4 December 2003 Edition

Resize: A A A Print

Leanfar le Agóidí

BY AN DRAOI RUA

AN DRAOI RUA explains why the Irish Anti-War Movement is organising a protest at Shannon Airport this Saturday 6 December.

Is cosúil go bhfuil ciúnas marfach le cloisteáil ón rialtas i dtaobh na hIaráice fá láthair ach leanfar le agóidí síochánta le aird an phobail a dhíriú ar na fadhbanna éagsúla atá cruthaithe de bharr na cogaíochta. Dé Sathairn seo chugainn, 6 Nollaig, beidh Gluaiseacht Frith-Chogaíochta na hÉireann i mbun agóide ag aerphort na Sionnainne.

Tá sé i gceist ag lucht agóide gníomhaíocht aimhrialta sibhialta a eagrú agus bac a chur ar an aerphort é féin sa dóigh is go mbeidh ar an aerphort a dhruideadh le linn na hagóide nó go mbeidh gnó an aerphoirt curtha trína chéile ar fad.

Tuigimid cad chuige ar mhaith le daoine feachtas mar seo a eagrú nuair atá comhthéacs agus cúlra an scéil ar eolas againn. Mar is eol dúinn, tá breis agus 100,000 saighdiúir i ndiaidh taisteal tríd an aerphort i mbliana. De réir na staitistící, chuaigh suas le 10,000 saighdiúir armtha ar 141 eitleáin cogaíochta i Meán Fómhair amháin. I ndáiríre, tá aerphort na Sionnainne anois mar chuid den inneall cogaíochta SAM. Tá 'armphort SAM' déanta d'aerphort sibhialta na Sionainne.

Mothaíonn lucht agóide nach bhfuil an dara rogha acu ach a leithéid de fheachtas a eagrú. Níor tugadh mórán airde don phobal agus na mílte ag súil na bóithre i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus ar fud na cruinne le linn lá idirnáisiúnta i Mí Feabhra seo chaite. Ó shin, tá na mílte maraithe agus leantar l'ionsaithe ar an dá thaobh go fóill. Go simplí, tá a fhios ag madaidh na sráide nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic i Mí an Mhárta agus nár chóir tacú leis an chogadh ar dhóigh ar bith.

Agus lucht agóide ag eagrú don 6 Nollaig, tá Fintan Lane, Oifigeach Chaidrimh Phóiblí an Ghluaiseacht Frith-Chogaíochta, i ngéibheann i láthair na huaire. Tógadh os comhair na cúirte é as a bheith mar chuid den dream a chuaigh isteach ar thalamh an aerphoirt gan cead 12 Deireadh Fómhair 2002. Ciontaíodh é agus gearradh €750 air. Dúradh leis go raibh trí mhí aige leis an fíneáil a íoc nó go mbeadh air 60 lá a chaitheamh i bpríosúin. I ráiteas a thug sé sular cuireadh istigh i bpríosúin Luimnigh, dúirt sé nár íoc sé an fíneáil óir gurbh ionann sin agus a admháil go raibh rud éigin mí-cheart déanta aige. Níl aifeáltas ar bith air as rud ar bith a rinne sé toisc gur gníomh coinsiasa a bhí ann.

Is beag duine atá in ann a rá go dtacaíonn siad leis an fheachtas mhíleata ach, ar an drochuair, níl an oiread sin polaiteoirí ag labhairt amach ina choinne. Ní maith an rud go bhfuil duine ar bith maraithe san Iaráic, is cuma cén taobh atá i gceist. Cinnte, is mór an trua nár tugadh cluas le éisteacht don ghluaiseacht síochánta ag tús na bliana.

Creidtear go mbeidh scaifte ollmhór ag teacht le chéile i gcroílár Bhaile na Sionnainne ag 2.00 i.n. Dé Sathairn 6 Nollaig. Beirigí bua.

Seolfar

Saol an Mhadaidh Bháin

leis An Draoi Rua

Ag na hócáidí seo a leanas:

• Seolfaidh Séamas Mac Annaidh an leabhar sa Chultúrlann, Béal Feirste, Satharn 6 Nollaig ag 1.00 i.n.

• Beidh Ré Ó Laighléis lena sheoladh i gClub Arás na nGael, Gaillimh, Déardaoin 11 Nollaig ag 8.30 i.n.

• Seolfar arís é ag Tomás Mac Lochlainn i Maggie Mays, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, Aoine 12 Nollaig ag 8.30 i.n.

Seanfhocal na Seachtaine

'Níl tuile ó mhéid nach dtránn.'

Is cuma cé chomh láidir is atá an bhréag i gcumhacht beidh an bua ag an cheart i ndeireadh na dála.

Gluais

ciúnas marfach deadly silence

gníomhaíocht

aimhrialta sibhialta acts of civil disobedience

comhthéacs context

lucht agóide protestors

Oifigeach Chaidrimh Phóiblí Public Relations Officer

Gluaiseacht Frith-Chogaíochta Anti-War Movement


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland