11 December 2003 Edition

Resize: A A A Print

Tír na dTimpeallána

With yet another bypass opened in Kildare, AN DRAOI RUA asks if we now live in a 'land of roundabouts' and if so, is it to our advantage?

Chuir áititheoirí Bhaile Chill Dara fáilte is fiche roimh an chuarbhóthar nua thart ar an bhaile nuair a fosclaíodh é Dé Luain seo chaite. Ní raibh muintir Mhainistir Eimhín ar aon intinn acu óir tá fadhbanna trácht Chill Dara i ndiaidh bogadh go baile s'acusan. Is cosúil nach féidir deacrachtaí tráchta a leigheas chomh furasta sin ar chor ar bith.

Is cuimhin liom cara de mo chuid ag caint faoin mhéid chuarbhóithre a bhí tógtha in Éirinn le déanaí. Ar ndóigh, gach uair a osclaítear cuarbhóthar, deirtear linn go mbeidh deich mbomaite eile gearrtha den turas. Agus sin ar eolas againn dúirt mo chara go raibh an oiread sin cuarbhóithre oscailte idir Bhaile Átha Cliath agus Gaillimh le fiche bliain anuas gur chóir nach nglacfadh sé ach fiche bomaite dul trasna na tíre. Faraor, ní mar a shíltear a bhítear.

Cúpla mí ó shin, d'fhógair 'Transport Investment and Economic Development' go raibh taighde déanta acu ar fud na cruinne ar ghluaisteáin. Mar a tharlaíonn sé, léirigh a gcuid torthaí go bhfuil Éire ar an tsochaí is mó a bhrathann ar an ghluaisteáin. Tháinig an méid seo chun solais tamaillín sular eagraíodh lá náisiúnta ag moladh do dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.

Le fírinne, ní thiocfadh a rá gur éirigh go hiontach leis an fheachtas 'Fág an Gluaisteáin'. Is cosúil nach bhfuil an dara rogha ag daoine ach a bheith ag brath ar ghluaisteáin. Is scannallach córas iompair na tíre seo.

Is cuimhin liom go raibh mana ag Bus Éireann roinnt blianta ó shin; 'We go further to get you there!'. Cinnte, is iomaí duine a chaith uaireanta breise ar bhus agus iad ag dul tríd bailte beaga na hÉireann ar a mbealach. Mar shampla, glacann sé uair a chloig dul ó chathair na Gaillimhe go Clochán; is féidir Bus Éireann an turas céanna a dhéanamh taobh istigh de cheithre uair go leath. Ar a laghad, is féidir lena gcustaiméirí a rá go bhfaigheann siad luach a gcuid airgid agus níos mó uair a chloig caite acu ar suíocháin ag taisteal agus ag breathnú ar radharcanna breátha na tíre.

Tá córas traenach na tíre lochtach fosta. Ní go leor bóithre iarainn ar fud na tíre agus a bhí fadó agus tuigimid go bhfuil neart dúnta thar na blianta deireanacha. Cinnte, chuimhníonn muintir Ghaoth Dobhair ag fágáil slán lena ngaolta ag stáisiún Chaiseal na gCorr in aice le Gort a' Choirce i dTír Chonaill. D'imigh a lán Gaeil ar an traen ansin go Doire leis an bhád mhór a fháil agus an tír a fhágáil. Le bánú na Gaeltachta ansin, druideadh an stáisiún traenach. Níl ansin ach sampla den chóras traenach a bhí ann in Éirinn tráth. Ar an drochuair, ligeadh dó titim as a chéile ina dhiaidh sin.

Tuigimid go bhfuil 'Tír na dTimpeallána' cruthaithe in Éirinn le blianta beaga anuas. Cinnte, cuidíonn a leithéid leis na comhlachtaí ghluaisteáin agus an margadh ola a thuilleadh brabúis a dhéanamh. Ní ar mhaithe le tírghrá na tíre a cruthaítear na cuarbhóithre seo ach ar son lucht an rachmais. Tá éileamh ollmhór ar fud na tíre le córas iompair póiblí a fhorbairt ach is cosúil nach bhfuil rialtas na tíre sásta freastal ar an éileamh céanna.

Seanfhocal na Seachtaine

'Giorraíonn beirt bóthar.'

B'fhéidir go bhfuil an méid seo fíor, ach nuair a cuirtear i bhfad níos mó ná beirt ar bhóthar, bíonn neart fadhbanna tráchta ann.

Gluais

cuarbhóthar bypass

taighde research

sochaí society

mana motto

luach a gcuid airgid their money's worth

bóithre iarainn railroad

gaolta relatives

éileamh demand


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland