17 July 2003 Edition

Resize: A A A Print

Cultúr ar díol

This being the height of the tourist season AN DRAOI RUA thought it might be worthwhile to reflect on the image Ireland has for tourists and how almost anything can be sold to visitors.


Cén cineál íomhá atá cruthaithe againn in Éirinn? Chomh luath agus a thagann cuairteoirí i dtír cuireann McDonald's, Burger King agus Coca-cola céad míle fáilte rompu. Lena chois sin tá iarracht déanta Éire glas glan a thaispeáint agus daoine eile ag cleachtadh 'Paddy Whackery'. Cuirtear fadhbanna na hÉireann ar leataobh agus bíonn na ceantracha bochta agus salachar dramhaíola i bhfolach ó shúile na gcuairteoirí.

Cinnte, is maith le gach duine cuairteoirí a fheiceáil ag teacht ach is dócha gur fáilte roimh a gcuid airgid atá i gceist i ndáiríre. B'fhéidir go mbeadh sé níos ionraice do thurasóirí an t-airgead a chur sa phost chugainn agus gan teacht anseo ar chor ar bith.

Feictear go bhfuil meon an phobail dírithe ar an mhéad is féidir leo a dhéanamh ar son na turasóirí. Is léir go bhfuil daoine áirithe sásta a gcultúr féin a dhíol agus le fírinne níl mórán measa acu ar gcúlra dúchais ach gur féidir brabús de shaghas éigin a dhéanamh as.

Is cosúil go bhfuil gach uile saghas rud ar an mhargadh agus gur féidir cibé rud a dhíol ar mhaithe leis na euro naofacha. Is cuimhin liom mac léinn ollscoile ag insint dom gur cheannaigh sé mála móna ar phunt agus gur dhíol sé gach píosa do thurasóirí ar chúig phunt ar gach fód móna. Maise, bhí brabús mór déanta aige as mála amháin.

Tá aithne agam ar fhear eile a chaith cúpla punt ar sreang dhealgach agus gur dhíol sé i ngiotaí beaga é. Dúirt sé leis na turasóirí gur tháinig an sreang dhealgach ón Cheis Fhada agus sin an fáth a raibh daoine réidh praghas ard a íoc as phíosa bídeach.

Chuala mé fán duine eile a dhíol talamh ar chíos do Mheiriceánaigh ag inse dóibh fán ceantar ina raibh sé, fá na radharcanna breátha a bhí le fáil uaidh agus araile. Fuair an scéim seo tacaíocht ón Chomhairle Chontae agus cuireadh léarscáileanna agus faisnéis eile le gach margadh. Mar a tharla, ní raibh ach órlach cearnach ar cíos do gach cheannaitheoir ar feadh bliana. Maise, is iomaí órlach cearnach atá i bpáirc mór amháin.

Le déanaí, chuala mé fán chumadóir ceoil a tháinig abhus as Alban le taighde a dhéanamh ar chúlra W.B. Yeats. Bhí sé den bharúil gur chóir dó staidéar a dhéanamh ar an fhile sula ndéanfadh sé iarracht ceol a chumadh don fhilíocht. Chuaigh sé ar cuairt ar na háiteacha éagsúla inár chónaigh an file i Sligeach agus i nGaillimh. Mhothaigh sé gur chuir sé aithne níos fearr ar an fhear agus deis faighte aige tamall a chaitheamh i dtimpeallacht inár mhair sé. Níor chreid sé an oiread margaíochta a bhí déanta in ainm an fhile céanna; óstáin, tithe tábhairne agus earraí de gach sórt ar díol agus ainm Yeats breacaithe orthu. Ba é an ceann is fearr a bhfaca sé ná 'Yo-yo Yeats.' Ar ndóigh, níorbh é gur tháinig aon smaoineamh tobann chuig Yeats faoi dhúlra na tíre ach faoi dhraíocht a 'yo-yo.'

Caithfidh a admháil go bhfuil cúrsaí imithe go mór ar strae agus thar fóir sna samplaí thuasluaite agus feictear go bhfuil daoine de shíor ag smaointiú fá cleasanna éagsúla le brabús a dhéanamh. B'fhéidir go mbeadh sé níos macánta airgid a ghoid ó na cuairteoirí chomh luath agus a leagann siad cos ar thalamh na tíre.

Creidim go bhfuil sé tábhachtach ár gcultúr a chaomhnú sa dóigh is go mbeadh ár gcuairteoirí ábalta aithne níos fearr a chur orainn. Tá nós ag Bunstoc na hAstráile nach féidir le duine acu cuairt a thabhairt ar cheantar eile gan nósanna is amhráin an cheantair chéanna a chur de ghlanmheabhair. Sílim go mbeadh sé maith dá dtiocfadh linn an nós céanna a thabhairt i bhfeidhm sa tír seo.


Seanfhocal na Seachtaine


'Níl stráinséirí ar bith sa tír seo, ach cairde nár chasadh orainn go fóill.'

B'fhéidir gur chóir aithne níos fearr a chur orainn féin agus ar ár gcuairteoirí in ionad a bheith ag smaointiú fá bhrabús a dhéanamh!


Gluais


salachar dramhaíola    refuse, waste

meon an phobail    public opinion

cúlra dúchais    native background

brabús    profit

sreang dhealgach    barbed wire

radharcanna    views

léarscáileanna    maps

faisnéis    documentation

órlach cearnach    square inch

cumadóir ceoil    music composer

Bunstoc na hAstráile    Aborigines

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland