Top Issue 1-2024

4 September 2003 Edition

Resize: A A A Print

6 Sráid Fhearchair, BÁC

As part of his contribution to Heritage week, AN DRAOI RUA thought it might be appropriate to give a historical account of a particular house in Harcourt Street, a place that was of great importance between 1910 and 1922 especially. It is currently Ceannáras Chonradh na Gaeilge.

Bhí scéal mór déanta sna meáin roinnt seachtaine ó shin agus tollán aimsithe ag oibrithe a bhí ag obair ar chonradh 'luas' i mBaile Átha Cliath. Cuireadh moill ar an obair de bharr an méid a bhí aimsithe acu agus creideadh gur tháinig an tollán as 6 Sráid Fhearchair.

Tá clú ar an teach áirithe seo, uimhir a sé, mar ceannáras Chonradh na Gaeilge i láthair na huaire. Ós rud é go bhfuil Seachtain Oidhreachta beagnach anuas orainn, shíl mé go mbeadh sé oiriúnach dom trácht ar stair an tí. Mar a tharlaíonn sé, thug cara de mo chuid alt as 'Feasta Nollaig 1965' dom le déanaí. Chuir Éadhmonn Mac Suibhne ar stair an tí san alt.

Leagadh amach Sráid Fhearchair sa bhliain 1784 ar dtús. Ainmníodh an Sráid in onóir Iarla Harcourt a bhí ina Fhear Ionaid ag Rí Shasana idir 1722 agus 1776. Bhí daoine ina cónaí ann ó dheireadh an ochtú haoise déag ach ní raibh na tithe ar fad tógtha go dtí 1869.

Caithfidh a admháil gurbh iad móruaisle na tíre a chónaigh sa cheantar seo. De réir treoirleabhar a foilsíodh i 1796, chónaigh Iarla Chluain Meala, beirt barún, seachtar comhalta de theach íochtarach na parlaiminte, ball de Chomhairle an Rí agus dochtúir sa sráid.

Cheannaigh an t-Uasal Price Blackwood uimhir 6 ar léas 285 bliain ón 25ú Márta 1798. Díoladh an teach arís i 1819 le Rev. James Jones ar iontaobhas Miss Anne Seagrave. Is cosúil gur lig Miss Seagrave an teach amach ar cíos agus ghlac John Henry Newman, Reachtaire ar Ollscoil Caitliceach na hÉireann an teach ar cíos ar feadh cúpla bliana. Athraíodh seilbh an tí cúpla uair go dtí 1910.

[Dála an scéil rugadh Sir Edward Carson in uimhir 25 Sráid Fhearchair 9 Feabhra 1854.]

Ar an 21 Meitheamh 1910, dhíol caomhnóirí uimhir 6 leis an 'Sinn Féin Co-operative Bank' ar £575. Mar aon leis sin, athraíodh ceannáras Shinn Féin ó Sráid Uí Chonaill go dtí uimhir a sé fosta. Tuigtear go raibh an banc ar urlár na sráide, ardoifig Shinn Féin ar an chéad urlár agus dhá sheomra ag Art Ó Gríofa, Uachtarán Shinn Féin, os a chionn sin agus Seán Ó Cléirigh, fear an tí, ar bharr an tí.

"Cuid mhaith de stair an tí idir 1910 agus 1922, ba í stair an náisiúin í..." a deir Éadhmonn Mac Suibhne linn. Ba ó uimhir 6 a throid Sinn Féin an t-olltoghachán i 1918. Briseadh fuinneoga an tí i mí na Samhna 1918 nuair a thug slua mór faoin teach. Thug na húdaráis ordú an teach a dhúnadh i 1919. 20 Eanáir 1920 scaoileadh agus maraíodh leaschoimisinéir na bpoilíni in aice le uimhir 6.

Maidir leis an tollán sin thuasluaite, creideadh go raibh siad in úsáid ag muintir Shinn Féin le linn an ama seo. Is dócha go bhfuil níos mó clú ar Micheál Ó Coileáin mar fhear míleata agus deirtear gurb eisean a cheap an tollán a thógáil. De réir an bhéaloideasa, bhí níos mó ná doras tosaigh agus doras cúil de dhíth ag an Choileánach i gcónaí. Bhíodh Ó Coileán i dtólamh ag smaointiú fán dóigh is fearr le éalú. Tógadh an tollán áirithe seo faoin sráid chun tosaigh agus creidtear gur tógadh tollán eile ar chúl an tí.

Rinneadh cuid mhaith d'obair na Dála in uimhir 6. Bhí an Roinn Airgeadais ag Ó Coileáin ann. Rinneadh an chuid is mó den obair eagarthóireachta ar 'An t-Óglach' ansin chomh maith. Cuireadh críoch le banc Shinn Féin de bharr ordú cúirte 16 Aibreán 1923 agus cheannaigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí an teach ar £1,600.

Bunaíodh Cumann Gaelach na státseirbhíse agus i 1926 agus bhíodh cruinnithe acu ansin go dtí 1931. Ansin, cuireadh an teach ar fáil do Choláiste Mhuire.

Bhí uimhir 6 mar ionad do Ranna éagsúla de chuid an stáit ó 1938 ar aghaidh - oifig na gCustam agus An Roinn Poist agus Teileagraf ina measc. I 1965 shocraigh an rialtas ar an teach a thairiscint do Chonradh na Gaeilge mar cheannáras, áit a bhfuil siad ó shin.

Seanfhocal na Seachtaine

'Ná bí ag cuartadh na bpingin agus ag cailleadh na bpunt.'

Creidtear gurb é seo an mana a bhí ag banc Shinn Féin agus iad i mbun gnó in 6 Sráid Fhearchair, BÁC.

Gluais

tollán aimsithe tunnel discovered

ceannáras headquarters

treoirleabhar guidebook

comhalta representative

caomhnóirí governors

a thairiscint to offer

mana motto


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland