24 July 2003 Edition

Resize: A A A Print

Buntáistí Ghaelscoileanna

AN DRAOI RUA gives some of the arguments supporting Irish medium education, using some international research on bilingualism. Perhaps it may help parents deciding on 'what school'?




Creidim go bhfuil rogha déanta ag tuismitheoirí cheana féin fán cineál scoil ina mbeidh leanbh s'acusan ag dul san fhómhair. Ar ndóigh, beidh cuid acu in amhras fá chóras na nGaelscoileanna agus mhothaigh mé gurb fhiú roinnt pointí a léiriú. Bíonn argóint ciotach ag roinnt daoine go mbeidh míthuiscint ar pháistí idir dhá theanga agus is fiú an dearcadh míchruinn a cheartú.

Níl gach uile tuismitheoir sásta páiste a chur ar scoil 'ar son na cúise' agus tá fáthanna níos láidre de dhíth orthu, agus cad chuige nach mbeadh? Tá taighdí idirnáisiúnta déanta ar an dhátheangachas, i gCeanada go háirithe. Cibé ar bith, seo cuid de na buntáistí bainte le páistí a chur chuig Gaelscoileanna:

Tógfar na páistí le dhá theanga agus beidh tuiscint soiléir ar an bheirt agus iad óg.
Tá buntáistí ar leith ag páiste dhátheangach sa chóras machnaimh atá aige:
Is féidir le páiste dhátheangach smaointe cruthaitheach a fhorbairt i bhfad níos fusa ná páistí eile. "A bilingual who constantly hears two words for one thing is compelled to pay more attention to the meaning expressed... Since the bilingual has two terms for one referent, his attention is focused on ideas and not words, on content rather than form and on meaning rather than symbol. This is very important in the intellectual process as it permits greater cognitive flexibility."['Bilingual Children' Carringer, 1974]
Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach don pháiste dhátheangach an teanga cuí a roghnú, tuigtear go mbíonn sé níos tuisceana don éisteoir.
Tá taighdí déanta ar fud na cruinne ar páistí dhátheangach agus d'éirigh níos fearr leo i scrúdaithe IQ ná páistí aonteangach. - De réir torthaí scrúdaithe déanta i gCeanada, i Meiriceá, sa Bhreatain Bheag, in éirinn agus eile, d'éirigh níos fearr le páistí dhátheangach.
Cuireann an páiste dhátheangach níos mó béime ar bhrí na bhfocal ná ar na fuaimeanna agus is cosúil go mbíonn sé níos fusa dóibh rudaí a léamh dá bharr.
Forbaíonn féin-mhuinín i bpáistí dhátheangach mar is féidir leo labhairt le daoine éagsúla sna dhá theanga. Mar sin de, mothaíonn siad go dtig leo labhairt le duine ar chomhchéim agus bíonn níos mó misneach acu i gcomhluadar de thairbhe sin.
Is féidir le páiste dhátheangach teangacha eile a fhoghlaim níos fusa ná an páiste aonteangach. Tá faisnéis na pointe seo le feiceáil san Ollainn, sa Danmhairg, san Fhionlainn agus i dtír na mBáscach mar thig le muintir na tíortha sin trí, ceithre nó cúig theanga a labhairt go líofa.
Ós rud é go bhfuil an páiste dhátheangach, tá tionchar dhá chultúr air. Tá teacht aige ar dhá litríocht a thugann deis dó tuiscint níos doimhne a fháil ar an dhá chultúr. Cuireann sé aithne ar nathanna cainte, seanfhocail, scéalta béaloidis, stair, amhráin agus eile. Ní amháin sin ach bíonn sé níos tuisceana faoi dhaoine as cúlra éagsúla, as cultúir eile agus ní glactar le daoine mar strainséirí.
Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine cé hiad féin agus bíonn buntáiste ar leith ag an pháiste dhátheangach. Tuigeann an Gael go bhfuil baint aige leis na tíortha Ceilteacha eile fosta.


Seanfhocal na Seachtaine



'Is doiligh rogha a bhaint as dhá dhíogha.'

B'fhearr i bhfad an rud maith a roghnú agus gan bacaint leis an rud olc..



Gluais


argóint ciotach    misplaced arguement

dearcadh míchruinn    incorrect opinion

buntáiste    advantage

córas machnaimh    thinking process

smaointe cruthaitheach    creative thinking

fuaimeanna    sounds

féin-mhuinín    self esteem

comhluadar    company

faisnéis    evidence

tionchar    influence


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland