Top Issue 1-2024

30 October 2003 Edition

Resize: A A A Print

Tuán

Ós rud é go bhfuil an geimhreadh beagnach anuas orainn, shíl mé gur chóir dom tagairt a dhéanamh do Tuán, anam ceilteach uasal a mhair na cianta fadó. Cé go bhfuil tús á chur leis an gheimhreadh agus an méid sin machnamh ar an bhás, ní chéart dearmad a dhéanamh gur seo tús na bliana úire ach oiread.

Creidtear gur gaiscíoch saibhir go leor a bhí i dTuán agus gur chónaigh sé in aice le Magh Bhile, i gCo. an Dúin. Tharla go raibh Naomh Finnian sa cheantar agus rinne sé iarracht cuairt a chur air.

Dhiúltaigh Tuán fáilte a chur roimhe ach thosaigh Finnian ar troscadh ina choinne. Sa deireadh, thug Tuán cead do Fhinnian teacht isteach. D'fhiafraigh an naomh dó cérbh é féin agus d'inis Tuán gur mhair sé suas le naoi gcéad bliain.

Ar dtús, mhair sé céad bliain nuair a rugadh é. Mac le Starn a bhí ann agus deartháir le Parthalán chomh maith. Creidtear go raibh Tuán agus a dheartháir Parthalán ar chuid de na céad daoine a tháinig i dtír in Éirinn.

Ina dhiaidh sin, chaith Tuán ochtú bliain mar fhia, fiche bliain mar thorc allta, céad bliain eile mar iolar agus fiche bliain eile mar bhradán. D'ith bean chéile Cairill é mar bhradán agus tháinig sé ar ais i gcruth daonna arís nuair a rugadh é mar mhac dóibh ina dhiaidh sin.

D'éirigh sé sean i gcruthanna éagsúla ach rugadh arís é i gcruthanna nua eile. Ós rud é gur mhair sé chomh fada sin i gcruthanna difriúla, bhí eolas agus taithí ag Tuán ar gach uile rud a tharla in Éirinn ó aimsir Pharthaláin go dtí tréimhse Naomh Finnian. Dá bhrí sin, thapaigh Finnian an deis stair na hÉireann a bhreacadh síos ó bhéal Tuáin agus é sean. Creidtear gur scríobhadh síos an scéal seo faoi Tuán ar dtús sa naoú haois.

Ar ndóigh, tuigtear go raibh tuiscint ar leith ag Tuán ar an dúlra as siocair gur chaith sé tréimhsí i gcruthanna éagsúla. Seo a leanas leagan de dhán ársa ina thaobh:

'Is mise an ghaoth ag séideadh thar mhuir,

is mise tonn na farraige móire,

is mise tarbh na seacht gcatha,

is mise an t-iolar ar charraig,

is mise deor na gréine,

is mise an planda is gile,

is mise torc misneach,

is mise bradán san uisce,

is mise loch ar an mhachaire,

is mise domhan an eolais,

is mise bior an ghae bholga,

is mise an dia a chruthaíonn tine sa chloigeann,

a chaitheann solas ar an sliabh,

a thuarann aois an ghealaigh,

agus a threoraíonn áit luí na gréine.'

Athbhliain ceilteach faoi mhaise daoibh uilig!'

Seanfhocal na Seachtaine

'Is fada a leanas an dúchas.'

Níl amhras ar bith ann ach gur mhair Tuán i bhfad agus gur fhoghlaim sé neart faoin dúlra. Seans go bhfuil sé ag foghlaim go fóill.

Gluais

na cianta fadó ages ago

gaiscíoch warrior

troscadh fasting

torc allta wild boar

cruth daonna human form

gae bolga battle spear

tuarann foretells

treoraíonn guides


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland