Top Issue 1-2024

13 November 2003 Edition

Resize: A A A Print

A Draoi Rua - Ná ceannaigí a dhath!

AN DRAOI RUA highlights a different kind of festival 'Buy Nothing Day', which falls on 28 November.

Mar a tharlaíonn sé tá féile 28 Samhain beagnach anuas orainn. Cad atá i gceist san fhéile seo a deir tú? Bhuel, b'fhéidir nach bhfuil a fhios ag an phobal mhór i gcoitinne go fóill ach seo féile ina iarrtar ar dhaoine de gach creideamh páirt a ghlacadh ann.

Is féile ilchreidmheach é seo agus féile neamhchreidmheach é san am céanna agus creidtear go mbaineann cách lán-sásamh as páirt a ghlacadh san fhéile áirithe seo. Is é an buaicphointe den fhéile seo ná nach gá a dhath ar bith a cheannach le ceiliúradh a dhéanamh.

'Ná ceannaigí a dhath 28 Samhain' an teachtaireacht atá le cur os comhair an phobail. Shílfeá go mbeadh lúchair agus ómós ag daoine tacú leis an choincheap seo ach leis an fhírinne a rá ní amhlaidh mar atá an scéal.

Tuigtear go gcuireann a leithéid isteach go mór ar lucht meán-aicmeach na tíre atá de shíor ag smaointiú fá liosta na Nollag cheana féin. Níor mhaith leo fadhb coinsiasa a bheith acu ná lá siopadóireachta a chailleadh.

Dé Luain seo chaite, bhí mé in ollmhargadh áitiúil agus d'iarr m'iníon cúig bliana d'aois cad chuige a raibh rudaí na Nollag ar díol? Tuigtear go bhfuil sé seachtain an-fhada, dar le cailín beag óg. Is beag a bhí mé in ann a rá léi ach go raibh na siopadóirí an-amaideach ag iarraidh rudaí a dhíol chomh luath sin. D'aontaigh sí go hiomlán liom agus d'inis sí do lucht na siopaí go raibh siad iontach bománta ag díol earraí na Nollag cheana féin.

Ar an drochuair, níl daoine fásta ná lucht an rachmais ar aon intinn le cailín cúig bhliain d'aois. Tá an rása, an fhógraíocht, an bolscaireacht agus cacamas na Nollag faoi lánsheol i gceart. Is ionann sin agus a rá go mothaíonn neart daoine faoi bhrú anois earraí nach bhfuil de dhíth ag éinne a cheannach.

Le déanaí, d'fhógair St. Vincent de Paul go bhfuil méadú ollmhór glaoigheanna gutháin acu i mbliana. Faraor, tá méadú 94% de dhaoine ag glaoch isteach ar an dream charthannachta seo agus níl an-bhrú iomlán curtha i bhfeidhm ar dhaoine go fóill.

Léiríonn a leithéid de staitisticí go bhfuil costas an bheatha trom go leor ar dhaoine gan a bheith ag trácht ar an strus atá i gceist leis an Nollaig. Cinnte, is léir go bhfuil stáit na 26 chontae ar cheann de na áiteacha is costasaí san Eoraip le cónaí a dhéanamh ann.

Déanfar dearmad fána lán daoine i gcruachás um Nollag. Tá neart daoine ar fud na cruinne gan bunriachtanais mar bhia, uisce, foscadh, cóir leighis agus bun-oideachas. B'fhearr i bhfad tacú leo siúd ná an iomarca airgid a chaitheamh ar son lucht an rachmais.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fusa scaipeadh ná cruinniú.'

Is dócha go bhfuil leagan eile den seanfhocal céanna le fáil i 'Ní bhainfeá san fhómhair muna gcuirtear san earrach'.

Gluais

ilchreidmheach multi-denominational

neamhchreidmheach non-religious

buaicphointe highlight

coinceap theory

ollmhargadh supermarket

bolscaireacht propaganda

costas an bheatha cost of living


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland