curious

cutháileach shy

broinndearg redbreast

corpán/marbhán corpse

caonach moss

Aitheantas don Ghaeilge

Lorgóidh páistí Éireannacha bronntanas luath ar Dhaidí na Nollag le cárta Nollag ollmhór lasmuigh de oifigí Choimisiúin na hEorpa ar Sráid Dawson i mBaile Átha Cliath Dé hAoine an 19ú Nollaig ar 11 rn. Aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach a theastaíonn ó na páistí.

Le fairsingiú na Bealtaine seo chugainn, beidh 20+ teanga oifigiúil ag an Aontas, mionteangacha ar nós Slóivéinise agus Mailtise (a bhfuil c.380,000 cainteoirí aici ar nós na Gaeilge) san áireamh ach níl aon rún an stádas sin a thabhairt don Ghaeilge.

Ciallaíonn sé sin:

• Nach bhfuil dlí an Aontais Eorpach, a chuirtear i bhfeidhm go díreach i gCúirteanna na hÉireann ar fáil as Gaeilge;

• Is gá eolas ar 2 theanga oifigiúil den AE ar a laghad chun post a fháil leis an Aontas ach táimid faoi mhíbhuntáiste mar ní féidir linn Gaeilge a áireamh - fiú mar máthairtheanga nó dara theanga nó tríu theanga.

• In ainneoin go mbeimid ag íoc isteach i gciste aistriúcháin an AE (a chosnaíonn €2 an duine sa bhliain faoi láthair) séanfar cáipéisí riachtanacha orainn as Gaeilge agus ní bheidh oiread postanna ann do aistritheoirí Gaeilge.

Is í Éire an t-aon Bhallstát nach bhfuil a teanga náisiúnta ina teanga oifigiúil den AE. Ní gá don Rialtas ach a iarraidh go mbeadh Gaeilge san áireamh anois.

• Leasófar dlí an AE (Rialachán Comhairle 1/1958) chun Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Seicis, Slóvacais, Ungáiris, Slóivéinis agus Máltais a chur isteach mar aon leis na teangacha reatha: Béarla, Danmhairgis, Duitís, Fionnlannais, Fraincis, Gearmánais, Gréigis, Iodáilis, Poirtingéilis, Spáinnis agus Sualannais.

Is é an grúpa STÁDAS atá ag eagrú an preas-ócáid.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland