Top Issue 1-2024

2 October 2003 Edition

Resize: A A A Print

Na Úrscéalta Gaeilge is fearr?

BY AN DRAOI RUA

Statue of Padraig O Conaire

Statue of famous Irish author Padraig O Conaire

In response to The Irish Times' quest to find the greatest Irish novel, AN DRAOI RUA thought it might be appropriate to suggest a few 'as Gaeilge'.

Tá toghachán ar siúl fá láthair ag 'The Irish Times' agus iad ag iarraidh 'The greatest Irish novels' a aimsiú. Ar an drochuair, caithfidh na húrscéalta seo a bheith scríofa i mBéarla. Tá treoir tugtha acu ina bhfuil liosta de chaoga úrscéal acu agus ansin iarrann siad ar léitheoirí an nuachtáin na deich gcinn is fearr leo as an liosta a roghnú.

Caithfidh mé a admháil go raibh cineál díoma orm nach raibh úrscéal ar bith as Gaeilge curtha san áireamh. An é go gcreideann lucht liteartha na tíre seo nach bhfuil litríocht na nGael ar chaighdeán sásúil go leor? B'fhéidir, áfach, go mbeadh sé níos fearr toghachán den saghas céanna a bheith ann ar mhaithe leis an úrscéal Gaeilge is fearr a aimsiú.

Ós rud é go raibh an smaioneamh seo ag rith trí mo chloigeann, d'oscail mé leabhar taighde a bhí ar mo sheilf ó bhí mé ar an ollscoil. 'An tÚrscéal Gaeilge' le Alan Titley a bhí ann. Anois, níl mé a rá gur thosaigh mé á léamh arís ó thús go deireadh ach d'fhéach mé ar clár na n-úrscéalta Gaeilge a bhí aige ar chúl.

Ar an chéad dul síos, ba mhaith liom a rá nach bhfuil an liosta úrscéalta ag Titley suas chun dáta. Foilsíodh an leabhar taighde seo i 1991, rud a fhágann deireadh an liosta i 1990. Ba cheart dom a rá fosta go bhfuil sé deacair dom na deich gcinn is fearr a roghnú as 160 toisc nach bhfuil siad uilig léite agam. Sea, ba chóir dom dul ar ais chuig an leabharlann.

Cibé ar bith, seo deich n-úrscéal a roghnaigh mé as liosta Titley. Bheartaigh mé gan áit ná uimhir ar leith a thabhairt dóibh, óir dar liom go bhfuil siad uilig maith. Is iad na gcinn is fearr liom féin de réir ord a bhfoilsithe ná:

  • 'Deoraíocht' le Padraic Ó Conaire a foilsíodh i 1910. Tugtar léiriú ar shaol deoraí ó Éirinn i Londain agus leathnaigh an Conaireach scóip na nua-litríochta leis an saothar seo. Cinnte, cuimhnítear air as 'M'asal Beag Dubh' a scríobh thar aon rud eile.
  • 'Caisleáin Óir' le Séamus Ó Grianna a cuireadh i gcló i 1924. Bhí Gaeltacht Thír Chónaill mar shuíomh ag 'Máire' agus chuir a shaothar canúint Chúige Uladh go mór chun cinn i scríbhneoireacht na Gaeilge. Lean sé ag scríobh leis le breis agus daichead bliain. I measc saothair eile a d'fhoilsigh sé bhí; 'Cith is Dealán' 1926, 'Nuair a bhí mé Óg' 1942, 'Saol Corrach' 1945, 'Tairngreacht Mhiseoige' 1958 agus a lán eile.
  • 'An Béal Bocht' le Myles na gCopaleen a foilsíodh i 1941. Cé gur i mBéarla a scríobh sé na húrscéalta is mó a thuill clú dó, caithfidh an leabhar seo a mheas i saothar an duine seo a raibh dhá ainm eile air; Brian Ó Nualláin agus Flann O'Brien. Creidim go bhfuil an leabhar seo ar an úrscéal is mó díol i nGaeilge, tá sé eagrán foilsithe agus é léite agam arís is arís eile.
  • 'Cré na Cille' le Máirtín Ó Cadhain a foilsíodh i 1949. Tá an t-úrscéal seo scríofa i bhfoirm agallaimh idir na mairbh i reilig i mbaile beag i gConamara. Léiritear an t-éad, an fuath agus an t-achrann idir dhaoine i saol atá bocht agus cúng. Tá scoláirí den tuairim gurb é Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na NuaGhaeilge. Bhí sé ina mháistir ar ollshaibhreas chanúint Chonnacht agus é iontach ionraic agus lándáiríre faoina ghairm. Tá cnuasaigh gearrscéalta agus paimfléidí suimiúla foilsithe aige chomh maith
  • 'L'Attaque' le Eoghan Ó Tuairisc a cuireadh i gcló i 1962. Is úrscéal stairiúil den scoth atá anseo atá suite i dtréimhse 1798 agus na Francaigh ag teacht i dTír. Is iomaí gné den litríocht Gaeilge cleachtaithe ag an údar seo, iriseoireacht, drámaí, filíocht agus úrscéalta. Tá cuntas samhlaíoch ar Sheachtain na gCásca san úrscéal 'Dé Luain' a foilsíodh i 1966.
  • 'An Uain Bheo' le Diarmuid Ó Suilleabháin a foilsíodh in 1968. Tá an t-úrscéal seo domhan go leor ach mar scríbhneoir cumasach nua-aoiseach, bhéarfadh sé ábhar machnaimh don léitheoir i gcónaí. Seo a leanas cuid den saothar eile atá foilsithe aige: 'Súil le Muir' 1959, 'Dianmhuilte Dé' 1964, 'Caoin tú Féin' 1967, 'Trá agus Tuilleadh' 1967, 'Muintir' 1971, agus 'Maeldún' 1972.
  • 'An Druma Mór' le Seosamh Mac Grianna a foilsíodh i 1969 cé gur scríobhadh é breis agus tríocha bliain roimhe. Is saothar é seo a bhaineann le saol pobail i mbaile fearainn de chuid Ghaeltacht Thír Chonaill agus an príomhcharachtar Proinsias Bheagaide caite ina measc. Feicimid aislingí, idéil chomh maith le laigí an phobail ann. Ar ndóigh, bhí neart eile scríofa aige i rith a shaoil.
  • 'An Branar gan Cur' le Breandán Ó Doibhlinn a cuireadh i gcló i 1979. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh an t-úrscéal áirithe seoi i bhfeidhm orm. Téann Ultach óg ar thuras traenach ó Bhaile Átha Cliath go Doire agus é ag machnamh ar thuras a shaoil ar a bhealach.
  • 'Súil le Breith' le Pádraig Standún a foilsíodh i 1983. Bhí plé macánta díreach ins san úrscéal seo ar aontumhacht an tsagairt agus ar chúinge agus ar fhláithiúlacht daoine. Lean 'A.D. 2016' le téamaí sóisialta comhaimseartha a phlé.
  • 'Cuaifeach mo Londubh Buí' le Séamas Mac Annaidh a foilsíodh i 1983 fosta. Tús trialóige a bhí ins sa leabhar seo óir lean 'Mo Dhá Mhicí' i 1986 agus 'Rubble na Mickies' i 1990. Caithfidh a rá gur bhain an 'Cuaifeach Mo Londubh Buí' geit tobann as lucht léitheoireachta na Gaeilge. Is cinnte gur bhain formhór an phobail seo an-sult as pléaraca spórtúil an údair seo ina raibh súgradh gan dáirire ann ó thús go deireadh. Ceannródaí eile atá ag saothrú leis go fóill.

Anois, dúirt mé ag an tús gur chríochnaigh liosta Titley i 1990 ach mar is eol do mhadraí na sráide, is iomaí úrscéal atá foilsithe ó shin agus le cuidiú Dé, beidh a thuilleadh le foilsiú san am atá le teacht. Gach seans go mbeadh an-comórtas eadarthu uilig, dá mbeimís ag iarraidh an cheann is fearr a roghnú. Molaim gur chóir do Lá, Foinse, Rnag, TG4 nó dream éigin eile a leithéid a eagrú.

Seanfhocal na Seachtaine

'Scéal an chaipín deirg,

... scéal an ghamhna bhuí,

... scéal mhadra na n-ocht gcos,

... scéal ó Shamhain go Bealtaine.'

Seo ceithre dóigh le cur síos a dhéanamh ar scéal gairid atá déanta fada.

Gluais

toghachán election

curtha san áireamh included

taighde research

de réir ord a bhfoilsithe according to order of publication

deoraí emigrant

leathnaigh broaden

eagrán edition

cnuasaigh gearrscéalta collections of short stories

cuntas samhlaíoch immaginative account

ábhar machnaimh matter to consider

príomhcharachtar main character

aontumhacht celibacy

fláithiúlacht generosity


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland